Nach gnáthchuid den saol é cairde a chailleadh?
Dialann Dháire

Ní haon rún é go mbím ag streachailt le fadhbanna meabhairshláinte. Bíonn sé níos measa in amanna áirithe: sa gheimhreadh; nuair nach mbíonn airgead agam; agus nuair a bhím faoi strus. 

Beidh an chéad scrúdu ollscoile á dhéanamh agam amárach, rud a fhágann go bhfuil mé ag streachailt go mór le drochsmaointe, easpa fuinnimh agus na rudaí iontacha eile ar fad a bhaineann leis an dúlagar agus leis an imní. 

Thug mé faoi deara coicís ó shin gur duine uafásach mé ag tá mé ag smaoineamh air ó shin. Ba dhrochdhuine i gcónaí mé agus chaith mé an dá sheachtain seo ag smaoineamh ar na rudaí uafásacha ar fad atá déanta agam le 23 bliain anuas, agus na daoine a ghortaigh mé ar an bhealach. 

Bhrúigh mé cairde iontacha ar shiúl uaim agus níl aon iontas orm gur imigh siad. Níl mise ag iarraidh a bheith thart ormsa ach an oiread. 

Ach sin é an imní atá ag labhairt liom anois agus is é an imní a chuir san áit seo mé chomh maith. D’éirigh mé as teagmháil a dhéanamh le daoine a raibh mé cairdiúil leofa. Shíl mé nach raibh siad ag iarraidh a bheith cairdiúil liomsa nó nár thaitin mé leo. Shíl mé gurbh fhearr gan dul i dteagmháil leo, gan iarracht a dhéanamh leo, agus gan ligean dóibh mé a ghortú. 

Ach tugaim faoi deara anois go bhfuil mise i ndiaidh iad siúd a ghortú as sin a dhéanamh. 

Aithním anois gur duine leithleasach mé. 

Tá mé sásta, ar ndóigh, gur aithin mé sin, ach cuireann sé fearg orm nár thug mé faoi deara go dtí seo é. Tá eagla orm fosta mar tá mé anois ag amharc siar ar na cairde iontacha ar fad a bhí agam le blianta anuas nach labhraím leo níos mó, agus níl mé ag iarraidh go dtarlóidh sin do na cairde atá agam anois. 

Ach nach gnáthchuid den saol é cairde a chailleadh agus cairde nua a aimsiú? An é go bhfuil m’inchinn ag oibriú go cúngaigeanta mar gheall ar an imní? Nó an fíor é gur duine uafásach mé agus ar chóir dom an rud cineálta a dhéanamh agus scaoileadh leis an chuid eile de mo chairde anois le nach mbeidh orthu fulaingt mar gheall ormsa?

Nó ar chóir dom fáil réidh liomsa le nach mbeidh duine ar bith ag fulaingt níos mó? 

Anois, níl mé ag dul sin a dhéanamh. Tá mé faoi bhrú agus ag ligean do gach rud cur isteach orm agus tá smach caillte agam ar an ghalar seo. 

Tá a fhios agam go bhfuil m’inchinn ag insint bréaga dom féin. Chreid mé go raibh mé ramhar nuair a bhí mé óg agus tá a fhios agam nach bhfuil sin fíor ach an oiread. 

Críochnóidh an chuid eile den obair ollscoile seo atá ag cur strus orm agus beidh mé ar ais an tseachtain seo chugainn ag scríobh faoi mo chac agus ag cur ina luí oraibh arís gurb é mo mhadadh-sa an madadh is fearr ar domhan. 

Tugaigí aire daoibh féin idir an dá linn.