Sa lá atá inniu ann deirtear go bhfuil saol níos gnóthaí ná ariamh againn. Ón nóiméad a mhúsclaítear maidin Dé Luain, tá gach nóiméad leagtha amach go beacht. Is éasca sleamhnú isteach i bpatrún: éirí, cith, bricfeasta, obair, lón, obair, abhaile, giom, dinnéar, teilifís, leaba, éiri…
Tagann agus imíonn deireadh seachtaine, an Nollaig, do bhreithlá, an samhradh, agus bliain i ndiaidh bliana braitheann tú go bhfuil an t-am ag imeacht níos sciobtha i gcónaí.
Más amhlaidh atá, tá dea-scéal agam duit: ní gá go mbeadh sé mar sin!
Tá cúis ann go mbraitheann sé ar nós go bhfuil an t-am ag imeacht níos sciobtha agus muid ag dul in aois. Téann muid i dtaithí ar an domhan mórthimpeall orainn.
De réir taighde atá déanta ar an inchinn, dá mhéad is atá d’intinn cleachta le taithí ar leith, is ea is lú eolas a bhreacann d’inchinn síos faoin taithí chéanna, agus braitheann tusa go bhfuil an t-am ag bogadh níos sciobtha.
Tá ciall leis gan dabht; is dócha go bhfuil i bhfad níos mó cuimhní agat ó laethanta saoire agus ócáidí speisialta ná do ghnáthlaethanta oibre a bhí sách cosúil lena chéile.
Mar sin, leis an am a dhéanamh níos moille, ba cheart duit eispéireas nua a aimsiú le d’inchinn a chur ag obair.
Agus muid inár bpáistí tá gach rud faoin spéir nua, agus mar sin tá an inchinn ag obair i gcónaí chun é ar fad a shú isteach. Ach de réir mar a théann muid in aois, is iomaí duine a thiteann isteach i rithimí leadránacha (mise san áireamh!) agus muid ag freastal ar na bialanna céanna, ag ól sna tithe tábhairne céanna, ag ithe an bhia chéanna i gcónaí.
Ní gá dul i bhfad ó bhaile le taithí nua a aimsiú leis an am a mhoilliú síos beagáinín. Táim tar éis liosta smaointe a chur le chéile duit, lán de rudaí gur féidir a dhéanamh áit ar bith nach mór! Cad faoi rud éigin a thriail agus do shaol a shíneadh amach beagáinín?
- Blais de mhias nua
- Téigh go pub nua
- Caith uait an guthán agus tabhair aird ar an domhan mórthimpeall ort
- Athraigh do thuras chun na hoibre
- Téigh áit éigin i do cheantar nach raibh tú ann riamh
- Lig ort gur turasóir thú i do bhaile féin agus freastail ar shiúlóid staire, iarsmalann, srl…
- Íoslódáil podchraoladh ar ábhar aisteach
- Bain triail as rang nua sa ghiom
- Buail le daoine nua a bhfuil dearcthaí difriúla acu
- 10.Bí beo sa bhomaite! Tabhair saoirse duit féin cinntí gan choinne a dhéanamh agus gan a bheith i gcónaí ag rith is ag rás ó áit go háit.
Go n-éirí leat!
Is féidir Ciara a leanúint ar Twitter anseo