Ní dhearúdfad go deo na cuimhní geala a d’fhág Fungie agamsa

Is cuimhin liom nuair a bhíos ana-bheag, agus nuair ná raibh an oiread sin turasóirí ag teacht chun Fungie a fheiscint fós, go dtug bádóir amach mé féin, Mam, agus cúpla duine eile chun é a fheiscint. 

Bhí lemon pie fachta agamsa le tabhairt do Fungie dá gcífinn é! Chonac an lá sin é den chéad uair. Chaitheas an pie chuige! Ní dócha gur ith sé é! 

Soineanta agus aineolach a bhíos i mo chailín óg, agus cé mhilleánfadh mé, lán suas do sceitimíní chun an t-ainmhí fiáin a fheiscint. 

25 bliain ina dhiaidh sin, agus é feicthe go mion minic idir an dá linn agam, ó mhuir is tír, tháinig cleas na máistreachta go rabhas ag staidéar in éineacht leo anuas ó Bhleá Cliath ar cuairt agus thugamar turas ar Fungie. 

Ó a chroí, ní chreidfeadh cuid acu gurbh ann don ndeilf in aon chor. Battery-operated, a bhíodar ag rá, a bhí Fungie, agus iad ag piocadh ormsa. Ba é an fear bád Jimmy Flannery, a thug amach an tráthnóna suaimhneach, socair sin sinn, agus an bá chomh ciúin agus an fharraige ina léinseach. 

Mo léir, is peacaí mo shaoil, ní raibh aon radharc ar Fungie. Arsa mise le Jimmy, “Caithfimid é a fheiscint, nó beid seo ag piocadh go brách na breithe orm faoi”. 

Gheall Jimmy dom go dtiocfaimis air, ach go raibh ladhar deilfeanna eile amuigh sa chuan agus go mbíonn Fungie amhrasach faoina leithéid, agus go mbíonn sé ag teitheadh uathu.

Tar éis tamaill, chuamar á chuardach. Bhíos-sa amuigh chun tosaigh le Jimmy ag faire ar dalladh. Tá trealamh speisialta sa bhád aige, dála ceamara nó braiteoir a chíonn scáthanna faoin uisce. 

Ansúd istigh, in aice le Tráigh Shláidín, i bpoll a bhí sé ó na deilfeanna eile. Chonaiceamar é fé bhun an bháid agus é ina lag trá ceart. B’ait le Jimmy féin é bheith in uisce chomh tanaí ach nuair a bhraith Fungie bád Jimmy, go raibh aithne mhaith aige uirthi, siúd leis a chroí, ár leanúint agus in aon léim amháin, chonaic na héinne é, agus a bhéilín fada gealgháireach, ag pocléimnigh amach as an uisce. 

Ní dhearúdfad go deo na cuimhní geala a d’fhág Fungie le hoidhreacht agamsa, agus ní dhéanfaidh pobal Chorca Dhuibhne ach oiread. Níl ansan ach samplaí beaga dár sonóg, Fungie. Grá mo chroí é.

SCÉALTA EILE