Ní fhaca na tréidlianna a leithéid riamh

Bhíos ar nós an charachtair John Grogan sa scannán Marley and Me le seachtain. Iriseoir is ea é a scríobhann do nuachtán agus bhí sé ag dul dó aon phíosa le dealramh a scríobh. Ar deireadh, chinn sé alt a scríobh faoina ghadhar agus an rógaireacht a bhí ar siúl aige.

Ní haon rógaireacht a bhí ar siúl ag ár ngadhar-na, Rua, le mí mar go raibh sé ana-bhreoite. Brocaire gearr, nó Irish terrier is ea Rua agus tá sé dhá bhliain go leith d’aois. Ó Ros Comáin a tháinig sé an chéad lá. Deir mo mháthair ná feadair sé cad as é, mar go mbíonn dathanna Ros Comáin air nuair a bhíonn Ros Comáin ag imirt sa chaid, agus dathanna Chiarraí air nuair a bhíonn Ciarraí ag imirt! An fear bocht.

Pé scéal é, thugamar ar fad oíche amuigh ar an mBlascaod ag deireadh mhí Bealtaine agus ach a dtángamar isteach ar an mbád, thosnaigh an tsrónaíl. Gan stad, geall leis, ar feadh nach mór ceithre seachtaine. 

Bhíodh sé ag tochas a chaincín agus bhí criothán ann. Ní raibh sé ag ithe ná ag codailt agus bhíomair trína chéile. Thugamar chuig an Daingean é go tréidlia ansan agus cuireadh a chodladh é faoi dhó. Cuireadh tuaslagán sailíne suas trína chaincín chun pé ní a bhí thuas ann a ghlanadh amach. Tháinig Rua abhaile. Thosnaigh an tsrónaíl arís. 

Thugamar ar ais chuig an Daingean é. Cuireadh a chodladh arís é. N’fhéadfadh an tréidlia teacht ar aon ní. Dúradh ansin linn go gcaithfí é a chur go Corcaigh mar gur ansan a bhí na tréidlianna ab fhearr agus is acu siúd a bhí an fearas a bhí ag teastáil, dar le cleas an Daingin. Ag an bpointe seo, ní raibh tuairim ag éinne cad a bhí thuas ina chaincín. Bhíomar buartha go mb’fhéidir gur siad a bhí thuas ann agus bhíomar suaite.

Siúd linn go Cill Áirne le Rua mar is ann a chualamar a bhí tréidlia eile a bhí ana-mhaith. Cuireadh a chodladh arís é, an uair seo, ar feadh tréimhse i bhfad níos faide. Chun ná déanfainn scéal “mhadra na n-ocht gcos” de, cad a fuaireadar thuas ina chaincín nuair a chuadar ag póirseáil, ach dhá chiaróg bheaga a thagann ó éanlaithe. 

Fíneoga beaga. Go saora Dia sinn. N’fhaca na tréidlianna a leithéid riamh, a dúradar. Chaitheadar glaoch ar a gcomhghleacaithe sa Ghaillimh chun an scéal a fhiosrú i gceart.

Deirid gur obráid ana-dháiríre a bhí ag Rua bocht agus go dtógfadh sé tamall air teacht chuige féin. Bhí fuil ag sileadh lena chaincín ar feadh dhá lá ina dhiaidh tar éis na póirseála ar fad. Bhí fuil ar a chlúmh, a lapaí, a fhéasóg. Caitheadh an clúmh a bhaint dá lapa chun instealladh a thabhairt do. Tá cuma na hainnise ar fad air. An ruidín bocht. 

Fuair sé ana-chuid peataíochta aige baile agus tá comhairle amháin agam d’éinne go bhfuil gadhar acu, ná lig do d’ghadhar a bheith ag méiseáil timpeall le hainmhithe marbha. Tá’s againn ar fad gur breá le madraí a bheith á síneadh féin i gcaoirigh mharbha, i bpluda, agus dá shalaí a bhíonn sé, sé is fearr é! 

Is trína leithéidí seo de phleidhcíocht, dar linne, a fuair Rua na ciaróga beaga, a bhí á chlipeadh agus ár gclipeadh le mí! Fainic ort!

SCÉALTA EILE