Léarscáileanna nua de Chorca Dhuibhne curtha chun na gclódóirí

Tá na trí léarscáil nua de Chorca Dhuibhne a raibh Barry Dalby ó EastWest Mapping ag obair orthu le tamall curtha chun na gclódóirí aige. Tá súil ag Barry go mbeidh na léarscáileanna nua ar fáil “go luath sa bhliain in 2023”. 

Clúdófar an leithinis ar fad ar na trí léarscáil – Oirthear Chorca Dhuibhne agus Sliabh MisCorca Dhuibhne Láir: Gleann Tí an Eassaig agus Binn os Gaoith; agus Iarthar Chorca Dhuibhne. Clúdófar na háiteanna cuid de na háiteanna céanna ar imeall na dtrí léarscáil. Beidh trí leagan de na léarscáileanna ar fáil: gnáthleagan fillte, leagan fillte uiscedhíonach, agus leagan nach mbeidh aon fhilleadh ann a bheidh oiriúnach don fhrámú. Beidh líon teoranta de na léarscáileanna gan fhilleadh ar fáil. 

Tá cáil ar EastWest Mapping agus ar Barry féin i measc lucht siúil sléibhte, rianadóirí, agus daoine eile a bhíonn amuigh faoin aer as feabhas a gcuid léarscáileanna. Tá léarscáiliú déanta ag 15% den tír aige anois agus trí cheantar Gaeltachta clúdaithe aige sna léarscáileanna Sléibhte Chonamara, Acaill & Corrán agus Cliara, agus anois léarscáileanna Chorca Dhuibhne.

Chuir EastWest Mapping na sonraí léarscáilithe don leithnis ar fad ó na Blascaodaí go Trá Lí le chéile ar scála 1:25,000 agus chruthaigh na léarscáileanna nua bunaithe air sin. Dúradh níos túisce i mbliana gur scála 1:20,000 a bheadh ar an léarscáil d’Iarthar Chorca Dhuibhne agus 1:40,000 ar an dá léarscáil eile ach tá fógartha anois ag Barry gur 1:25,000 a bheidh sna léarscáileanna ar fad. Tá cuid den cheantar a chlúdaítear ar an léarscáil d’Oirthear Chorca Dhuibhne le feiceáil cheana ar an léarscáil de na Cruacha Dubha a chuir EastWest Mapping amach i mbliana. 

Dúirt Barry le NÓS go meallann ceantair “a bhfuil brí ag na logainmneacha áitiúla go fóill” go mór é agus é ag roghnú áite le léarscáiliú a dhéanamh uirthi. 

“Agus ceantar cósta agus sléibhe á roghnú agam [le léarscáiliú] is é an rud is tábhachtaí ná an rochtain phoiblí atá ar an áit. Is iondúil go roghnaím ceantair nach bhfuil an oiread sin forbartha déanta orthu agus go bhfuil brí ag na logainmneacha áitiúla go fóill. Mar sin féin, tá an díolachán tábhachtach freisin, mar ní thugtar aon maoiniú poiblí dúinn agus caithfidh muid na costais a chúitimh le díolachán mapaí. 

“Mar sin féin, rinne mé mapaí de cheantair ar nós Néifinne, Cliara, Stua Laighean agus an Staighre Dubh, áiteanna nach gcúiteodh an díolachán na costais agus an obair. Ach is léarscáileanna tábhachtacha iad seo, ar a mbealach féin,” a dúirt sé.

Tá spéis nach beag ag Barry sna logainmneacha ach bíonn cinntí le déanamh maidir le cé na hainmneacha, agus na gnéithe eile, a chuirfear ar an léarscáil chríochnaithe.

“Is féidir mapaí a chur le chéile ar chúpla bealach éagsúil agus bhain mé leas as a bhformhór acu. Bunaítear léarscáil topagrafaíochta mar seo ar íomhánna ón aer agus múnlaí digiteacha. Fágann sé sin go gcaitear ciall a bhaint as na grianghraif chomh maith le dul amach agus sonraí nach bhfuil soiléir ón íomhá a sheiceáil ar an talamh. Is obair ar leith atá i mbailiú agus rangú na logainmneacha. An chéad chéim ansin ná foinsí páipéir a sheiceáil agus ansin dul amach faoin tuath ag labhairt leis na daoine atá ina gcónaí nó ag obair san áit leis an eolas atá ar na taifid a dheimhniú nó a athrú, de réir eolas an phobail.

“Is í an aidhm a bhíonn agam de ghnáth na logainmneacha a bhaineann le topagrafaíocht na háite a chur ar an mapa — idir bhailte fearainn, abhainníní, ghleannta, phortaigh agus ghnéithe den chósta. Ní bhacaim le hainmneacha páirce den chuid is mó ach amháin sa chás go mbaineann siad le leadhbanna móra talún nó go bhfuil tábhacht staire ag baint leo. Tá go leor oibre ann!” a dúirt Barry.

SCÉALTA EILE