Na trí cheist is mó a chuirtear orm nuair a deirim go bhfuil cónaí orm in Inis Meáin

Fógraíodh comórtas le déanaí ina bhféadfadh leis an mbuaiteoir teach a bhuachan ar Inis Meáin ar feadh bliana, gan orthu cíos ar bith a íoc. 

Ní haon ionadh gur shaothraigh an comórtas ana-chuid cainte sna meáin agus i mbéal an phobail araon agus os cionn 1,000 iomaitheoir tar éis a n-ainm a chaitheamh isteach. Dar ndóigh, bíonn téarmaí agus coinníollacha i gceist, mar a bhíonn sna haon chomórtas; níl an comórtas oscailte ach do theaghlaigh a bhfuil páistí acu agus cé nach mbeidh cíos le híoc ar an teach, beidh biollaí leictreachais agus eile fós faoi chúram na teaghlaigh.

Ach cén cineál saoil a bheidh roimh an teaghlach seo a thabharfaidh an bua leo? Is cinnte go mbeidh roinnt ceisteanna le freagairt acu nuair a déarfaidh siad lena cairde agus clainne faoin eachtra mhór rompu. 

Nuair a bheartaíos féin ar bhogadh go hInis Meáin, nach mór bliain ó shin anois, fuair mé roinnt mhaith ceisteanna agus chuirfinn geall gur ionann iad agus na ceisteanna bheidh le freagairt ag na buaiteoirí, na trí cheist seo a leanas ar chuid acu…

Conas a fhaigheann tú do chuid siopadóireachta?

Níl aon dabht ann ach gurb í seo an cheist is mó a chuirtear orm faoi mo shaol ar an oileán. 

Níl ach siopa amháin ar Inis Meáin, Siopa Ruaidhrí Beag, a bhfuil stoc maith ann ach ní ollmhargadh é. Mar sin, faigheann an chuid is mó de phobal an oileáin a gcuid siopadóireachta ón mórthír. Cheapfainn gurb é Siopa an Phobail in Indreabhán is mó a fhreastalaíonn ar na hOileáin Árann. Is féidir ordú a chur chucu ar líne trí ríomhphost, nó glaoch a chur orthu, agus seolfar na teachtaireachtaí chugat ar an gcéad bhád eile de chuid Aran Ferries i Ros a Mhíl; seirbhís den scoth nach mbíonn ach costas €2 seachada air. Bailítear na boscaí ón gCaladh Mór ansin ar Inis Meáin. 

Dar ndóigh tá roghanna eile ann agus bíonn sé de nós ag roinnt mhaith againn freisin siopadóireacht mhór a dhéanamh i Lidl, Aldi nó eile nuair a thugann muid sciurd ar an mórthír agus na málaí a thabhairt linn ar an mbád. Nó mura bhfeileann sé sin do dhaoine, tá roghanna ar fáil ó shiopa na Ceathrún Rua agus Supervalu Bhearna chomh maith. Go bunúsach, ní fhágfar i bponc tú!

Nach mbíonn an geimhreadh iontach crua? 

Bíonn, agus ní bhíonn. Mar a luaigh mé san alt seo i mí Mheán Fómhair, is caolseans go bhfeilfidh Inis Meáin do dhuine nach bhfuil ar a suaimhneas ina gcomhluadar féin agus is cinnte nach bhfeilfidh geimhreadh oileánda dóibh. Ach más duine thú a dtaitníonn ciúnas leat agus am leat féin chun machnaimh nó eile, beidh Inis Meáin sa gheimhreadh ina thearmann duit. 

Ba é an geimhreadh seo caite an chéad agus an t-aon gheimhreadh atá déanta agam ar an oileán go fóill agus deirtear liom gur geimhreadh bog a bhí ann. Ní raibh mórán de stoirmeacha againn go dtí mí Feabhra agus níor chailleas féin an leictreachas ach uair amháin. Bhí aimsir agus cúinsí níos fearr againne ar an oileán ar bhealach ná mar a bhí ag mo mhuintir féin sa bhaile in Inis Córthaidh, baile a mbíonn tuillte agus ceal leictreachais ann de dheasca stoirmeacha go minic sa gheimhreadh. 

Mat sin féin, tá deacrachtaí ann. Cé gur annamh a cuireadh bád Aran Ferries ar ceal an geimhreadh seo, ba mhinic an turas a bheith garbh, agus mé ag teacht i dtír ar an gCaladh Mór le bolg tinn, cosa ag creathadh agus mílí an bháis ar chraiceann m’éadain. (Le cúnamh Dé beidh ‘cosa na mara’ níos láidre fúm i mbliana!)

Nach mbíonn uaigneas ort? 

Chun scéal gearr a dhéanamh de; ní bhíonn. 

D’fhás mé aníos i lár bhaile Inis Córthaidh, baile cuibheasach mór a bhfuil thart ar 19,000 duine ina gcónaí ann. Tá rogha leathan seirbhísí agus siopaí ar fáil ann agus neart buanna eile aige, ach ní dóigh liom gur thuig mise céard ba chiall le ‘pobal’ go dtí go ndeachaigh mé go hInis Meáin. 

Cé go gcónaím liom féin ar an oileán, ní raibh mé riamh chomh gar le mo chomharsana. Is minic dúinn a bheith isteach is amach ar a chéile agus níl a shárú de thacaíocht ar fáil má theastaíonn cúnamh ó dhuine ar bith againn. Thar a cheann sin, tá an grúpa snámha áitiúil ‘The Bluebells and Bluetits’ mar a bheadh teaghlach mór ann. Níor shamhlaigh mé riamh go mbeadh ábhar snámhaí geimhridh ionam, ach bhí snámhaithe Inis Meáin chomh lách, meidhreach agus mórchroíoch, gurbh fhuath liom gan an deis a thapú a bheith ina measc agus iad ag castáil le chéile cuma soineann ná doineann. 

Castar neart daoine go laethúil ar an té a bhfuil cónaí orthu ar an mórthír, ach is furasta a bheith uaigneach fós. Agus mé in Inis Meáin, ní chastar an méid céanna daoine orm, ach iad siúd a gcasaim leo, is cairde agus comharsana den scoth iad. 

De réir mar a fheicimse féin é, bíonn blas ar an mbeagán!