Lá Idirnáisiúnta na gCiotóg!

Nach iontach éagsúlacht an chine dhaonna?

Dath craicinn, dath gruaige, dath na súl, airde, bricíní, blas cainte agus, go deimhin, an lámh a úsáidimid!

Meastar go bhfuil timpeall 10% de dhaonra na cruinne níos deaslámhaí lena lámh chlé ná lena lámh dheas agus tá fianaise ann gur féidir an claonadh seo a thabhairt faoi deara fiú nuair atá an leanbh go fóill sa bhroinn.

Is minic a bhíonn ciotóga faoi mhíbhuntáiste mar go ndeartar beagnach gach gléas dá bhfuil ann – ó hanlaí go siosúr – le haghaidh deasóga ach ní chuireann baic mar seo stop leo ná baol air!

Bhí cuid de na daoine is aitheanta ón stair ina gciotóga, mar Leonardo Da Vinci, Charlie Chaplin, Marilyn Monroe, Albert Einstein, Marie Curie agus Jimi Hendrix.

San am a chuaigh thart bhí fochiall dhiúltach ag baint lena bheith ciotach – níl le déanamh agat ach smaoineamh ar an gciall eile a bhaineann leis an bhfocal ‘ciotach’ nó gan amhras ar an Laidin ar ‘clé’, ‘sinister’.

Tá an saol athraithe cuid mhór ó shin ar ndóigh agus ó bhí 1976 ann tá ceiliúradh domhanda ar siúl lá amháin sa bhliain chun aird a dhíriú ar chiotóga agus chun an éagsúlacht a chomóradh.

Mar chuid den spraoi inniu, Lá Idirnáisiúnta na gCiotóg, moltar do dheasóga a lámh chlé a úsáid nó díreach deoch a cheannach do do chara ciotach.

An clé abú!

SCÉALTA EILE