Laochra ina Lego

Is minic caint ar aos óg an lae inniu agus an iomarca béime a bhíonn ar an teicneolaíocht ina saol.

Deirtear, mar shampla, go dtuigeann páistí chomh hóg le 3 bliana d’aois conas iPad a oibriú.

Ach in ainneoin na himní faoi dhaoine óga ag cailleadh a gcuid samhlaíochta, tá bréagán traidisiúnta amháin ann nach bhfuil srian ar a chuid ratha.

Ó tháinig The Lego Movie (agus ní an ceann seo!) amach ach go háirithe tá an comhlacht tar éis ardú suntasach a fheiceáil ina ndíolachán.

Ainmníodh Lego, atá 70 bliain d’aois, mar ‘An branda is cumhachtaí ar domhan’ dar le staidéar neamhspleách amháin i mbliana, agus ceaptar gur fiú €12.9 billiún é ar an iomlán.

Tá tóir ar leith ar Lego mar gheall ar na margaí nua atá oscailte de bharr na teilifíse agus scannánaíochta – is féidir beagnach gach aon rud a cheannach i bhfoirm Lego anois, ó The Simpsons go Harry Potter, Star Wars agus Minecraft.

Tá suíomh gréasáin ar leith, Lego Ideas, a dhíríonn go speisialta ar thograí nua a chreideann daoine gur cheart do Lego tabhairt fúthu, agus tá leaganacha neamhoifigiúla á ndéanamh ag comhlachtaí beaga sna Stáit fiú.

Mar sin, cad iad na sraitheanna Lego ar cheart dúinn súil a choinneáil amach dóibh sa todhchaí?

Tá ár rogha féin againn thíos:


Friends

lego-friends

Cén fáth nach mbeadh ceann de na cláir teilifíse is mó ar domhan riamh i bhfoirm cheann de na bréagáin is mó riamh?

Tá árasán Monica agus Rachel ón tsraith cháiliúil molta ar an suíomh ina bhfuil na príomhcharachtair go léir san áireamh.

Tá giotár beag ag Phoebe fiú!


Game of Thrones

Lego-got

Cé nach Lego oifigiúil iad seo, tá carachtair deartha ag Citizen Brick de roinnt de na pearsantachtaí is mó ón tsraith eipiciúil de chuid HBO.

An míbhuntáiste is mó? Ar an ábhar nach fíor-Lego atá sna daoine beaga buí seo, tá siad dochreidte neamhchoitianta, agus dochreidte costasach dá bharr.

Go fóill féin, má bhíonn €150 le spáráil agat, ceannaigh leat!


Top Gear UK

lego-tg

Tá an clár teilifíse a bheag nó a mhór marbh ó fuarthas réidh le Jeremy Clarkson, ach tá éileamh ar an seit aitheanta agus na láithreoirí i bhfoirm Lego go fóillín.


Cheers

Lego-cheers

Níl ach seit amháin den Lego seo ar fáil, agus tá sé le feiceáil i Legoland i mBostún Mheiriceá, áit a raibh an tsraith teilifíse clasaiceach bunaithe.

“Norm!”


Breaking Bad

Lego-bb

Mar a shílfeá, is seit neamhoifigiúil é seo fosta mar ní dócha go mbeadh Lego ag moladh na ndrugaí dá chustaiméirí óga!

Is féidir é a cheannach go fóill áfach, ar €700.

SCÉALTA EILE