Tá seanchara liom, a raibh mise i mo chónaí léi agus muid beirt sa dara bhliain ar an ollscoil, anois ina cónaí san Ísiltír. Bhí muid iontach mór le chéile agus muid óg, agus tá go fóill, agus chaith muid cuid den tréimhse ba mheasa dár saol le chéile.
Bhí muid beirt ag streachailt lenár rudaí féin ag an am agus ag rá lena chéile go raibh achan rud i gceart agus ag amharc siar air anois, bhí muid beirt ag déanamh dochar dá chéile ag an am agus muid ag déanamh beag de na rudaí dainséaracha a bhí ar bun againn. Ach ag an am céanna, ní bheinn ag iarraidh go mbeadh duine ar bith eile le mo thaobh ag an am.
Bhí nós amháin againn ag an am go gcuirfeadh muid ár n-éadaí rothaíochta orainn agus go rachadh muid amach ar na rothair le giota aclaíochta a dhéanamh le linn na seachtaine. Deireadh muid lena chéile, áfach, gur cheart dúinn ár gcartaí bainc agus ár gcartaí aitheantais a ghlacadh linn ‘ar eagla na heagla’ agus fios ceart againn go mbeadh muid i dteach taáhairne éigin roimh dheireadh na hoíche.
Mura raibh muid amuigh ar na rothair cheana féin, níor thógadh sé mórán orainn toiseacht ag ól sa teach agus bhíodh cúpla canna nó leathbhuidéal fíona i gcónaí ag luí thart a d’óladh muid sa teach sular léimeadh muid ar na rothair dul síos chuig an Róisín Dubh sular dhruidtí na doirse.
Dá mbeadh an t-ádh orainn, bheadh fear ag an bheirt againn agus chuirfeadh muid brú orthu seatie a thabhairt dúinn ar ais chuig an teach le nach mbeadh orainn dul suas an cnoc ollmhór ar an mbealach abhaile.
Ní raibh muid inár cónaí sa tír chéanna ó shin, gan trácht ar an teach céanna, mar sin tá an saol bogtha ar aghaidh ó na laethanta siúd agus ba mhaith liom a rá go bhfuil níos mó céille againn faoin am seo (ach níl mé ró-chinnte faoi sin!).
Tá sise anois ina cónaí lena fear in Hilversum na hÍsiltíre agus is duine fásta ceart í. Ní bhíonn muid ag labhairt an oiread sin níos mó, cé go bhfuil grá againn go fóill dá chéile. Mar sin, nuair a thosaigh mé ar mo phost nua agus bhí airgead agam a raibh mé in ann caitheamh ar cibé rud gur mian liom, chuir mé eitiltí in áirithe láithreach.
Agus is san áit sin atá mé anois agus mé ag scríobh chugaibhse. Leaindeáil mé tráthnóna Déardaoin agus chomh luath is a bhí muid i sciatháin a chéile, bhí sé ar nós nár scar muid ar chor ar bith.
Níorbh fhada go raibh muid ag críochnú abairtí a chéile agus ag rá na rudaí céanna ag an am céanna agus tá muid go hiomlán compordach lena chéile gur féidir linn labhairt faoi rud ar bith.
Bhí muid ag rá leis na blianta go bhfaigheadh muid tatú le na laethanta amaideacha a chaith muid lena chéile a chomóradh agus inniu, faoi dheireadh, fuair muid beirt an tatú céanna de rothar.
Tá an bheirt againn i ndiaidh an oiread sin a dhéanamh lenár saol agus dá bheadh na leaganacha sin dínn a bhí ann ceithre bliana ó shin an-bhródúil as an mhéid atá bainte amach againn go dtí seo. Ach sílim go mbeadh siad níos bródúla arís go ndeachaigh muid agus go bhfuair muid na tatúnna amaideacha siúd faoi dheireadh!