Múinimis do ghasúir glacadh le cách

Tháinig scéala as Meiriceá an tseachtain seo a chuir as go mór dom agus mé á léamh. Buachaillín beag naoi mbliana a chuir lámh ina bhás féin an tseachtain chéanna inár fhulaing sé bulaíocht homafóbach ar scoil. 

Is cosúil gur aithin Jamel Myles as Denver, Colorado, ann féin go raibh sé aerach agus gur thug sé an méid seo le fios dá mháthair, Leia Pierce. Bhí sé compordach leis seo, is cosúil, agus bhí sé breá sásta a rá leis na gasúir ar scoil chomh maith gur buachaill aerach a bhí ann. 

Faraor, ní raibh na daoine a bhí ar scoil leis chomh compordach céanna. De réir an méid atá ráite ag máthair Jamel, rinneadh bulaíocht uafásach ar a mac ar feadh tréimhse cúpla lá, agus is é deireadh an scéil ná gur cuireadh deireadh le saol go tragóideach. 

Tarraingíonn eachtra mar seo caint. An cheist is mó atá agam féin ná an easpa tuisceana atá léirithe ag go leor. Is é sin, tá sé feicthe agus cloiste agam le dhá lá daoine ag ceistiú cén chaoi a mbeadh a fhios ag buachaill naoi mbliana go raibh sé aerach? Seachas breathnú ar an gceist mhór, is é sin, cén chaoi a bhfuil fhios ag gasúir naoi mbliana chun bulaíocht a dhéanamh ar bhuachaillín aerach?

Tá ceisteanna á gcur freisin ar mháthair an bhuachalla, ag rá gur cheart di comhairle a bheith curtha aici air, fanacht ciúin, agus a rún a choinneáil leis féin. Sin comhairle iontach, ag moladh do dhuine óg iad féin a chuir i bhfolach seachas breathnú ar thuismitheoirí eile nár chuir stop le bulaíocht, má bhí a fhios acu go raibh sé ag tarlú, nó a labhair le nimh ar dhaoine homaighnéasach ós comhair a gcuid gasúir féin. 

Chomh maith leis sin, tá argóint á déanamh ag daoine ag rá go bhfuil gnéasú á dhéanamh ar ghasúir agus iad i bhfad ró-óg, cailíní ach go háirithe agus seo toradh ar sin. Tá difríocht mhór idir éadach gríosaitheach a chuir ar chailín beag, agus múineadh de ghasúir faoi ghneaschlaonadh. 

Sin é ár ról mar shochaí, mar thuismitheoirí agus sa scoil. Ceann de na róil is tábhachtaí atá ag an scoil nó sóisialú a dhéanamh ar pháistí, agus múineadh dóibh glacadh le cách, go múinte. 

In áit a bheith ag ceistiú ‘an tseafóid’ a bhí ar an mbuachaill beag a cheap go raibh sé aerach, ba cheart go mbeadh muid ag ceistiú an ualaigh a bhí chomh trom sin ar a chroí beag gur mhothaigh sé nach raibh aon leigheas ar domhain sách mór. 

De réir taighde a rinneadh in Ollscoil Chicago sa mbliain 2000, tá a fhios ag buachaillí naoi mbliana cén claonadh atá leo, agus bíonn a fhios ag cailíní faoin am go mbíonn bíonn siad deich mbliana d’aois. B’fhéidir go bhfuil sé in am againne mar dhaoine ‘aibí’ breathnú ar an gcead atá cuid againn fós ag tabhairt do ghasúir bulaíocht a dhéanamh ar ghasúr eile, mar gheall ar rud éigin atá ‘mí-cheart’ leo. 

Má chuaigh an t-alt seo i bhfeidhm ort, is féidir teagmháil a dhéanamh leis na Samáraigh (www.samaritans.org) nó Pieta House (www.pieta.ie)

SCÉALTA EILE