Mo mháthair

Cothrom an lae seo dhá mhí ó shin chaill muid mo mháthair, Mary Connolly.

Bhí sí 56 agus ag troid in éadan ailse inchinne le dhá bhliain go leith.

Mar theaghlach thriail muid beagnach gach rud chun an lámh in uachtar a fháil ar an siad ionsaitheach agus, ar feadh fada go leor, bhí ag éirí léi.

Bhí mo mháthair i gcónaí measartha aclaí – théadh sí féin agus m’athair amach a shiúl le chéile gach deis dá raibh acu – agus d’ith sí bia folláin, ach rinne muid athrú radacach ar a haiste bia go luath i ndiaidh di an diagnóis a fháil.

Ní saineolaithe mé ná mo dheirfiúr, ná baol air, ach tar éis do mo mháthair dul trí chúrsa amháin radaiteiripe – a dhéanann dochar níos minice ná a mhalairt – bhí a fhios againn go gcaithfeadh roghanna eile a bheith ann.

Luigh muid isteach ar an taighde agus b’oscailt súl é an méid eolais atá ar fáil – eolas nach gcluinfidh tú ó mhórán dochtúirí – faoin ról a bhíonn ag bia, deoch agus dearcadh saoil sa troid i gcoinne tinnis de chineál ar bith, ailse san áireamh.

Seans go gcaithfeadh an bhunaíocht leighis amhras ar chuid de na córacha éagsúla ach tá fianaise ann ó gach cearn den domhan gur féidir leo cabhrú go mór chun ailse a chloí.

Thriail muid cur chuige darb ainm an Budwig Diet ar dtús – ansin forbhianna eile agus teiripí ‘malartacha’ – agus faoin am seo anuraidh is ar éigean a bheadh a fhios agat go raibh ailse uirthi ar chor ar bith, a bhuí sin den chuid is mó lena haiste speisialta bia agus lena meon dearfach nádúrtha.

Faraor, níor leor é sa deireadh.

D’éirigh sí ní ba laige ag deireadh na bliana seo caite agus shleamhnaigh sí uainn – m’athair, mo dheirfiúr agus mé féin thart uirthi ina leaba féin sa bhaile – Dé hAoine 17 Aibreán.

Cén fáth nár oibrigh na córacha leighis – traidisiúnta ná malartacha – do mo mháthair ar bhonn fadtéarmach?

Níl freagra díreach agam ar an cheist sin, ach ní bheadh aon leisce orm moladh do dhuine ar bith eile a bhfuil gaol leis nó léi ag fulaingt de bharr ailse a thaighde féin a dhéanamh agus triail a bhaint as gach féidearthacht, na cinn sin taobh amuigh den ghnáthchóras leighis ach go háirithe.

Seans go n-oibreoidh siad duitse.

Is fiú fosta an tionchar a bhíonn ag aiseolas gairmithe sláinte ar théarnamh an othair a fhiosrú mar tugann na staidéir is déanaí le fios gur féidir leis na freagairtí sin dul i bhfeidhm go mór ar aigne an othair, agus ar bhealach is leigheas ann féin é má thugtar an t-aischothú sin le misneach agus dearfacht.


mommy

Diaidh ar ndiaidh tá pian, easpa agus brón bhás mo mháthar ag dul i léig agus a grá, a cuimhne agus a híomhá ag treisiú i m’intinn.

Ach go fóill féin bím ag súil go siúlfaidh sí isteach i dteach mo thuismitheoirí le haoibh ghalánta ar a haghaidh nó go gcuirfidh sí scairt orm le plean nua dá cuid a roinnt liom, nó díreach le heileo a rá ina glór mealltach séimh.

Dúradh liom minic go leor go raibh blas beag Meiriceánach fós le mothú ar an ghlór céanna – rugadh i Nua-Eabhrach í do thuismitheoirí Éireannacha a d’fhill abhaile tar éis tamaill – ach níor aithin mise mórán riamh é.

Glór mo mháthar a bhí ann, agus is beag fuaim ar domhan níos binne le duine.

Is beag bris níos géire ach an oiread nuair a thagann tost, faoi dheireadh, ar an fhuaim sin agus fios agat nach gcluinfidh tú choíche arís í ach amháin ar sheánfhíseáin nó ó theachtaireachtaí glórphoist do ghutháin.

