Tá mé á scríobh seo tráthnóna Dé Domhnaigh, mar sin faoin am a bheidh sé léite agatsa beidh mé críochnaithe leis an gcoláiste don scoilbhliain 2020/21.
Tá aimhreas orm a rá go mbeidh mé críochnaithe leis an dara bliain mar, déanta na fírinne, níl mé cinnte an bpasálfaidh mé nó nach bpasálfaidh. Ón gcaoi a ndeachaigh na scrúduithe roimhe seo, agus an scoilbhliain uilig i ndáiríre, níl mé in ann muinín iomlán a bheith agam as mo chuid marcanna go dtí go bhfeicfidh mé an páipéar (nó an ríomhphost is dóigh) i mí Iúil.
Airíonn sé ar nós go bhfuil bliain caite in aisce agam. Ní airím féin gur fhoghlaim mé mórán agus bheadh mé ar strae uilig uilig dá gcuirfí na scrúduithe sin os mo chomhair d’uireasa mo chuid nótaí.
Tá go leor foghlamtha agam faoin gcaoi a bhfoghlaimíonn mé féin, sin cinnte. Tá sé ráite cheana agam anseo gur mór an mhaitheas a dhéanann suíomh atá bunaithe ar an oideachas agus báite ann dom.
Nuair a chuirim cois amach as bus an ‘Phark and Ride’ agus an foirgneamh mór millteach seo amuigh os mo chomhair, bíonn a fhios agam cén fáth a bhfuil mé ag dul isteach ann. Tá daoine istigh ansin atá ag gabháil taispeántais PowerPoint agus pinn ar chláracha bána a úsáid le rud a mhíniú dom. Tá mé in ann mo lámh a chur suas agus breathnú sa straois orthu nuair a chuireann mé ceist faoi rud éicint a bhíonn chomh soiléir go n-airíonn an cheist cineál amaideach nuair a mhíníonn siad é.
Ach ar a laghad bíonn an teangmháil idirphearsanta sin ann nach féidir a fháil trí scáileán. Ar an ríomhaire, ní bhíonn brí ar bith sa múinteoir agus ní bhíonn brí ar bith sa scoláire. Nuair nach bhfuil an beocht sin ann díreoidh an intinn ar rud ar bith ach ar an ábhar atá á phlé.
Bhí múinteoir agam sa gcéad bhliain a bhíodh ag caitheamh peann agus glantóirí thart nuair a bheadh sé ag míniú dúinn cén chaoi a mbogann rudaí. D’aithneofá ann go raibh a chroí san ábhar a bhí sé a mhúineadh. Tarraingíonn sé sin aird.
Fiú amháin na ceanna a bhí leadránach ní raibh mé leath chomh codlatach ina láthair siúd agus a bhí mé i mbliana. Agus tá mé cinnte gur mar gheall go raibh duine os mo chomhair amach ag caint liom é agus nach torann as ríomhaire a thabharfadh an oiread céanna eolais dom dá mbeadh sé casta as agus curtha amach i bpúirín na gcearc.
Tráth a bhíodh mé féin agus mo mhéit in ann suí in áit éicint agus rudaí nach dtuigeann muid a mhíniú dá chéile an fhad agus a bhí muid ag déanamh na hoibre a tugadh dúinn; tá sé sin imithe agus glaochanna tagtha ina áit agus an bheirt againn chomh caillte lena chéile.
Anois, ní ag fáil locht ar na múinteoirí atá mé agus tuigim go maith nach chuile dhuine atá chomh cuibhrithe ag an scolaíocht idirlín seo ach fós féin, mar atá chuile dhuine as chuile cheard den saol ag rá faoi láthair, “this is not sustainable”.
Sin é mana na gclár raidió (nó mana na gcréatúr a bhíonn ar na cláracha raidió ar aon chuma) agus tá sé chomh fíor céanna i mo chás-sa.
Teastaíonn an teangmháil agus an caidrimh sin uaim agus níl a fhios agam céard a dhéanfaidh mé má chuirtear fiú leathbhliain scoile eile den chacamas seo orm. Tá ráflaí ag dul thart ag rá rud éicint ar nós 30% ar champas an bhliain seo chugainn agus caithfidh mé a rá nach bhfuil an méid sin féin sásúil. Sílimse má chaitheann rud ar bith a bheith ar líne nár cheart dó a bheith níos mó ná 30% (sé sin le rá 70% ar an gcampas) nó is gearr gur i dteach na ngealt a bheidh mé le cur.
Níl mé sásta leis an gcaoi a bhfuil cúrsaí scolaíochta ag dul dom faoi láthair agus sular thosaigh an stuif seo uilig bhí mé ag baint an oiread sásaimh as mo chúrsa.
Seachas a bheith ag snámh go sásta i bhfarraige an eolais tá an scolaíocht idirlíon seo mar a bheadh meáchan ar mo chois agus mise ag streachailt ag iarraidh mo chloigeann a choinneáil os cionn uisce.
Go dtarrthaí Dia sinn!