Monopoly Jr. as Gaeilge á sheoladh do Lá Spraoi na Gaeilge

Seolfaidh an Siopa Údar leagan Gaeilge den chluiche réadmhaoine Monopoly Jr. ar an tseachtain seo chugainn do Lá Spraoi na Gaeilge i Leitir Ceanainn. Díríonn an leagan seo den chluiche mór le rá (a eisíodh den chéad uair in 1935) ar pháistí agus ar dhíograiseoirí Gaeilge, ag baint úsáid as ceantair agus ionaid a mbeadh na Gaeil óga cleachta leo.

Tá an Siopa Údar, gné thrádála de Ghlór na nGael, ar na príomhsholáthraithe do chluichí Gaeilge. Agus seoladh an chluiche úir ag teacht go luath, dúirt an Siopa Údar:

“Creidimid gur chóir go mbeadh foghlaim na Gaeilge taitneamhach agus ar fáil do chách, go háirithe páistí. Trí chluichí coitianta ar nós Monopoly Jr. a ionchorprú i bhfoghlaim na Gaeilge, tá súil againn glúin nua cainteoirí Gaeilge a spreagadh.”

Tá Glór na nGael ag súil go mbeidh an cluiche ina áis úsáideach do theaghlaigh, scoileanna agus imreoirí idir óg agus sean leis an Ghaeilge a chleachtadh agus siamsaíocht agus spraoi a sholáthar ag an am chéanna.

Leis an chluiche úr gheobhaidh imreoirí clár cluiche ildaite le háiteanna cosúila leis an phictiúrlann, an sorcas agus an clós súgartha. Cuirtear rialacha níos simplí atá oiriúnach d’imreoirí óga i bhfeidhm sa leagan seo, agus dearadh Clár agus píosaí imeartha ardchaighdeáin chun cur leis na huaireanta súgartha.

Is é seo an dara leagan Gaeilge den chluiche Monopoly. Eisíodh an chéad chluiche Gaeilge, Monopoly: Glór na nGael, in 2015. Scaradh an clár imeartha ina cheithre chúige agus ceantair amhail Clochán an Aifir,  Cluain Mhic Nóis, agus Corrán Tuathail le feiceáil air.

Seolfar Monopoly Jr. as Gaeilge ar an 11 Bealtaine sa Phuball ag 15:00. Beidh an Siopa Údar ann leis an chluiche úr agus cluichí iontacha eile a dhíol ar an lá. Is féidir Monopoly Jr. Gaeilge a cheannach ar shuíomh idirlín an Siopa Údar ón deireadh seachtaine chéanna ar aghaidh.

SCÉALTA EILE