Iarradh orm an tseachtain seo dul isteach chuig rang aistriúcháin na chéad bhliana le labhairt leo faoin bhliain taithí oibre a rinne mé anuraidh. Dúradh liom nach raibh ann ach rud neamhfhoirmiúla gasta le hinsint dóibh cad a bhí ann agus ceisteanna a fhreagairt.
Grand. Níor bhac mé ullmhúchán a dhéanamh mar shílfeá go mbeinn i gceart ag labhairt faoin dóigh ar chaith mé bliain iomlán de mo shaol agus ag moladh do dhaoine eile dul agus déanamh amhlaidh. Ach tuigeann muid ar fad, a chairde, ní mar a shíltear a bhítear!
Níor aithin mé go dtí go raibh mé ag seasamh os comhair an ranga cé chomh neirbhíseach is a bhí mé ach rinne mé iarracht chuid de na rudaí ón Mindfulness a chleachtadh. Rith sé liom nach raibh ach an t-aon rang amháin den Mindfulness céanna déanta agam agus nach raibh cliú dá laghad agam cén dóigh é a dhéanamh mé féin, ach chuimhnigh mé go raibh anáil le glacadh agam agus rinne sin an beart don am i láthair.
Bhí reachtaire an Cumainn Ghaelaigh sa rang chomh maith le labhairt leo faoin gcumann agus thug mé uirthi dul ar dtús le go mbeinn in ann smaoineamh faoina raibh le rá agamsa.
Meancóg uimhir a haon.
Mar a tharlaíonn sé, is duine iontach í reachtaire an Chumann Ghaelaigh a bhfuil an-taithí aici a bheith ag labhairt os comhair slua. Is duine iontach eagraithe í chomh maith agus bhí sí ullmhaithe go maith le dul isteach ag labhairt leis an rang seo. Is í an chineál duine í atá go hiontach ag achan rud a dhéanann sí ach ní féidir fuath a bheith agat uirthi fiú mar gheall go bhfuil sí chomh deas sin chomh maith. So, chuaigh sise ar dtús. Dúirt sí a cuid agus bhí sí iontach, ar ndóigh.
Ach cuimhnígí anois go bhfuil muid i rang de chuid na chéad bhliana anseo agus ní labhraíonn duine ar bith sna ranganna seo. Is ar éigin go mbogann siad fiú.
Mise nuair a chríochnaigh sí a cuid:
Lucht na chéad bhliana:
Mo shealsa anois. Thosaigh mé go láidir:
“Dia daoibh! Is mise Dáire. As Doire dom“
Agus b’shin é an rud ab fhiúntaí a dúirt mé don chaint ar fad.
Thosaigh mé ag caint faoin taithí oibre ach níor thuig mise féin leath de na rudaí a bhí á rá agam. Ní raibh ciall ar bith leis na habairtí — bhí focail ag teacht amach as mo bhéal agus shílfeá gurbh í an tSean-Ghaeilge a bhí á labhairt agam. D’amharc mé ar bhean amháin agus bhí a fhios agam óna haghaidh go raibh seo chomh pianmhar céanna orthusan is a bhí ormsa. Níor chuidigh sé go raibh mé ag bárcadh allais.
Trí uair a chloig i ndiaidh dom toiseacht, tháinig deireadh le mo chuid cainte. Buíochas le mac Dé. Thóg mé anáil den chéad uair agus chuala mé an faoiseamh sa seomra. D’iarr mé orthu an raibh ceist ar bith acu ach bhí mé leath bealaigh amach an doras sula raibh seans acu dul i ngleic leis an mhéid a d’fhulaing siad.
Beidh lá oscailte don Ollscoil ar súil an deireadh seachtaine seo agus iarradh orm cúpla rud a rá ann faoin taithí oibre agus saol na hOllscoile agus cibé eile. Mar sin, má tá sibh ar lorg rud éigin le déanamh ag an deireadh seachtaine, tagaigí go Gaillimh agus bígí i láthair don seó beo!