Ná bímis ar nós an phaisinéara ar mo thraein inné…

Bhí an bhean taobh liom oibrithe, agus theastaigh uaithi go mbeadh gach duine ar an eolas faoi.

Meiriceánach, turasóir, agus í ag spalpadh Béarla os ard i lár na traenach, beag beann ar na paisinéirí eile ina timpeall

“I cannot believe we paid for a 1st class ticket, and we’re standing in the bar!”

Cuireadh an traein ar 09.25 ó Pháras go dtí an Bhruiséil ar ceal maidin inné, agus seoladh na paisinéirí ar fad ar aghaidh chuig an gcéad traein eile. Ar ndóigh, tugadh tús áite do na daoine a raibh ticéad don traein áirithe sin acu, agus dá bharr bhí muid ar mhullach a chéile sa bheár – fir agus mná in éadaí oifige ag clóscríobh go glórach ar a ríomhaire glúine, tuismitheoirí óga ag guí nach mbrisfeadh ar fhoighne a bpáistí le linn an turais, mise ag léamh corr-ríomhphost a tháinig isteach chugam agus ag gabháil leithscéal le mo stiúrthóir. Agus an Meiriceánach, ag casaoid.

Bhí moill ar mo thraein agus mé ag teacht chun na Fraince an mhaidin roimhe chomh maith. Insíodh dúinn gur tharla tragóid ar an líne nuair a chaith bean í féin os comhair na traenach. De réir dealraimh, tá fiosriúchán ar bun, agus dá bharr sin, tá ar na traenacha bealach eile a thógáil, a chuireann gach rud as riocht.

Ní raibh seo ar eolas ag an mbean fad is a labhair sí in ard a cinn agus a gutha, ag cur isteach ar gach duine ina teannta. “They tweeted about these delays on Monday. I mean, they’ve had two days? How can they not have it fixed?”

Ar deireadh thiar thall, tháinig mé roimpi sular thosaigh sí ag clabaireacht arís. “We’re delayed because a lady jumped in front of a train” arsa mise léi. Bhain sin preab aisti. Stán sí orm, gan focal. Mhínigh mé arís di, ag tabhairt tuilleadh eolais di. Ba léir gur chuir mo chaint náire uirthi, agus d’fhan sí ina tost. Tearmann dúinn ar fad. Sméid bean trasna uaim a ceann chugam – ag tabhairt le fios go raibh sí sásta gur bhalbhaigh mé an Meiriceánach.

Nóiméad ina dhiaidh, thosaigh an turasóir arís, ach anois ag labhairt go ciúin lena fear céile. “I don’t understand how it’s taken them three days to reopen a railway after a woman committed suicide.”

Chonacthas dom nár chuir an tragóid isteach ná amach ar an mbean seo. Chiúnaigh sí toisc gur labhair mé léi, ach ní raibh brón ná aifeála uirthi faoin scéal. Ba chuma léi, ach gur chuir bás na mná isteach ar a laethanta saoire.

D’fhéach mé ar m’fhón. Téasc faighte ó dhuine de na leaids sa ghrúpchomhrá ag labhairt faoi bhás 39 n-inimirceach, iad tar éis plúchadh i dtrucail ag dul trasna na tíre agus na farraige. Bhog an comhrá ar aghaidh – láithreach – go hábhar eile, i bhfad níos éadroime.

An raibh muid i gcónaí mar seo? Nach gcuireann muid luach ar bith ar shaol duine? An bhfuil muid in ann daoine eile a thuiscint, a n-áthas a roinnt, trua a bheith againn dóibh? An bhfuil pobail ann a thuilleadh?

Agus mé ag tuirlingt den traein, bheannaigh mé d’fhear na traenach agus ghabh mé buíochas leis. Mheabhraigh sé dom gur cheart iarratas a chur isteach toisc gur cuireadh mo thraein ar ceal.

Níor rith sé liom go dtí go raibh an t-iarratas seolta isteach agam go mbeinn ag fáil airgid toisc gur chuir bean lámh ina bás féin.

Ábhar machnaimh dúinn ar fad, agus dom féin go háirithe.