‘Ní gach lá a éalaíonn tú ó na léachtaí le bualadh leis an Uachtarán’

Ní minic is féidir a rá gur éalaigh tú uaidh léachtaí san ollscoil ar feadh an lae le bualadh le hUachtarán na hÉireann agus Uachtarán na Gearmáine, ach b’fhéidir liomsa an lá cheana. An tseachtain seo caite, bhí an caifé a bhfuil mé ag obair ann ag réiteach an bheatha le haghaidh cheiliúradh fiche cúig bliain ó cuireadh tús le TG4 ar sheit Ros na Rún ar an Spidéal. Bhí mé ceaptha lá saor a bheith agam ón obair an lá sin, ach nuair a dúirt mo bhainisteoir liom mbeadh Michael D é féin ann, ní raibh mé in ann é a dhiúltú. 

Moch ar maidin, shroich mé an chaife agus sceitimíní orm féin agus ar mo comhghleacaí faoin lá. Bhí mo bhainisteoir ag cailleadh a chloiginn faoi rud amháin nó rud eile. Cístí bácáilte mícheart nó cupáin chaife imithe ar iarraidh agus go leor eile. Ba é an rud ab fhearr le déanamh ná seasamh amach as an mbealach agus fanacht go dtí go n-imeoidh an stoirm. Ní bhfuair mé deis fanacht róshocair, mar tugadh neart jabanna dom chomh luath agus a tháinig mé isteach. Bhí mo chomhghleacaí ansin romham agus ochtó shot espresso (níl mé ag magadh) tarraingthe aici le cur i bhfleasc le tabhairt go dtí an Spidéal. 

D’imigh uair an chloig ar nós luas lasrach, agus i ngan fios dom, bhí muid sa mullach ar a chéile sa gcarr le beagnach gach uile rud ón gcaifé. Mar gur mé an duine ba lú, bhí orm suí sa gcúl leis an trealamh uilig. Bhí greim agamsa ar an ‘Burco’ a bhí lán uisce fiuchta, ag guibhe nach n-osclódh sé ar bhealach éigin agus tráidire scónaí ag bualadh taobh mo chloiginn ar feadh an aistir ar fad. Níorbh fhada ó shroich muid seit Ros na Rún gur thosaigh na ráflaí go raibh Michael D Ó hUigínn ag tabhairt Uachtarán na Gearmáine leis ar a chuairt chomh maith. Cheap mé go raibh an cloigeann ag dul titim de mo bhainisteoir le hiontas, ach bhí níos mó suime agamsa sna ráflaí go raibh an tUachtarán ag tabhairt a dhá ghadhar Bród agus Misneach leis.

Agus muid ag réiteach an bheatha tháinig slua aisteach Gardaí isteach, ag seiceáil na háite ar fhaitíos gur chuir muid buama i bhfolach i gceann de na rollaí ispíní nó rud éigin. Ansin, ón bhfuinneog chonaic mé an fear mór é féin agus a bhean chéile, chomh maith le Uachtarán na Gearmáine, a bhean chéile, agus toscaireacht na Gearmáine in éineacht leis. Bhí an-díomá orm nach bhfaca mé amharc ar bith ar na madraí.

Ar an drochuair domsa, ní raibh cead ach ag beirt ón gcaifé isteach sa seomra a raibh an ceiliúradh ceart á dhéanamh ann in éineacht leis an Uachtarán. Bhí orm féin agus mo chomhghleacaí fanacht ag obair linn i seomra difriúil, ag déanamh tae do dhream TG4 agus na póilíní Gearmánacha, rud nach raibh leath chomh suimiúil, ach bhí siad ar fad go hálainn. 

Faoi dheireadh na hócáide bhí muid ar fad tuirseach traochta agus bhí na fleascanna caifé á ndísciú. Chonaic muid an dá Uachtarán arís, agus pictiúir á dtógáil díobh le chéile, agus sul i bhfad, bhí siad imithe leo sna carranna móra dubha, agus na gardaí á leanacht.

Níor chleacht mise an saol gan TG4, agus go deimhin tá an foirgneamh díreach trasna ón áit a ndeachaigh mé ag an mbunscoil agus le taobh m’áit oibre, mar sin feicim nach mór chuile lá é.  Scaití bíonn sé go maith aird a thabhairt ar an seoid atá faoi do shrón!

SCÉALTA EILE