‘Ní bheadsa ag cur iachall orm féin a bheith amuigh fén ngréin agus a bheith míchompordach’

An bhfuil éinne eile sa tsaol mór ná maith leo na tréimhsí teasa i rith an tsamhraidh? Ní hé ná maith liom an samhradh, ach nuair a thagann an teas, an brothall mínádúrtha san ná féidir linn teitheadh uaidh agus ná fuil aon ghaoth ann chun sinn a fhuarú, sin é an t-am a bhraithimse sáinnithe. Anois, ná bíodh aon mhíthuiscint ann, is breá liom nuair a bhíonn aimsir ghréine againn, ní bhíonn faic uaim ach sásamh a bhaint as an tsaol amuigh fé, ach bheinn ana-bhuíoch dá bhféadfainn a bheith ar mo chompord gan gá agam gach aon éadach orm a bhaint díom. Tá an ghráin agam nuair a bhraithim míchompordach agus rudaí ag greamú dom. Mar sin, tá an ghráin mharbh agam ar uachtar gréine.

Anois, má tá aithne ag éinne orm, tá fhios agaibh go bhfuilim chomh bán le páipéar. Mar sin, caitheann uachtar gréine a bheith orm fén ngréin, cuma má bhíonn fuacht ann nó ná bíonn. Má bhíonn mo chraiceann fén ngréin, bíonn uachtar orm, mar sin, rudaí ag greamú dom, mise ag greamú do chathaoireacha/boird agus a leithéid. Ní maith! Ansan, nuair a bhíonn sé beagáinín beag níos teo ná san fiú agus uachtar gréine ort fén ngréin, sa teas agus gan aon phuth gaoithe ann, tosnaíonn tú ag cur allais, ach go háirithe in Éirinn agus é chomh meirbh anseo. Canathaobh go bhfuil 20ºC anseo nach mór dodhéanta ach go bhféadfadh 20ºC thar lear san Eoraip a bheith fuar?! Tá fhios agam go bhfuil cúpla fáth leis seo ach ceapaim fós go bhfuil sé saghas greannmhar.

Bhí sé ana-bhog istigh san oifig agus sinn ar fad istigh ag obair le déanaí, na fuinneoga oscailte chomh maith leis na doirse, go bhféadfadh aon phuth gaoithe a ghabhadh tharainn teacht isteach agus faoiseamh éigin a thabhairt dúinn. Ach, bhí sé go breá. Dhúnamar na dallóga agus leanamar linn ag obair. Bhíodh orm dinnéar a dhéanamh ansan tréis oibre agus fén dtráth is go raibh sé sin réitithe agus ite agam, bhí laghdú éigin tagtha ar an dteocht. Bhí sé fós deas lasmuigh agus go haoibhinn le himeacht ag siúl agus ag snámh, ach i bhfad níos compordaí ná an méid céanna a dhéanamh i rith an lae.

Is iad na laethanta a bhí saor agam a chuir isteach ormsa. An mbraitheann éinne eile go gcaitheann siad a bheith amuigh nuair a bhíonn an aimsir breá mar go mbeadh daoine eile ag ceapadh gur cur amú aimsire é nó go gceart a bheith amuigh fé, go háirithe agus gan a leithéid d’aimsir a bheith againn rómhinic? Bhuel, deirimse leat go raibh leath dem’ chuid laethanta á gcaitheamh agam istigh sa tigh agus an leath eile á gaitheamh amuigh agam sna háiteanna go raibh leoithne gaoithe ann. D’imríos leis na madraí, chabhraíos le Daid leis na caoirigh, chuas ag siúl, ag snámh, mar is maith liom a leithéid a dhéanamh, ach ní nuair a bhíonn sé ró-he. Na hamannta i rith an lae a bhí iomarcach dom, d’fhanas istigh.

Ní bheadsa ag cur iachall orm féin a bheith amuigh fén ngréin agus a bheith míchompordach, ciotrúnta agus aiféala orm go gcuas amach in aon chor. Muna bhfuil gá leis agus má tá a fhios agam ná bainfidh mé taitneamh as, fanfad aige baile. Cén mhaitheas é d’éinne dá gcuirfinn iachall orm féin a bheith amuigh fén ngréin agus é iomarcach dom? Ag impí orm féin bailiú liom nó ag súil le Dia go dtiocfaidh faoiseamh gaoithe, nó mo chairde a bhraitheann nach bhfuil fonn orm a bheith amuigh fén aimsir agus fonn orthu san síneadh fén ngréin agus fanacht ann ‘feadh an lae. Muna bhfuil réiteach agam ar an bhfadhb nó sólás éigin agam in aici liom san áit ina mbím, fanaim istigh.

An tseachtain seo caite agus é róthe dom, dheineas béilte deasa dom féin, ghlanas an chistin agus mo sheomra codlata, chuireas na héadaí (a bhí chomh tirim le snaois tréis dóibh a bheith lasmuigh) thar n-ais san áit ar cheart dóibh a bheith, agus chomh maith leis sin, ná maraigh mé, d’fhéachas ar Netflix. Ní peaca é fanacht istigh nuair a bhíonn sé róthe duit ach n’fheadar ach an chiontacht a bhraithim ag féachaint ar an dteilifís agus é breá. Agus ní ceart go mbraithfinn a leithéid! Muna bhfuil faic eile gur gá duit a dhéanamh, tá cead agat an t-am a mheilt ag féachaint ar an gclár teilifíse is fearr leat.

De ghnáth, bíonn rudaí eile le déanamh agam agus mar sin cuirim rud éigin ar siúl atá feiscithe cheana agam, ionas go ndéanfainn na jabanna beaga san. Glanaim mo sheomra, cuirim na héadaí uaim, mar atá ráite agam, ach uaireanta eile bíonn fonn orm b’fhéidir m’ingne a phéinteáil nó a bheith ag tarrac nó Duolingo a oscailt agus beagáinín beag staidéir a dhéanamh (múchaim an teilifís fhaid is a bhím á dhéanamh seo).

Is dóigh liom go dtagann an chiontacht seo (a bheith laistigh ar lá breá) chun cinn domsa mar gur cuimhin liom mo thuismitheoirí ag tabhairt amach nuair ag féachaint ar an dteilifís a bhíomar in ionad a bheith ag imirt lasmuigh. Déarfainn go gcuimhin le hualach daoine é sin. Agus ní hé nár theastaigh uainn a bheith lasmuigh nó go rabhamar róleisciúil (b’fhéidir lol), ach go mbíodh cúraimí eile ar ár dtuismitheoirí agus an aimsir chomh breá agus go bhféadfaimís éalú isteach agus féachaint ar chlár ar TG4 (gan dabht) mar nach mbíodh cead teilifíse againn rómhinic ag an am!

Muna bhfuil fonn ort imeacht amach fén dteas nuair a bhíonn sé míchompordach duit, ná dein. Ach chun an chiontacht a sheachaint (ag cuimhneamh ar an bhfrása “Cad atá ar siúl agaibh ag féachaint ar an dteilifís agus é chomh breá lasmuigh?!” atáimse), triailimse jabanna nó rud éigin a dhéanamh timpeall an tí ionas go mbeadh fáth agam a bheith istigh agus ní amuigh fén ngréin. Ach nuair a bhíonn an méid san déanta agam, sea, féachaim ar an dteilifís ar lá gréine agus lánchead ag daoine an méid san a dhéanamh nuair is compordaí dóibh gan a bheith amuigh fén ngréin.

SCÉALTA EILE