Coicís ó shin, bhí timpiste bheag agam ag mo theach sa Bhruiséil. Shleamhnaigh mé agus mé ag dul síos staighre, thit mé agus ghortaigh mé mo mhuineál. I dtosach báire, mheas mé go raibh mé i gceart — ní raibh an phian ródhona.
An mhaidin dár gcionn, thuig mé go raibh sé níos measa nár mar a cheap mé. Ceithre lá ina dhiaidh (agus dhá thuras ag an ionad timpiste agus éigeandála déanta agam), dúradh liom go raibh mé tar éis an dara veirteabra a bhriseadh, agus go mbeadh orm teanntán (nó “brace“) a chaitheamh leis an gcnámh a leigheas. Chaoin mé uisce mo chinn.
Tuige? Bhí mé thar a bheith buartha. Ar an gcéad dul síos, níor thuig mé cé chomh dáiríre is a bhí an gortú agus scanraíodh an t-anam asam nuair a insíodh dom go raibh mé faoi bhagairt pairilise ag an am. Dúirt cara (ar dochtúir é) liom go dtugtar “briseadh an lucky bastard” ar an mbriseadh seo.
Chomh maith, tá mé le post nua a thosú an samhradh seo, post iontach, céim chun tosaigh, le foireann mhaith a bhfuil mé ag súil go mór leis, agus bhí faitíos orm go dtabharfaí an bóthar dom sula mbeadh deis orm é a thosú, fiú.
Anuas air sin, rud atá chomh seafóideach, bhí mé le dul go Fleetwood Mac an oíche sin agus thuig mé, faoi dheireadh, nach mbeidh mé in ann freastal ar an gceolchoirm. Mhothaigh mé, den chéad uair, i m’aonar agus mé i mo chónaí thar lear. Nóiméad an-uaigneach a bhí ann, ag caoineadh os comhair dochtúra agus ag iarraidh mé féin a mhiniú trí mheán na Fraincise go héifeachtach.
Coicís ina dhiaidh, tuigim gur “lucky bastard” mé. Táim in ann siúl, labhairt, agus níor rinneadh aon damáiste néareolaíoch dom, buíochas le Dia. Tháinig mo Mham amach chugam láithreach agus chaith sí deireadh seachtaine liom fad is a chuaigh mé i dtaithí leis an “brace” – an phian ag teacht agus imeacht ar nós na taoide, agus mé sáinnithe faoi chúng an teanntáin seo.
Cruinniú eile leis an dochtúir déanta agus thug sé cead dom teacht abhaile. Sin an áit ina bhfuilim faoi láthair ag scríobh an ailt seo. Bhí m’fhostóirí thar a bheith tuisceanach, agus mé an-bhuíoch díobh. Tugadh síneadh ama dom agus beidh mé ag tosú níos deireanaí sa samhradh. Dúradh liom gan a bheith buartha faoin obair ach fós léim mo chur riomhphostanna — aon uair a sheolaim ríomhphost chuig comhghleacaí, deirtear liom go cairdiúil nár cheart dom bheith ag obair. Ach sin mar atáim.
Tá am agam anois am a chaitheamh le mo mhuintir. Thuigfeadh éinne a thóg an bád bán cé chomh sciobtha is a théann laethanta saoire ag an mbaile; tá an oiread sin le déanamh, an oiread sin daoine le bualadh leo. Imíonn a t-am uait agus fágtar scriosta agus díomách tú ag an deireadh. An babhta seo, táim ag ligean mo scíthe agus tagann daoine CHUGAMSA — athrú ollmhór.
Táim ag glacadh sosa ón obair. Bhí iontas ar go leor daoine nuair a dúirt mé leo nach raibh mé ag dul ar saoire sula dtosaím mo phost nua. Meabhraíodh dom gur cheart sos a thógáil agus dúirt mé leo nach dteastaíonn sé uaim. Tá sos á ghlacadh agam faoi láthair, agus mé ag teacht ar thuiscint ar cé chomh fiúntach is atá sé sin.
Osclaíodh mo shúile ar bhrú agus strus an tsaoil chomh maith, agus mé in iarthar an Chláir. Tá an saol níos moille agus níos taitneamhaí anseo — fad is atá an ghrian ag taitneamh. Tá béim ar an gclann, ar an gcomharsan, ar an gcara nach mbíonn ann sa gcathair. Agus muid ag rásaíocht ó áit amháin go háit eile, ag léamh an nuachtáin ar an bhfón, ag bualadh le daoine ag am lóin agus tar éis na hoibre (ach gan comhrá ceart a bheith againn leo), is ag cur brú orainn féin a tá muid. Anseo, ritheadh liom nach fiú an útamáil seo ar fad, agus ba cheart dom cuimhneamh air sin nuair a fhillim ar an gcathair.
Níor smaoinigh mé riamh go mbeadh orm an brace a chaitheamh ar feadh an tsamhraidh (níl cead agam é a bhaint díom ar chor ar bith). Bhí orm mo laethanta saoire (Éire, Ibiza, b’fhéidir an Chróit) a chur ar ceal. Ní féidir liom dul ag snámh san fharraige nó dul ag rith faoin tuath. Ach b’fhéidir gur thug an brace saoirse dom ar bhealach eile.
P.S. Buntáiste eile: níl mo Mham ag moladh dom dul ar Tinder níos mó — faoiseamh eile, faoi dheireadh 😉