Na 5 smaoineamh a bhíonn agat ar Dhomhnach Cásca

Tá an Cháisc linn agus níl rud ar bith níos deise ná cúpla lá saoire a thógáil, seacláid a ithe, agus na cosa a chur in airde.

Seo 5 rud gur dócha a rithfidh leat ar Dhomhnach Cásca…


Tá an Carghas thart!

muscailt

Músclaíonn tú ar maidin agus tógann sé soicind chun cuimhneamh… tá Domhnach na Cásca ann!

Tar éis breis agus 6 seachtaine tá cead agat seacláid a ithe / pionta a ól / logáil isteach go Facebook agus Twitter arís.

Nach tú atá sásta!


Ugh… Aifreann

aifreann

Tá neart againn ann nach mbacann leis ach tá daoine eile ann a rachaidh (nó a mbeidh orthu dul) ar Aifreann fada na Cásca.

Agus níl tú fiú i do dhúiseacht mar is ceart nuair a bhuaileann sé thú.

Níos measa má tá cónaí ort le do thuismitheoirí go fóill, níl bealach ar bith as agus tagann cnag ar an doras gach cúig nóiméad.


Seacláid!

seaclaid

Tá an tAifreann thart…“Buíochas le Dia”.

Anois is féidir díriú ar rudaí níos tábhachtaí, ar nós trí ubh Chásca a ithe roimh am dinnéir.


Ní mhothaím go ró-mhaith…

an-iomarca

Bhí fhios agat nár cheart an coinín Lindt deireanach sin a ithe.

Ba leor an cúigiú ceann.

Caitheann tú an uair an chloig deireanach gar don seomra folctha, ar eagla na heagla…


Cén t-am a n-osclaíonn an pub?

deoch

Tagann an oíche agus tosaíonn na teachtaireachtaí téacs ag teacht isteach.

“’Bhfuil sé ar oscailt go fóill? Cén t-am a ndúnann sé anocht? 12rn? 1rn?”


Beannachtaí na Cásca oraibh a Nósadóirí!

SCÉALTA EILE