‘Ní raibh bac ar bith ar an homaighnéasacht in Éirinn roimh an bPlandáil’

Tá Bród na Gaeltachta faoi lán seoil in iarthuaisceart Dhún na nGall agus réimse iontach imeachtaí ar siúl i gCloich Chionnaola, Gaoth Dobhair agus Dún Fionnachaidh mar chuid den fhéile.

Cuireadh tús le Bród na Gaeltachta Dé Domhnaigh le hócáid fhíorspeisialta – Cosán Casement – siúlóid stairiúil LADTAIÉ+ timpeall Chloich Chionnaola inar léiríodh stair leathan an phobail aeraigh sa cheantar.

Ba é an Dr Brian Lacey, staraí agus seandálaí bisiúil, atá aitheanta dá shaothar leathan ar stair agus seandálaíocht Thír Chonaill, a bhí ina threoraí. D’éinne a léigh an leabhar Terrible Queer Creatures: Homosexuality in Irish History, beidh siad lánchinnte gur saineolaí é Brian ar stair an phobail LADTAIÉ+ sa tír seo.

Tá scéal agus aistear saoil thar a bheith spéisiúil aige. Rugadh i mBaile Átha Cliath é, agus i ndiaidh dó seal a chaitheamh sa Bhruiséil, d’fhill sé ar Éirinn le tabhairt faoi chéim sa tseandálaíocht Cheilteach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Dhírigh sé isteach ar luathstair na hÉireann, nó stair na nGael, mar a thugann sé air, tréimhse ó aimsir Cholmcille suas go fada le Plandáil Uladh.

Agus é ag déanamh dianstaidéar ar an tréimhse ama seo, thug Brian faoi deara go raibh meon i bhfad níos oscailte maidir le homaighnéasacht ag na Gaeil, ná mar a bhí ag na Sasanaigh a chur an tír faoi smacht.

 “Ní raibh bac ar bith ar an homaighnéasacht roimh an Phlandáil. Is dóigh gur féidir a rá go bhfuil scoilt mhór in Éirinn ó thaobh stair na homaighnéasachta. Sa bhliain 1634, cuireadh dlí i bhfeidhm – an t-aon dlí amháin in Éirinn i gcoinne na homaighnéasachta. Ba é an Pharlaimint Choilíneach i mBaile Átha Cliath a chur an dlí sin i bhfeidhm. Is as Westminster a tháinig sé, ní as Éirinn,” a deir Brian.

Is mar chuid de Bhród na Gaeltachta na bliana seo caite a fuair mé mo chéad oiliúint ar cé chomh hoscailte agus a bhí Éire sula raibh fórsaí coilíneacha i gceannas sa tír. Thug Brian caint an-suimiúil ar stair an phobail LADTAIÉ+, ábhar a phléign sé arís nuair a rinne mé cathaoirleacht ar phainéal cainte leis féin agus an gníomhaí Izzy Kamikaze.

An rud is mó a sheas amach dom, agus mé ag éisteacht leis, ná an méid fianaise atá ann de shaolta agus scéalta daoine aeracha agus leispiacha. Labhair Brian liom arís faoin ábhar agus mhínigh sé go raibh “meon difriúil ar fad” ag na Gaeil faoi rudaí mar sin.

“Nílim ag rá go raibh gach duine sásta leis sin, ach tá go leor fianaise againn chun taispeáint gur chuma leo. Ní raibh aon bhac ar, ní raibh cosc ar, agus tá go leor fianaise, mar shampla, i nDlíthe na mBreithiúna, scéalta na Naomh, dánta na Meánaoise agus rudaí den sórt sin, a rinne cur síos go raibh a leithéid de rud ann; daoine aeracha agus leispiacha,” a dúirt sé.

Rinne sé cur síos ar dhán ón 11ú haois, scríofa ag fear darbh ainm Flann Mainistreach, a dhéanann cur síos ar na bealaí a fuair déithe na Tuatha De Danann bás. Déanann dhá líne sa dán tagairt do bhean darbh ainm Áine, iníon leis an Daghdha, a fuair bás ón méid grá a bhí aici do Bhanbha (ainm eile ar Éirinn). Mhínigh Brian dom go bhfuil i bhfad níos mó fianaise ar fáil, i bhfoinsí staire, faoi chúrsaí fear ná mar atá faoi chúrsaí ban. D’eascair scéal eile as sin, faoi Niall mac Fergaile, rí in Inis Eoghain, a fuair bás sa bhliain 779.

