Na 7 rud is fearr faoi Éirinn na 90í

Idir iPhones, Leathanbhanda agus Netflix, ag staidéar ar choláiste nó ag obair go lánaimseartha – bíonn sé éasca go leor dearmad a dhéanamh ar laethanta níos simplí.

Na laethanta sin nuair nach raibh trácht cloiste againn go fóill ar 3G ná Wifi, agus nuair a bhí an t-ádh dearg ort má bhí níos mó ná 4 nó 5 cainéal agat ar do TV.

Ar ndóigh, bheadh sé dochreidte deacair liosta iomlán a chur le chéile a chlúdaíonn gach uile rud ónár n-óige sna deich mbliana deireanacha sin den 20ú céad ach seo na 7 rud is fearr faoi na 90í in Éirinn, dar linn.


The Den

the-den

Dóibh siúd a bhí go fóill in aois scoile (agus b’fhéidir níos sine) ní raibh rud ar bith níos sultmhaire i ndiaidh lá fada ranganna ná Dustin, D’Arcy agus Zig & Zag.


Líreacáin Fat Frog

fat-frog

Ní bheadh sé ina shamhradh gan cheann acu seo!

Tá caint ann le tamaillín go mbeidh an líreacán galánta glas ag filleadh go luath, agus ní nach ionadh – tá leathanach Facebook amháin ar son iad a thabhairt ar ais a bhfuil breis agus 175,000 leantóir aige!


Super Nintendo/Sega Megadrive

nintendo-vs-sega

Bhí tithe Nintendo ann agus bhí tithe Sega ann – bhí sé chomh simplí sin.


Iad seo ar do mhála scoile/téacsleabhar

nirvana_smiley_face

Mar conas a bheadh a fhios ag daoine gur éist tú le Nirvana gan iad?!


Italia ’90

Ná déanaimis dearmad riamh!

Deir go leor gurbh í an bhliain is fearr do shacar na hÉireann.

D’éirigh linn dul chomh fada leis na cluichí ceathrú ceannais i ndiaidh dúinn an Rómáin a bhualadh i gciceanna pionóis.

Agus a bhuíochas le Packie Bonner, seo thuas an cineál ceiliúrtha a bhí ar siúl timpeall na tíre.


Bristí Adidas le cnaipí

addidas-briste

Bhí péire againn go léir… beagnach!


Gangsta’s Paradise

An raibh amhrán níos fearr sna 90í? B’fhéidir é, ach bhí sé seo ar cheann de na cinn is mó.

(Cad é mar is féidir dearmad a dhéanamh ar an chnag seo ó 1999?! Eag.)

SCÉALTA EILE