Ghlac mé páirt ag an deireadh seachtaine i siúlóid mhór fhada i gcuimhne ar Tom Crean (nó Tomás Ó Croidheáin), an cainteoir dúchais Gaeilge a chuaigh trí huaire go hAntartaice le Robert Scott agus Ernest Shackleton i luathbhlianta an chéid seo caite. Turas 30km a bhí ann a thug go hard os cionn Ghaeltacht Chorca Dhuibhne muid ón mBaile Breac go hAbhainn an Scáil in oirthear na leithinse.
Tá an tsiúlóid chuimhneacháin á heagrú ag an ngrúpa Annascaul Walkers (Siúlóirí Abhainn an Scáil) le tamall de bhlianta anuas i gcuimhne ar an taiscéalaí Antartaice a rugadh agus a tógadh i nGort an Chorráin, bailea beag fearainn ciliméadar nó dhó siar an bóthar ón sráidbhaile.
Shiúil Tomás Ó Croidheáin tuairim is 58km as féin trí Antartaice sa mbliain 1912 lena chomrádaithe ón long Terra Nova – Teddy Evans agus William Lashly – a shábháil óna mbás ar mhachairí reoite na críche sin.
Eagraíodh siúlóid ón mBaile Breac go hAbhainn an Scáil den chéad uair in 2013 i gcuimhne ar éacht fhear na háite céad bliain roimhe. Ghlac 40 duine páirt sa tsiúlóid chuimhneacháin an bhliain sin agus tá fás mór tagtha ar líon na ndaoine a thugann an turas crua trasna cuid de na beanna is airde i gCorca Dhuibhne. Suas agus anuas le 280 duine a bhí ar na cnoic i mbliana agus d’éirigh le os cionn 250 againn an turas iomlán a dhéanamh.
Roimh a sé a chlog ar maidin a d’éirigh muid le casadh leis an mbus ag teach tábhairne Tom Crean – The South Pole Inn – in Abhainn an Scáil ag leathuair tar éis a seacht. Tá moladh mór tuillte ag na Annascaul Walkers as an dea-eagrú a bhí ar an lá, ó mhoch maidin go deireadh an lae. Thug sé nó seacht gcinn de bhusanna na siúlóirí ón bpub go dtí an crosbhóthar ag bun an Bhaile Bhric, agus as sin a chuaigh muid suas Cosán na Naomh go barr Chnoc Bréanainn, ceann de na sléibhte is airde sa tír.

Chuaigh mé féin agus mo leathchnocadóir an bealach ar fad suas go mullach Chnoc Bréanainn ach bheartaigh cuid den chomhluadar go raibh sé róghaofar agus ceomhar agus chuaigh timpeall ar an ngualainn. As sin chuaigh muid trasna na gcnoc ó dheas go dtí an Chonair mar a raibh Siúlóirí Abhainn an Scáil ag fanacht orainn le bairín breac, torthaí, agus uisce. Níos mó ná leath bealaigh trí a bhí muid agus muid inár suí sa gcarrchlós ar bharr na Conaire agus ba ansin a d’fhág formhór na ndaoine nár chríochnaigh an tsiúlóid agus iarracht éachtach curtha isteach acu an chéad 16km a shiúil.
Agus breosla curtha sa tanc arís, thug muid aghaidh ar an gCnoc Maol Mór agus an gconair soir go Cnoc Maoilionáin. Tháinig an ghrian amach ó chlúdach na scamall sa tráthnóna agus bhí sí ag scalladh anuas orainn agus muid ag dreapadh an ’15 minutes of hell’ mar a thug duine den lucht eagraithe ar an ardú 180m+ in achar níos lú ná ciliméadar go barr Chnoc na Banóige.
Ach ainneoin a dheacra is a bhí an dreapadh ar fad (2000m ar an iomlán), ba é an siúl síos le fána ó bharr Chnoc Maoilionáin a mharaigh uilig mé. Agus na ceathrúna agus glúine spíonta, tháinig muid anuas go han-ghéar ó 600m go níos lú ná 100m sular lean muid an cosán álainn atá tógtha ag Siúlóirí Abhainn an Scáil cois abhann go gairdín cúil an South Pole Inn.
Tógadh grianghraif, bronnadh boinn, agus dáileadh na burgair agus na hispíní go fial flaithiúil tigh Hanafin ar chuile dhuine a ghlac páirt sa lá iontach i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.
Más maith leat féin Tom Crean a chomóradh an bhliain seo chugainn, coinnigh súil ar leathanach Facebook na Annascaul Walkers, nó más maith leat an turas a dhéanamh asat féin tá an GPX ar fáil ar AllTrails.