Ní cinneadh éasca a bhí ann

Shuigh mé síos le Britney i gcaifé i lár na cathrach. Ba ise a roghnaigh an áit phoiblí — “Is cuma liom cé a chloisfeadh mé.” Agus muid inár suí thiomáin leoraí, gan uimhirphláta ach a raibh pictiúir ghrafacha d’fhéatas air, tharainn. Bhí déistin ar Britney, agus bhí sí i dteagmháil leis na póilíní agus leis an gcomhairle cathrach cheana féin. Bíonn uirthi smaoineamh siar ar an nginmhilleadh a fuair sí féin nuair a bhí 26. “Baintear an suaitheadh is mó ar na mná nár roghnaigh ginmhilleadh, ach go raibh orthu ceann a fháil de bharr a sláinte nó sláinte an fhéatais.” Bhí cúis mar é aici féin. 

Tá sí ar an eolas faoin reifreann in Éirinn. Tá neart cairde aici as Éirinn, mé féin ina measc, atá ina gcónaí i gCeanada. Míníonn sí go raibh sí ag siúl amach lena fear ar feadh breis is dhá bhliain. Ní raibh sí ag baint úsáide as an bpiollaire nó rud mar é de bharr neamhord téachtán fola atá uirthi. Níor theastaigh toircheas uaithi de bharr an bhaoil agus de bharr nach raibh sí ag iarraidh a bheith ina máthair riamh. Thuig agus thacaigh a fear leis an gcinneadh sin. Déanann sí liosta de na héachtaí atá bainte amach aici — “dá mbeadh páiste agam, ní bheinn in ann na rudaí sin uilig a dhéanamh.” 

Cé go raibh tacaíocht aici ní raibh sé éasca uirthi. Bhí sí ag iompar ar feadh trí seachtaine nuair a chuir sí glaoch ar an gclinic. Dhírigh sí a méar ar shíol seasamain ar a béigeal — “chomh beag leis sin.” Tairgeadh coinne di don lá dár gcionn ach de bharr cúrsaí oibre roghnaigh sí coinne ceithre lá ina dhiaidh. 

Mhínigh an bhean sa chlinic gach rud di agus thug sí rogha di idir ‘ginmhilleadh leighis’, is é sin piollairí a thógáil, agus ‘ginmhilleadh asúite’ — dul faoin scian. Mhínigh sí na gnáthaimh di. Mhínigh sí go mbeadh dochtúirí, gairmithe cúram sláinte agus comhairleoirí ar fáil di. Roghnaigh sí an ginmhilleadh leighis. 

“Dá mba rud é go raibh an rogha agam arís, roghnóinn an ginmhilleadh asúite.”

Tráthnóna Dé hAoine, chuaigh sí féin agus a fear chuig an ionad. Bhí eolas aici ar an áit ach níor thuig sí gur clinic a bhí ann. Bhí na mílte mothúchán uirthi — “ní raibh mé ag athrú m-intinne ach bhí faitíos orm mar nach raibh a fhios agam céard go díreach a tharlódh.” 

Bhí garda ina suí istigh chun a chinntiú go raibh coinne aici. Thuig Britney go raibh sí ann leis na mná agus an fhoireann a chosaint ó chiapadh — “bhí mé buartha go mbeadh daoine taobh amuigh le póstaeir ghránna mar a chonaic mé sna Stáit Aontaithe.” 

Níl cead ag agóideoirí léirsiú in aice le clinicí, ospidéil ná tithe gairmithe cúram sláinte i gCeanada.

Bhí an seomra feithimh cosúil le seomra suite agus an Home Channel á thaispeáint ar an teilifís. Foireann ban amháin a bhí sa chlinic. Bhí ar fhear Britney fanacht sa seomra feithimh ar feadh an ama, ionas nach mbeadh míchompord ar mhná eile ann. Bhí ar Britney casadh le comhairleoir ar dtús. Labhair an bhean go cneasta léi, d’fhiafraigh sí di conas a chinn sí ginmhilleadh a fháil chun a chinntiú nár cuireadh brú uirthi. Fuair sí neart deiseanna a hintinn a athrú nó ceisteanna a chur. Chabhraigh sé léi go raibh an fhoireann ann ar a son gan aon bhreithiúnas a thabhairt. 

Rinne an dochtúir tástáil le haghaidh toirchis, ultrafhuaim agus tástáil fola. Labhair sí le Britney faoin ngnáthamh — chuirfeadh an chéad phiollaire tús leis an nginmhilleadh agus bheadh uirthi é a thógáil ansin i dteannta dochtúra. 

An lá dár gcionn, bheadh uirthi an dara leath a dhéanamh sa bhaile — ceithre phiollaire a thógáil le chéile chun a colainn ‘a shruthlú’. Bhí an rogha aici iad a thógáil ina béal nó ina faighin. Roghnaigh sí an dara modh — “chuala mé nach mbeadh masmas orm leis an dara rogha.” Arís eile thug an dochtúir deiseanna di a hintinn a athrú. 

Agus í ag fágáil, tugadh bileog eolais di le huimhreacha teileafóin sa chás go mbeadh ceisteanna eile nó fadhb aici. Dúradh léi dul chuig ionad leighis dhá lá ina dhiaidh ionas go bhféadfaí tástáil fola a dhéanamh uirthi arís. Socraíodh gach rud di cheana féin idir pháipéarachas agus choinní. Mhair a cuairt dhá uair an chloig. Agus í ina suí sa charr mhothaigh sí faoiseamh. Bhí siad leath bealaigh tríd. 

An lá dár gcionn mhothaigh sí go breá agus chuaigh sí ag obair mar ba ghnáth. Nuair a d’fhill sí abhaile thóg sí na ceithre phiollaire eile. Thóg sí iobúpróifein leis, mar a moladh di a dhéanamh. Chaith sí pillín ollmhór ar eagla go mbeadh go leor fola ann. 

Dhá uair an chloig níos déanaí thosaigh na crampaí. Bhí sí ag súil leo cé gur thuig sí go raibh siad difriúil do gach duine. Ceithre uair an chloig ina dhiaidh sin, thosaigh an phian ba mheasa a mhothaigh sí riamh — “mhothaigh mé ar nós go raibh duine do mo shá.”

Bhí sí buíoch go raibh a fear léi ag tabhairt aire di: cupáin tae, buidéal te, uisce, agus araile. Chonaic sí go raibh neart fola ann agus bhí spotaí fola ann ar feadh dhá lá. Bhí sí buíoch gur tugadh an t-uafás eolais di ag an gclinic agus go raibh sí ag súil le gach ar tharla. 

“Ní cinneadh éasca a bhí ann, ach ba é an cinneadh ceart domsa go pearsanta é, agus thar aon rud eile táim buíoch go raibh an rogha ar fáil dom i mo bhaile féin.”

Is ball den ghrúpa feachtais ‘Gaeil ar Son Rogha’ a scríobh an t-alt seo.

SCÉALTA EILE