Tháinig deireadh le mo chuid cóisireachta thar lear ar feadh scaithimhín nó gur tháinig mé sa abhaile arís inniu. D’fhill mé ar Éirinn den chéad uair ó mhí Mheán Fómhair ag an deireadh seachtaine. Sular ligeadh dom an t-eitleán a bhordáil, bhí tástáil coivide le déanamh agam agus ní raibh baol air go raibh mé ag iarraidh go dteipfeadh orm sa scrúdú sin.
Shocraigh mé gan dul amach arís go mbeadh an scrúdú déanta agam le haon bhaol an víreas a tholgadh a laghdú. Is é sin le rá go raibh tástáil le bheith agam ar an Satharn, eitilt ar an Domhnach, agus ar ais arís an tear inniu.
Nó b’fhéidir go nglacfainn briseadh beag, agus nach mbeidh mé ar ais arís ar dhrabhlás na Nollag go dtí amárach. Pé scéal é, ní dhéanfaidh an cúpla lá gan ól seo aon dochar don mhac léinn atá i seachtain dheireanach an tseimeastar agus fós ag breith suas le léachtaí ó sheachtain a trí. (Tá na clubanna oíche dúnta sa Fhrainc le seachtain anuas ar aon nós.)
Th’éis na Nollag a bheas mo chuid scrúduithe, agus ón méid a thuigim beidh seachtain agam idir tuirlingt ar thalamh shlán na Fraince dom agus tús sheachtain na scrúduithe (Dé Luain, ocht a chlog ar maidin, scrúdú teangeolaíochta, lasaigí coinneal dom le bhur dtoil).
Tá caint ar léachtaí a bheith ar líne th’éis na Nollag, ach níl mise ag ligint tada orm féin nuair a luaitear a leithéid. A fhad is nach dtabharfaidh tú aon aird ar ráflaí mar sin, níl fírinne ar bith iontu. Nó sin a deirim liom féin.
Mar bhealach le cuimhneamh ar eachtraí na bliana, d’íoslódáil mé aip darb ainm “1 Second Everyday” le soicind amháin de chuile lá ar mo Eramsus a thaifeadadh. Tá méid áirithe físeáin ann nach bhfuil iontu ach físeáin dom féin ag siúl nó de radharc éigin a thaitin liom, agus is cinnte nach mbeidh suim ag aon duine ach agam féin sa bhfíseán a bheidh agam ag deireadh na bliana, ach is deas an bealach é le cuimhneamh ar na rudaí uilig a tharla. Murach é, bheadh eachtraí deasa dearmadta uilig agam. Tá mo chairde anseo céasta agam – tagann an nóiméad chuile lá go sínim an fón ina straois agus “déan gáire do mo shoicind an lae” á rá agam leo.
I bhfad ró-sciobtha a d’imigh an chéad seimeastar. Cé go bhfuil mé ag súil go mór le bheith sa mbaile, i mo leaba féin, i mo sheomra féin, cuireann sé cumha orm ag cuimhneamh ar na daoine uilig nach bhfeicfidh mé arís i ndiaidh na Nollag os rud é nach bhfuil an dara seimeastar thar lear á dhéanamh acu. Ach imíonn dream amháin agus tagann an chéad dream eile. Sin é an saol.
Má tá tusa ar dhuine de na daoine sin ag dul thar lear don chéad uair don seimeastar seo chugainn, níl comhairle ar bith agam daoibh ach taitneamh a bhaint as (nó b’fhéidir go mbeidh corrnod agam daoibh, cá bhfios?). Ní bheidh tú ar Erasmus ach ar feadh tamall an-ghearr, ní fiú duit é a chur amú!