I gcistin an tí s’againne tá píosa páipéir greamaithe den chuisneoir ar a bhfuil na focail, ‘Ná déan dearmad ar…’. Is air is féidir le haon duine sa teach bia ar leith atá uaidh a bhreacadh síos. Agus má tá rud amháin foghlamtha ag mo mháthair bhocht thar na blianta is ea gur thóg sí scaoth cíocrach buachaillí.
Ach is minic a dhéanaimid talamh slán de na daoine is tábhachtaí inár saol, go ndéanaimid dearmad ar na luachanna a thóg muid uathu, ar an oiread rudaí a rinne siad ar ár son thar na blianta – rudaí a chonaic muid agus níos tábhachtaí arís, b’fhéidir, na rudaí sin nár thug muid faoi deara, rudaí a rinneadh i ngan fhios dúinn ach rudaí a rinneadh le croí mór maith.
Níos tromchúisí arís, áfach gur dóiche go ndearna na daoine seo, mo mháthair féin ina measc, dearmad ar go leor dá ndearna siad dúinn agus níl san alt seo ach cogar séimh ina cluas le rá nach ndearna muidne dearmad ar an chineáltas agus ar an fhlaithiúlacht sin, bíodh is go mb’fhéidir go bhfuil cuid mhór de dearmadta aicise anois.
Ná déan dearmad mar sin, a mháthair chroí…
gur do lámh-sa a d’fháisc muid go teann chugainn nuair a thug muid iarraidh fhaiteach fhaichilleach ár gcéad choiscéimeanna a thabhairt sa seomra suí,
gur fhiosraigh tú go fonnmhar dínn na heachtraí laethúla a bhíodh againn le cairde ár samhlaíochta amuigh sa ghairdín cúil gur adhain tú lasair sin na cruthaitheachta sin ionainn dá réir,
gur thaispeáin tú, ní le do bhriathra ach le do bhéasaí gur cheart ‘le do thoil’ agus ‘go raibh maith agat’ a rá,
go ndearna tú foighne mhór fhada linn nuair a mhúscail muid thú i lár na hoíche nuair a bhí gach scread, scréach agus glam againn, nó nuair a léim muid isteach sa leaba leat féin agus le daid ar a hocht a chlog (nó níos luaithe) maidin chiúin Shathairn,
gur cheansaigh tú muid nuair a bhí na deora goirt lenár súile nuair a tháinig muid den rothar den chéad uair agus scríobadh beag ar ár nglúin, nuair a thit muid amach lenár gcairde den chéadú huair, nó nuair a chlis ar ár gcéad chaidreamh riamh,
gur theagasc tú dúinn an bealach lenár n-iallacha a cheangal agus conas top hats agus pancóga a dhéanamh,
gur d’aoibh-se agus do mheangadh séimh gáire is mó a shantaigh muid i ndiaidh a bheith as baile níos mó ná cúpla lá ag an Ghaeltacht nó ar thuras scoile,
gur fada liom a bheith ar ais i gcistin ár n-óige nuair a d’fhógraíteá dúinn go mbeadh sconnóga á ndéanamh agat i gceann cúig bhomaite, go díreach chun ligean dúinn ar fad a bheith thart ort, inár seasamh ar ár mbarraicíní ar chathaoir in aice leat agus sceitimíní orainn faoi cé a chaithfeadh isteach an plúr agus faoi cé a gheobhadh an spúnóg adhmaid chun an taos a mheascadh,
gur ‘bí cúramach’ agus ‘slán abhaile’ na focail dheireanacha a deirteá linn, agus a deir tú linn go fóill, gach oíche Aoine agus Shathairn agus muid ag dul amach a spraoi,
gur fhan tú i do shuí go mall agus go hantráthach san oíche nó go raibh gach duine ar ais sa teach i ndiaidh na n-oícheanta céanna sin – ba chuma a mhoille a bhíodh muid mar nach dtiocfadh leat codladh go dtí go raibh tú cinnte gur slán dúinn ar fad,
gur ghéill tú dár n-achainíocha fanacht ‘uair an chloig amháin eile’ ag teach ár gcol ceathrair agus gan uait i ndáiríre is dócha ach tabhairt faoin turas mór fada chun an bhaile,
gur lig tú dúinn páirc peile a dhéanamh de do ghairdín cumtha córach – den fhéar rinne muid clábar, de na plandaí móra maorga rinne muid easair agus de na ballaí bána d’fhág muid rian fliuch lathaí na liathróide agus an tsliotair. Rinne tú amhlaidh mar gur thuig tú gur Pháirc an Chrócaigh againne é,
gur tusa a chuir an bonn fiche pingin sin faoinár bpiliúr gach uair a thit fiacail linn amach,
go raibh tú lenár dtaobh nuair a bhain muid ar pháirc na himeartha … agus nuair a chaill,
gur lig dúinn ár meancóga féin a dhéanamh …
agus gur ansin a thug tú comhairle chríonna ár leasa dúinn gach uile uair,
go raibh tú ansin dúinn i gcónaí in am an ollghá agus in am an ollghairdis,
gur bhronn tú orainn bua na Gaeilge agus bród dár dtír,
gur thug (agus go dtugann) tú na barróga is fearr ar domhan.
Agus ná déan dearmad, a mháthair nach ndéanfaimid-ne dearmad air sin uile go léir.
Ba dheas liom mura miste leat, a léitheoir, casadh a bhaint as véarsa le Máirtín Ó Direáin:
An Aghaidh Sin Ort
Tabhair aire don aghaidh,
Don chroí, don mhéin sin!
Ní leat iad go huile,
Ach iad agat ar iasacht
Ó bhean dhaingean do chine