Moltaí bronntanas i gcathair na Gaillimhe

An dteastaíonn uait táirgí áitiúla a cheannach an Nollaig seo? An bhfuil iarracht á déanamh agat tacaíocht a thabhairt do shiopadóireacht inbhuanaithe na laethanta seo? Tá roghanna iontacha ar fáil duit más i gcathair na Gaillimhe atá tú lonnaithe!

Hazel Mountain Chocolate – Maisiúcháin Inite €45

An dtaitníonn seacláid le do ghrá geal? Tá táirgí fíor – speisialta ar fáil ó shiopa Hazel Mountain Chocolate i mbliana. Tá maisiúcháin cruthaithe acu is féidir a chrochadh ar do chrann ach chomh maith leis sin, is féidir é a ithe! Ní thig leat sin a shárú!

Mishnóc – Málaí Leathair – €159

Tá clú ar tháirgí leathair Mishnóc ó a d’oscail an siopa i gcroílár chathair na Gaillimhe i 2011. Cuireann siad béim ar éagsúlacht an bhranda, le táirgí lámhdhéanta a ndéanamh acu agus iad ag seachaint an olltáirgeadh. Tá málaí leathair galánta ar fáil i ndathanna éagsúla agus is bronntanas álainn iad do dhuine ar bith. Tá costas €159 ar na málaí agus €210 más fearr leat ceann níos mó.

My Shop… Granny Likes It – Cártaí Imeartha Galway Pubs – €15

Thig leat na cártaí seo a aimsiú i siopa beag ealaíona & ceardaíochta My Shop … Granny Likes It lár na cathrach. Tá réimse leathan táirgí áitiúla ar fáil sa tsiopa, a thugann tacaíocht do dhearthóirí Gaelacha. Beir leat na cártaí seo – is inspioráid iontach iad má theastaíonn smaointe uait le haghaidh coinne! Pioc cárta éagsúil achan tseachtain agus is féidir cuairt a thabhairt ar cibé teach tábhairne atá ar an gcárta sin le do chara nó do chéile!

Ór – Muince Ogham – €79

An seodra a theastaíonn uait an Nollaig seo? Tá bailiúchán pearsanta cruthaithe ag na seodóirí Ór, atá lonnaithe ar shráid na siopaí i nGaillimh. Thig leat litir a fháil i bhfoirm Ogham ar mhuince galánta órdon duine speisialta i do shaol! Beidh tú ag tacú le comhlacht neamhspleách mar go gcruthaítear na muincí seo go hinmheánach!

 McCambridges – Jin Grace O’Malley €35

Tá a fhios ag an domhan agus a mháthair go dtig leat braith ar McCambridges i gcónaí le féirín speisialta a aimsiú don duine speisialta i do shaol! Tabhair cuairt ar an siopa an Nollaig seo le súil a chaitheamh ar an réimse leathan biotáillí atá ar fáil ann, go háirithe jin áitiúil darb ainm Grace O’ Malley. Beidh éileamh ort má thugann tú an deoch galánta seo mar bhronntanas do dhuine éigin i mbliana! Sláinte!

SCÉALTA EILE