Lá Maraithe na Muice i gCorca Dhuibhne

Rinne Sláine Ní Chathaláin comhrá le Máirín Bosco Bn. Uí Chonchúir le déanaí faoin traidisiún maraithe muc i gCorca Dhuibhne fadó. Is mór an méid a d’fhoghlaim sí uaithi…

Agus NÓS ag ceiliúradh 15 bliana ar an bhfód i mbliana, caithfidh mé a rá ná fuil aon chúram agamsa a bheith ag ceiliúradh, mar ná fuil ionamsa ach éinne amháin, aon ghráinne salainn i saolré na hirise.

Tá obair na gcapall déanta in imeacht na mblianta ag eagarthóirí na hirise, ag iarraidh cás NÓS a throid agus táim sásta go ndeineadar san, i dtithe an Oireachtais agus in áiteanna eile. Áis iontach léitheoireachta agus foghlamtha í, agus deis mhór domsa a bheith cruthaitheach agus mé ag scríobh.

An t-aon ní amháin a déarfad ná go bhfuilim ag foghlaim is ag síorfhoghlaim ó mhuintir Chorca Dhuibhne, a bhfuil sé de láchas iontu labhairt go hionraic liom do sraith alt ar NÓS le cúpla bliain anuas. Is mó alt eile romham amach, le cúnamh Dé, i bhfochair carachtéirí spéisiúla.

Ós ag trácht air sin mé, bhuaileas isteach go dtí Máirín Bosco Bn. Uí Chonchúir lá agus mé amuigh ag siúl. Sea, thosnaigh sí ag eachtraí dom faoi Lá Maraithe na Muice i gCorca Dhuibhne agus thosnaíos ag taifead. Ní raibh aon choinne agam leis! Seo an méid a dúirt sí liom.

“Bhuel, mharaímis muic i gcomhair na Nollag i gcónaí. Bhíodh banaí aige m’athair agus bheifí a’ d’iarraidh iad a bheith ramhar a ndóthain le marú roimh Nollaig.

“B’fhéidir go mbeadh blianta go n-imeodh sé go dtí tar éis na Nollag ach de ghnáth roimh Nollaig agus bhídís ag lorg aimsir chruaidh, fhuar, thirim, mar d’fhéadfá an fheoil a chrochadh ar feadh tamaill níos sia agus í a bheith úr níos sia agat. Ach an lá a mharaítí an mhuic, ó a Thiarna, jab mór ar fad ab ea é!

“Bhíodh cuid dos na comharsain bailithe agus bheadh jabanna aige’s na cailíní agus jabanna aige’s na buachaillí. An jab a bhí aige m’dheartháireacha ná na madraí a bheith ceangailte isteach agus cabhrú le marú na muice mar dh’imíodh na madraí as a meabhair nuair a chloisidís an mhuic ag scréachadh. An jab a bhí aige’s na cailíní, ní raibh cead againn dul amach as an dtig go dtí go raibh an mhuic marbh ach an soicind a bheadh sí marbh, chaithfí rith amach le buicéad agus salann ina bhun chun an fhuil a bhailiú agus chaithfeá í a chorraí is a chorraí is a chorraí chun ná tiocfadh aon chnapán inti agus bheadh sé sin ag teastáil chun black puddings a dhéanamh.”

Dúirt Máirín go raibh sí á ndéanamh san go dtí go bpós sí. Múinteoir Eacnamaíochta Baile ba ea Máirín i Meánscoil na Toirbhirte agus ní haon iontas agus na scileanna san aici óna hóige.

“Ansan, lá arna mháireach, nuair a bheadh sé fuaraithe, ghearrfaí amach cuid don ngeir a bheadh ar an dtaobh istigh agus mhionófá é sin, ana-mhion ar fad, ar fad, ar fad. Chuirfí é sin tríd an bhfuil in éineacht le min choirce nó d’úsáideadh daoine eile brus aráin agus chuirfeá spíosraí deasa agus oiniúin tríd, agus ansan chaithfí iadsan a ghalú istigh i stán ar feadh tréimhse mhór fhada ama.

“Píosa pudding, rasher is ubh, bhíodh sé go haoibhinn ar fad. Bíonn sé sna bialanna mór le rá anois. Chrochfaí ansan í agus nuair a shocrófaí go mbeadh sé dainséarach í a chrochadh aon phioc níos sia, chuirfí salann uirthi. Bheadh an salann tagtha ón nDaingean. Jab mór ab ea é nuair a bhíodh an mhuic á cur ar salann. Thagadh mo mháthair chríonna amach ar an mbus ón nDaingean gach aon bhliain nuair a bhíodh an mhuic á cur ar salann. Jab freagrach mar mura mbeadh sé i gceart agat, lobhfadh an fheoil istigh sa bharraile agus bheadh bia na bliana imithe ort.”

Salann garbh a bhíodh á úsáid, píosaíocha móra.

“Bheadh fios curtha ‘an Daingean chomh maith, go dtí Tom Long ar scian chun an mhuic a shá agus ar blow lamp, agus sin é a bhíodh acu chun an clúmh a bhaint don mhuic. Roimis sin, is amhlaidh a bhearrtaí iad. Thiocfadh cuid dos na comharsain ag cabhrú ansan – nuair a ghearrfaí an mhuic gheobhadh na héinne a bhí ag cabhrú píosa don bhfeoil úr chomh maith le píosa don mbagún. Sara n-úsáidfí an fheoil úr ansan, chaithfeá na haon phíosa eile a úsáid ar dtús. Dhéanfaí an black pudding, chuirfí an teanga ar salann, an liver, na dúáin, an croí, ní fhéadfaí faic a chur i vásta. Leasófaí an ceann muice is na crúibíní, agus bhíodh na cluasa mionaithe go maith agus dheintí rud as smut dos na cluasa, na crúibíní agus an ceann go nglaotaí brawn air. Bheadh sé sort ar nós Bologna sausage an lae inniu. Bhíodh ana-chuid geilitín ann.”

Deir Máirín gur cócaire ana-mhaith ar fad ba ea a máthair agus Nell Bruic a bhí béal dorais. Ní raibh aon phaisean ar leith aici féin dó, ach deir sí nuair a bhí sí ag dul ar scoil ná raibh sí rómhaith chun mata agus ní raibh aon ghuth chun amhránaíochta aici, mar sin, ní raibh aon seans aici, dar léi, ar bhunmhúinteoireacht a fháil mar ní fhéadfá dul leis an mbunscolaíocht gan an t-amhránaíocht.

Dhein máthair Mháirín taighde agus fuair sí amach go bhféadfá a bheith i do mhúinteoir Eacnamaíochta Baile gan cheol agus gan mhata. Is go Coláiste Chnoc Síon i mBaile Átha Cliath a chuaigh Máirín chun an cúrsa a dhéanamh. Bhí ana-dhul chun cinn ina máthair, a dúirt sí, as an méid sin a fháil amach mar nach raibh aon oideachas uirthi féin.

Móin agus banaí, dhá rud go mbíodh pinginí le déanamh orthu le linn óige Mháirín. Tá cuimhne fós aici ar Lá Maraithe na Muice, agus cur síos gan cháim tugtha aici do lucht léite NÓS. Go raibh maith agat a Mháirín, ag foghlaim ó do leithéid gach lá.

Oinc Oinc!

Sonraí grianghraif: An Bailiúchán Grianghraf, B106.19.00001, Dúchas © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD, faoi cheadúnas CC BY-NC 4.0.

SCÉALTA EILE