Tá muid meallta ar fad in oifigí NÓS ag físeán atá á mhéarscaipeadh ar na meáin shóisialta ón tráthnóna a léiríonn turas bóthair mhí na meala a rinne Edwina Guckian agus Mícheál Ó Ruairc ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
Chaith an bheirt damhsóirí ar an seán-nós coicís ag taisteal an bhealaigh ar fad ó Chionn Mhálanna, Dún na nGall, go Carn Uí Néid, Corcaigh, ina veain champála mí an Mheithimh seo caite.
Gan ach LUMIX Gh4 agus Go Pro ina seilbh aici, thaifead Edwina míreanna beaga le linn an turais atá curtha i dtoll a chéile san fhíseán iontach seo.
Ag labhairt le NÓS di, dúirt Edwina gur “rogha fhurasta” a bhí ann mí na meala a chaitheamh in Éirinn.
“Tír dhochreidte í Éire agus is breá linn í,” ar sí.
“Ó tharla gur minic mé thar sáile leis an damhsa, bheartaigh muid mí na meala a chaitheamh sa bhaile in Éirinn.”
Idir na ceoltóirí agus damhsóirí, an tírdhreach álainn agus na hainmnithe fiáine, is féasta súile agus samhlaíochta atá san fhíseán, agus é inchurtha – nó níos fearr – le físeán de chuid Fáilte Ireland nó dream dá mhacasamhail.
Gné speisialta den turas ná gur fhan siad amach ó na tarraingtí móra turasóireachta.
“Bheartaigh muid aghaidh a thabhairt ar na bothairíní beaga, agus tugadh a fhad le tránna iargúlta, sean-dúnta agus fothraigh eile muid. Bhí seoid den scoth i gach contae!” ar sí.
“Mholfainn go mór do dhaoine Slí an Atlantaigh Fhiáin a dhéanamh i veain champála mar go dtugann sé saoirse iontach duit agus mothaíonn tú níos cóngaraí don nádúr san oíche.”
Cé nach raibh sé i gceist ag Edwina agus Mícheál físeán a dhéanamh den turas, tá muidne, agus breis agus 6 mhíle duine eile a bhreathnaigh air le cúpla uair an chloig anuas, an-sásta go ndearna!