Is annamh dom a bheith ag féachaint siar am seo na bliana. Cé go mbíonn go leor cainte ar an tsúil siar agus deireadh na bliana ag druidim linn, ní chuireann sé isteach ná amach orm de ghnáth. Is páiste beirt mhúinteoirí mise, agus mar sin cloím le féilire na scoilbhliana, agus cuirim an chuid is mó den dianmhacnamh maoth díom i mí Mheán Fómhair.
I mbliana áfach, is deacair dom an maoithneachas a sheachaint. Agus an phaindéim ag réabadh na tíre fós, is beag rogha atá againn i dtaobh siamsaíochta. Síos liom mar sin, ar bhóithrín na smaointe.
Nuair a smaoiníonn muid ar an saol i dtéarmaí srianta covid, ar a bhfuil ceadaithe agus nach bhfuil ceadaithe, tá an chosúlacht ar an scéal nár athraigh mórán sa saol le bliain anuas. Shamhlóinn gurb ionann 2021 agus 2020 in intinn fhormhór na ndaoine, ach is mór an t-athrú atá tagtha ar mo shaolsa sa tréimhse chéanna.
Tá an saol mórthimpeall orainn ina phraiseach, ach táimse níos sona, níos socra ionam féin ná mar a bhí mé riamh.
Bhí an t-ádh dearg liom i mbliana. Dáiríre, ní dóigh gur láidir a dhóthain an ráiteas úd. Tháinig deiseanna i mo threo is deacair dom a chreidiúint fós agus fiú nuair a ghlacaim leis gur tharla siad, cuireann sé iontas na gile orm. Fuair mé post nua a ghealann mo chroí, a thóg mé go cuid de na háiteanna is aoibhne ar fud na tíre agus ar chuir mé aithne ar roinnt cairde nua lena linn. Ní raibh sé de dhánacht agam riamh a shamhlú go mbeadh ‘obair’ chomh pléisiúrtha, ná chomh sásúil agam.
Tháinig an deis sin i mo threo gan choinne. Mar a deirim, bhí an t-ádh liom. Ach thit rudaí eile amach i mbliana nár thoradh an áidh a bhí iontu in aon chor ach toradh cinntí crua agus dianmhachnaimh; athruithe móra a thug ar aistear mé nach raibh mé ag súil leis.
Tháinig deireadh le mo chaidreamh grá sa samhradh; buille mór nach bhféadfainn a shamhlú an t-am seo anuraidh. Lena dheireadh, tháinig deireadh le caibidil mhór i mo shaol leis agus b’éigean dom athbhreithniú a dhéanamh ar go leor de na pleananna agus spriocanna a bhí leagtha amach agam dom féin.
Ba dheacair dom deireadh an chaidrimh sin a shamhlú, ach ba dheacra fós an chéad chaibidil eile a shamhlú; go mbogfainn go hoileán mara, go gcasfainn ar chairde nua a n-éireoinn chomh mór leo, agus go ndéanfadh a gcuideachta agus a ngáire mo chroí a fhuáil le chéile an athuair.
Ní minic a labhraítear ar a dhúshlánaí agus atá sé cairde a dhéanamh de réir mar a théann tú in aois. Ó d’fhág mé slán ag an ollscoil , chuir mé aithne ar go leor leor daoine idir obair agus eile ach má táim ana-mhacánta, is beag duine ar chas mé leo le linn na tréimhse sin a dtabharfainn ‘cara mór’ orthu. Daoine deasa gan dabht, ach an fíorbheagán acu ar mhothaigh mé nasc domhain leo, a raibh click eadrainn.
Ansin chuaigh mé go hInis Meáin, agus má bhí easpa den click rúndiamhrach i mo shaol roimhe, bhí mé anois i lár ceolfhoirne castainéid! Le seacht mí anuas, tá níos mó cairde déanta agam ná mar bhí déanta agam le blianta fada. Cairde aoibhne, cineálta, croíúla, spéisiúla, a bhfuil gáirí, ceol agus deora roinnte agam leo.
Is iomaí cúis áthais agus buíochais atá agam i mbliana, ach is é an chúis is mó bhróid dom ná na cairde úd, a bhfuil mo shaol á chaitheamh anois agam ina gcuideachta agus a bhfuil mo chroí arís lán dá mbarr.
Faoiseamh a gheobhadsa,
Seal beag gairid,
I measc mo dhaoine,
Ar oileán mara…