An gá dúinn labhairt faoi na séasúir? An t-athrú? An t-athrú intinne a thagann leo? Tá an dán ‘Cill Aodáin’ ar eolas againn – “Anois teacht an earraigh…” – ach cá bhfuil an plé ar theacht an fhómhair? An amhlaidh go bhfuil sé níos fusa dúinn díriú isteach ar an dóchas ná ar an mbás? Is dócha go bhfuil sé in ann dom a admháil, ní hamháin go mbíonn drogall orm an samhradh a fhágaint i mo dhiaidh, ach ní maith liom tús an fhómhair. Is cuma cé chomh fada is a mhair an samhradh, nó chomh maith is a bhí an aimsir, ní bhím réidh choíche slán a fhágaint leis. Téann an easpa teasa sin lámh ar lámh leis an mbrón a luíonn isteach i mo chroí, agus a thosaíonn á líonadh nuair a chím an chéad duilleog tite go talamh.
Le déanaí, chuala daoine a rá gurb é an fómhar an séasúr ab ansa leo, agus ní raibh mothú agam ar a gcuid cainte nó, ar a laghad, níor chreid mé na focail uathu. A ndála siúd a bhíonn ag maíomh gur maith leo pé bia folláin nó beatha ghlas shláintiúil atá á ithe acu de réir an fhaisin is déanaí, ag iarraidh an dallamullóg a chur orthu féin, agus nach iontach an mbheabhair atá acu. ‘Go n-éirí an t-ádh libh leis sin,’ a dúirt mé liom féin. Ach tar éis dom an séú duine a chlos á rá, b’éigean dom seasamh siar agus féinmhachnamh a dhéanamh. An é go bhfuil rud éigin as riocht ionamsa?
Ní chabhraíonn sé is dócha, go dtagann mo bhreithlá ag deireadh mhí Mheán Fómhair. Cé gur minic mé loite ag cairde ar an lá, ó bhíos óg, cianaí dúlionnach a bhí ionam ar an ócáid áirithe sin i mbliana. Tugann sé sin le fios dom nach mbaineann sé le bheith ag éirí níos sine, mar a cheapfá, ach le rud eile nach féidir liom a mhíniú go beacht. Bheartaíos i mbliana go rabhas chun an oiread taitnimh agus a d’fhéadfainn a bhaint as mo bhreithlá a cheiliúradh – rud a dheineas!
Ach fós féin, go gairid ina dhiaidh chuala an cnag coitianta sin ar dhoras m’intinne. ‘Ní i mbliana!’ a dúirt mé liom féin. Dheineas cinneadh glacadh leis an bhfómhar: sóchas, sult, agus sásamh a aimsiú san aimsir. Ach go dtí seo, níl orm ach fonn goil.
Athróidh sé sin, táim tar éis dul timpeall na gréine mo dhóthain uaireanta le tuiscint go dtiocfaidh suaimhneas agus sólásnuair a scaoilfidh mé leis an samhradh. Cífidh mé arís an gliondar atá sa seangheansaí olla. Agus beidh na tinte, fuiscí te, agus pluideanna leictreacha ann sul i bhfad. Ait go leor, ní chuireann an geimhreadh isteach orm leath chomh mór leis an bhfómhar. Agus tiocfaidh an geimhreadh leis.
Níl in aon ní ach seal. Ach is seal é seo atá deacair orm. Má bhraitheann tusa mar an gcéanna, theastaigh uaim a rá leat nach bhfuil tú leat féin. Bí cineálta leat féin. Bí foighneach. Agus thar aon ní eile, bí cinnte go dtiocfaidh na laethanta fada ar ais arís. Buíochas le Dia, thug na Gaeil ‘Deireadh an Fhómhair’ ar an mí dheacair seo, is dóchas go rabhadar ag iarraidh dóchas éigin a fhuáil isteach sna focail sin. Deireadh Fómhair: táim réidh dó.