Na 10 Gael is Gnéasúla

Ag machnamh liom lá amháin thug mé faoi deara gur iomaí Gael atá thar a bheith gnéasúil (heyiz 😉), agus bheartaigh mé go raibh sé thar am ‘Réalta Ghnéasúil na nGael’ a aimsiú.

Agus mé ag iarraidh a bheith chomh daonlathach agus is féidir, d’eagraigh mé suirbhé poiblí le bhur gcuid moltaí a fháil maidir leis na réaltaí gnéasacha a raibh Gaeilge acu.

Tá mé iontach buíoch díobh as na 350 iarratas a tháinig isteach.

Ba léir agus mé ag léamh tríd an liosta fada áfach, nárbh fhéidir liom duine amháin a roghnú, mar a bhí beartaithe agam an chéad lá.

Bhí an iomaíocht ró-ghéar, agus na huimhreacha chomh gar sin dá chéile nach mbeadh sé cothrom duine amháin a chur ar bharr na n-iomaitheoirí mealltacha eile.

An réiteach ar tháinig mé air ná na daoine is mó vóta a chur ina ngrúpaí éagsúla.

Seo chugaibh mar sin, Réaltaí Gnéasúla na nGael, dar libhse!


Teilifís – Caitlín Nic Aoidh

Roghnaigh sibh an láithreoir aimsire agus leanúnachais Caitlín Nic Aoidh.

Is minic do na meáin éagsúla a bheith ag labhairt faoin mbean seo, go háirithe tar éis a cuid tuairiscí aimsire splancúla ar Oíche Shamhna!

Leis an fhírinne a insint, mhol roinnt agaibh ‘Caitlín Eile’ freisin ach ní fhéadfaí an fíor-Chaitlín Chonallach a shárú!

https://www.instagram.com/p/BMZ5cmYhEHg/?taken-by=caitlinnicaoidh&hl=en


Raidió – Bláthnaid Ní Chofaigh

Tá gean ag muintir na hÉireann ar Bhláthnaid le blianta anuas, ó laethanta Echo Island ar aghaidh.

Bean láidir, a bhfuil tuairimí láidre aici freisin.

Is fianaise í Bláthnaid go bíonn mná rua teasaí mealltach!


Carte Blanche – Chris Greene

Bhíodar ann nach raibh a fhios acu go bhfuil Gaeilge ag an láithreoir seo ó 2FM – ach tá an rún sceite anois!

Is as Conamara do Chris ó dhúchas, faoi mar a luaigh sé ar a chlár Chris and Ciara le déanaí, agus é ag fiafraí dá chuid éisteoirí vótaí a chaitheamh ar a shon sa suirbhé seo. (Agus is iad atá dílis!)

Fear gnéasach Conamarach é nach n-íocann as an ngaineamh a thógann sé ón trá! #te


Ceol – Liam Ó Maonlaí

Bhí ionadh orm a laghad ainmneacha ceoltóirí a bhí ar an liosta, mar go dtuigimid uilig go méadaíonn dathúlacht an duine as cuimse agus iad in ann uirlis a sheinm nó amhrán a rá.

Bhuel is é Liam Ó Maonlaí an ceoltóir leis na vótaí is mó. Eisean a chuir an ‘hot’ in ‘Hothouse Flowers’ dealraíonn sé, agus dar libh nach bhfuil deireadh lena ‘Ré’ mar réalta ghnéasúil go fóillín!

Seo físeán dó ón chartlann… go hááálainn!


Clann – Muintir Sheoige

Fuair na deirfiúracha Seoige as Conamara na hainmniúcháin is mó as aon teaghlach amháin!

Níl le déanamh ach súil a chaitheamh ar Ghráinne agus Síle le fáil amach cén fáth.

Tá siad go haoibhinn!


Spórt – Dara Ó Cinnéide

Bheifeá ag súil le hainm Dhara a fheiceáil ar liosta den chineál seo! Imreoir láidir ligthe lúfar a bhfuil Gaelainn álainn na Mumhan aige.

Ní hamháin gur bhuaigh sé trí cinn de bhoinn Uile-Éireann sa pheil, ach eisean a bhí mar chaptaen ar fhoireann Chiarraí nuair a bhuaigh siad in 2004. (Féach anseo!)

Is minic anois a bhíonn Dara le feiceáil ar an teilifís nó i mbun tráchtaireacht spóirt ar raidió!

Ar luaigh mé gur sárscríbhneoir atá ann chomh maith? Ní gá a thuilleadh a rá!


Stair – Cú Chulainn agus Gráinne Mhaol

Dealraíonn sé nach ndéanann lucht na Gaeilge dearmad orthu siúd a bhí ann romhainn, agus beirt ó stair na tíre ar an liosta – Cú Chulainn agus Gráinne Mhaol.

Is cinnte go bhfuil Cú Chulainn cróga glioscarnach i measc na réaltaí seo.

Is iomaí eachtraí atá luaite leis an laoch Gaelach agus má mheallann fir bhreátha théagartha do spéis, is cinnte go bhfuil sé gnéasúil!

Reibiliúnach, mairnéalach, agus bean iomráiteach nár smachtaíodh riamh – ní haon ionadh gur athscríobh an Piarsach Óró Sé Do Bheatha Abhaile le Gráinne Mhaol a bheith lárnach ann.

Buntáiste amháin a bhaineann le Gráinne Mhaol nó Cú Chulainn a bheith mar réalta ghnéasach ná gur féidir linn ar fad ar n-íomhá féin a chruthú dóibh, bunaithe ar na tréithe is mó a thaitníonn linn.

Céard a cheapann sibh faoi na ráflaí go mbeidh Michael Fassbender ag glacadh ról Chú Chulainn má dhéantar scannán faoi?

Déanaigí teagmháil linn maidir le cé na haisteoirí cáiliúla a roghnóidh sibhse do pháirt Chú Chulainn agus Ghráinne Mhaol araon!


Hollywood – Cillian Murphy

Nár laga Dia sibh, ní dhearna sibh dearmad ar Ghaeilge Chillian, caithfidh gur fhág an fear rian oraibh!

Ní gá dom Cillian a chur i láthair, tá sé feicthe agaibh i mórscannáin Hollywood le blianta anuas, agus beidh deis eile agaibh breathnú ar Chillian ar an scáileán mór sa scannán Dunkirk i mbliana.

Seo físeán de Chillian ag aisteoireacht i nGaeilge:


Sin é an liosta!

Is gá dom a rá go bhfuil roinnt daoine nach bhfuil ar an liosta seo ach a fuair an-chuid vótaí.

Faraor bhí orm srian áirithe a chur leis nó ní bheadh san alt seo ach liosta mór fada de gach aon Ghael, mar nach álainn muid ar fad?

SCÉALTA EILE