Tá mic léinn na tíre ar ollscoil arís agus ciallaíonn sé sin go mbeidh an cluiche cáiliúil ‘Kings’ á imirt in árasáin, i dtithe agus i pé ar bith lóistín eile atá faighte ag na mic léinn bhochta gach oíche idir seo agus tús an tsamhraidh.
Ach cén mhaith a bheith i mbun cúrsa Gaeilge, nó i do bhall dílis den Chumann Gaelach, más ag imirt ‘Kings’ an Bhéarla atá tú?
Seo duit leagan breá Gaelach den chluiche a chuir an Nósadóir Eoin P Ó Murchú le chéile duit. Cuir i gcló é, croch ar an mballa é, agus Gaelaigh do chuid oícheanta rágairne