Tá rudaí áirithe ann áfach a laghdaíonn géire na péine agus domh féin seasfaidh an teach faire amach go deo.

Ar bhealach is geall le brionglóid aisteach iad na laethanta grianmhara brónacha sin i lár mhí Aibreáin ach ar bhealach eile feicim aghaidh gach duine a tháinig chuig an fhaire go soiléir go fóill.

Tagann an bás chugainn ar fad, mothaíonn muid uilig an briseadh croí sin ag am amháin nó ag am eile inár saol, agus is ón eispéireas coiteann sin mar dhaoine daonna a thagann an chomhbhá in am an bháis.

Tá sé d’ádh orainn anseo in Éirinn go bhfuil traidisiún na faire fós beo i mórchuid na tíre ina dtagann clann, cairde agus an pobal áitiúil ar fad le chéile chun slán a fhágáil leis an mharbh ionúin.

Na céadta cupán tae agus ceapaire, cártaí comhbhróin, suíocháin bhreise, tuilleadh plátaí, foclaí deasa ón chroí díreach ag an mhóimint cheart…

Níl aon treoirleabhar ann faoin bhealach is fearr le teach faire a reáchtáil – tarlaíonn sé go horgánach le comhthuiscint anaithnid éigin aniar ó na cianta.

Agus is álainn an rud é.

Tá spreagadh, fuinneamh, spraoi, samhlaíocht agus áilleacht mo mháthar beo i m’aigne, agus beidh go deo, ach ní bhíonn gach gné de shaol tuismitheora ar eolas ag a pháistí.

Thaitin sé go mór liom scéalta úra faoina hóige a chluinstin ag an fhaire ó sheanchairde scoile léi nó fáil amach ó chúpla múinteoir óg gur chuir mo mháthair ar a gcompord iad nuair a bhí siad i mbun agallaimh le haghaidh poist sa choláiste inár oibrigh sí.

Scéalta beaga pearsanta ach scéalta tábhachtacha a chuireann leis an phictiúr atá agam dithe i m’intinn.

Ar iliomad cúiseanna chuidigh an teach faire – agus a tórramh ina dhiaidh sin – liom glacadh níos fearr lena bás agus mhéadaigh sé mo bhród as an saol a chaith sí inár measc… rud a shíl mé a bheith dodhéanta.


barr-an-fheadain

Blianta fada sular bhuail an siad í dúirt mo mháthair le m’athair go raibh sí ag iarraidh bheith créamtha nuair a gheobhadh sí bás agus go scaipfí a cuid luaithrigh ag deireadh an bhóthair sa bhaile.

Ar ndóigh rinne muid ar fad magadh beag den ráiteas ag an am, ag rá léi gurbh fhada uaithi an lá sin.

Níorbh amhlaidh a bhí ar an drochuair.

Seachtain is an lá inniu, mar sin, ar 10 Meitheamh – a 57ú breithlá – agus an ghrian ag scoilteadh chlocha Ard Mhacha Theas, rinne muid de réir a méine agus scaip muid a luaithreach ar chosán aoibhinn féir ar chúl Bharr an Fheadáin (thuas).

Áit ar leith í seo atá suite os cionn Loch Cairlinn le sléibhte Chuailgne ar thaobh amháin agus Beanna Boirche ar an taobh eile.

Bhíodh mo thuismitheoirí ag siúl le chéile ann go mion minic agus Dé Céadaoin seo caite b’fhusa a fheiceáil cad chuige.

Dúirt mo dheirfiúr, mar aon le deirfiúracha mo mháthar, dán ina honóir agus ghlac muid seal lena cuid luaithrigh a spré san aer, iad ag titim ar an fhéar, ar an aiteann agus ar na bláthanna gleoite atá m’athair ag cur taobh leis an chosán beag le roinnt seachtainí anuas.

Bíonn radharc speisialta ón áit de ghnáth ach domh féin, do mo theaghlach agus do gach duine a ndeachaigh mo mháthair i bhfeidhm orthu le linn a saoil, tá gné níos speisialta arís ag baint leis anois.

Radharc inspioráideach é ar go leor bealaí, díreach foirfe do bhean a bhí mar inspioráid agam riamh, agus a bheidh go deo.

SCÉALTA EILE