Nuair a bhí mise i mo bhuachaill, bhuaileadh daoine isteach sa teach linn ar a mbealach trasna, go háirithe tráthnóna Dé Domhnaigh.
Bhídís ag dul go dtí an Caisleán Nua, go dtí na Beanna Boirche, nó díreach ‘amuigh fá choinne spin’ mar a déarfá.
Bhíodh an teach lán le gaolta, le comharsana agus le cairde in amanna. Bhí go leor cairde ag m’athair.
Ach, mar a tharla ar fud na hÉireann, laghdaigh an nós sin thar na blianta go dtí mar atá cúrsaí anois agus nach mbuailfeadh mórán daoine isteach i dteach mo mháthar ar chor ar bith.
Bheadh sé ‘míbhéasach’ leaindeáil isteach gan choinne is dócha. Níl a fhios agam.
Anois, tá mo theach féin agam is annamh cuairteoir ar bith istigh againn, comharsa uair nó dhó sa bhliain seans. Cara nó beirt ag an Nollaig. Chuir Covid deireadh leis an nós sin fiú.
Tá mise sean go leor chun cuimhneamh go raibh corrtheach sa pharóiste seo, nuair a bhí mise i mo stócach, ach chan inniu nó inné sin anois, a raibh doras oscailte i gcónaí acu, ina mbíodh fáilte roimh dhaoine bualadh isteach san oíche le scéalta beaga a rá agus chun scéala a roinnt.
D’imigh sin agus tháinig Netflix.
Tá go maith, tá muid gnóthach, tá obair againn amárach, tá an saol dochrach dáiríre, sin cairpéad nua agus tá mo phrogram ar an teilifís.
Suíonn an seanfhear sa teach leis féin anois, níl spéis ag éinne ina chuid scéalta, níl aon fháilte roimhe i gcistineacha na ‘gcomharsan’, chaith siad fortún orthu ceart go leor ach más snasta iad tá siad fuar – bealach chun gaisce a dhéanamh as saibhreas is ea iad go díreach. Chan fhuil ceol nó comhluadar ann.
Tá struchtúr na sochaí scriosta go hiomlán óir ní comharsana na daoine béal dorais ar chor ar bith, is sealbhóirí tí iad, agus sin sin. Sin a bhfuil uathu.
Muise, cén gnó a bheadh ag daoine teacht chuig do dhoras san oíche? Sin a dearcadh a bhíonn ag daoine anois, faraor.
Ach mar bharr ar an donas, tchím go raibh sé ann áfach, go raibh sibh sa pharóiste agus gur roghnaigh sibh tiomáint thar mo dhoras.
Ní raibh sibh ag iarraidh braon tae ná scéilín. Bhí sibh ag iarraidh sleamhnú ar aghaidh i ngan fhios dom.
Cá bhfios dom sin? Cá bhfuair mé an fhianaise dá leithéid? Ar Facebook agus Twitter ar ndóigh.
Tchím go raibh cairde de mo chuid, idir fhíorchairde agus ríomhhchairde ar an bhaile seo nó gar de, iad sna sléibhte, ar an trá agus srl. Agus char bhuail siad cnag ar mo dhoras ar chor ar bith. Bíonn daoine ag seachaint comhluadair.
Breast é mar dhrochnós a deirim, breast é mar nós gallda. Dá mbeifeá sa pharóiste, buail isteach a deirim – ól tae, fíon nó poitín, ith ceapaire, suigh síos agus déan do ghoradh, bí i do Ghael.
Caithfear níos mó ná ‘tá’ agus ‘is’ a athbheochan, caithfear nósanna, cultúr agus béasaí a athbheochan fosta. Breast é mar ‘keeping up appearances’.
Agus, ní hamháin go mbainfeadh a leithéid le bundaonnacht ach bheadh gné an-phraiticiúil leis chomh maith
Tá sé deacair go leor Gaeilge a thabhairt do pháiste nuair nach gcloiseann siad an teanga ach ó dhuine amháin ar chlár na cruinne.
Tá sé deacair go leor Gaeilge a thabhairt do pháiste nuair a bhíonn comhluadar as Béarla amháin acu, rud a fhágann in amanna nach gcloiseann siad mar Ghaeilge ach ‘maidin mhaith’ agus ‘oíche mhaith’.
Faightear cora cainte, scéalta, amhráin, cultúr, greann ón phobal, ní ó thuismitheoir aonair. Nach mbeadh sé iontach dá gcluinfeadh páistí go leor daoine éagsúla ag caint sa teanga? Níl sin a dhul a tharlú más druidte dúnta a bhíonn ár ndoirse.
Mar sin, ná bac le Facebook, buail isteach agus labhair linn sa Ghaeilge.
Buail isteach linn, déan dearmad faoin chairpéad. Déanaimis nós Gaelach a athbheochan a dhéanfas maitheas dúinn mar phobal, dár bpáistí, dár sláinte intinne agus don teanga.
Tosaímis ag dul isteach i dtithe ár gcomharsan ar ár gcéile arís.
Nuair a bheas na doirse dúnta ar dhroim an diúltaithe, beidh fáilte dhúbailte i gCluain Daimh.