Na 5 rud ab fhearr faoin Seaview


Bhí drochscéal ann aréir nuair a bhris an nuacht go mbeadh doirse Óstán an Seaview i nGaoth Dobhair ag druidim go buan, agus 35 post caillte ag an bhaile.

Thug na mílte cuairt ar an óstán agus ar an chlub oíche thar na blianta, idir mhuintir na háite, mhúinteoirí na gColáistí Samhraidh, cheannairí agus eile, agus cé gur am brónach é níl aon amhras ach go bhfuil cuimhní maithe ag gach duine ar an ionad.

Seo cúig cinn a sheasfaidh amach go deo…

Teach Sheáin Óg le toiseacht

Cluiche pool, giota ceoil, cúpla pionta Bulmers. OK, síos an bealach linn.

sean-ogs-02

An chéad leathuair

Tá tú giota luath agus níl duine ar bith ar an urlár… gabh SOLO.

Na Vengaboys

Bhí na Vengaboys OLLMHÓR nuair a chuir siad amach ‘We’re going to Ibiza’… in 1998. Ach bhí an teach lán go béal nuair a tháinig siad go Gaoth Dobhair in 2008.

vengaboys

Aftershock, WKD agus tuilleadh Aftershock

Sú Damhsa. Ní raibh caint ar Jägerbombs san am sin, ach cuir le chéile iad agus beidh leat.

deochanna

“Gréim Gasta nó Peppers?”

Is cuma cad é an freagra. Beidh curry chips agat.

scealloga

Céad slán ag an Seaview.

SCÉALTA EILE