“Duine stairiúil a bhí ann. Bhí cáil air mar dhuine cráifeach aigeanta eolach. Tháinig bean chuige uair amháin le haincheist. Dúirt sí go raibh páiste aici, ach níor luigh sí le fear riamh, agus ní raibh a fhios aici conas gur tharla sé go raibh páiste aici. D’iarr an Rí uirthi ‘Ar luigh tú le bean?’. Nuair a dúirt sí leis gur luigh, mhínigh an Rí gur thoirchigh fear éigean an bhean sin agus gur thrasnaigh sé chuici. Anois, níl aon chur síos ar na mná seo. Tá an scéal seo ann le níos mó clú a thabhairt don rí, chun a léiriú gur fear cliste é. Tá scéalta mar sin againn sa litríocht Ghaelach, agus níl cosc ar bith nó bac ar bith ar an homaighnéasacht,” a dúirt Brian.

Chuir sé iontas orm cé chomh leathanaigeanta is a bhí Éire roimh an gcoilíneachas, agus thagair Brian don tionchar atá ag coilíneachas Shasana ar fud na cruinne, agus lorg a gcuid dlíthe i gcoinne na homaighnéasachta le feiceáil i dtíortha ar nós Angóla agus Ruanda sa lá atá inniu ann.

Cuireadh béim ar phearsana agus scéalta LADTAIÉ+ i gCloich Chionnaola agus tugadh Cosán Casementmar theideal ar an tsiúlóid mar gur tháinig Roger Casement go dtí an áit. Ba eisean a bhunaigh Coláiste Uladh, an chéad choláiste Gaeilge sa cheantar. Roinn an tsiúlóid scéalta go leor daoine aitheanta eile, an t-ealaíontóir agus an péintéir Derek Hill, ina measc.

Scéal amháin a sheas amach go mór domsa ná scéal Arthur Kingsley Porter. Bhí baint aige le hInis Bó Finne, amach ó chósta Mhachaire Rabhartaigh, agus bhí a ainm cloiste agam agus feicthe agam i leabhair staire agus mé ag fás aníos. B’iontach a scéal, agus bhí deireadh mistéireach leis, mar a dúirt Brian.

“Ba sheandálaí meánaoise é Arthur Kingsley Porter. Ba leis an gcaisleán agus an t-eastát i nGleann Bheatha, ach bhí bothán nó teach beag aige ar Inis Bó Finne, amach ó chósta Mhachaire Rabhartaigh, agus chuaigh sé ar strae. Fear homaighnéasach a bhí ann. Níl a fhios againn ar chuir sé lámh ina bhás féin, ar thit sé isteach san fharraige trí thimpiste nó ar imigh sé ón oileán faoi rún, b’fhéidir chun na mór-roinne le saol homaighnéasach a bheith aige.”

Cé go raibh deis ag rannpháirtithe Cosán Casement scéalta daoine aitheanta a chloisteáil, bhí sé de chuspóir ag Brian scéalta na ngnáthdhaoine a hinsint chomh maith.

“Tá scéalta ó na boic mhóra againn, daoine a bhí saibhir agus clúiteach, a bhí in ann saol homaighnéasach a bheith acu, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Tá sé tábhachtach scéalta na ngnáthdhaoine a insint chomh maith, agus níl mórán de na scéalta sin againn go fóill.”

Is dócha nach bhfuil mórán de na scéalta sin againn mar gur choimeád daoine LADTAIÉ+ a ngnéasacht faoi cheilt agus iad ag cur fúthu ina gceantair dhúchais, nó mar go ndeachaigh siad ar imirce.

Stop Cosán Casement ag Droichead na nDeor, droichead in aice leis an Mhucais, idir Chloich Chionnaola agus Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha.

“Droichead na nDeor a tugadh air, mar gurb é sin an áit as ar fhág na daoine a bhí ag dul ar imirce sa 19ú haois agus luath sa 20ú haois. Thiocfadh na comharsana agus a muintir go dtí an droichead sin agus ansin rachadh an duine a bhí ag dul ar imirce ar aghaidh go Doire. Tá an droichead an-cháiliúil i dtraidisiún Thír Chonaill, agus i dtraidisiún na Gaeltachta. Roinnt de na daoine sin, b’fhéidir roinnt mhór de na daoine sin, is dócha go raibh siad aerach. Stopamar ag an leac chuimhneacháin sin, le hómós a léiriú do na daoine sin agus cuimhneamh orthu.”

Cé go bhfuil sé an-tábhachtach féilte bróid a úsáid mar cheiliúradh, tá sé chomh tábhachtach céanna iad a úsáid le breathnú siar ar ár stair, agus breathnú amach chun tosaigh. Tá fairsinge agus doimhneacht ag baint le stair an phobail LADTAIÉ+ anseo in Éirinn, stair atá brónach go minic, ach gur gá a chaomhnú agus a roinnt leis an chéad ghlúin eile. Is iontach an rud é deis a fháil foghlaim faoin stair sin agus machnamh a dhéanamh air.

Tá breis eolais faoi Bhród na Gaeltachta ar fáil ar shuíomh na féile.

Is gá clárú d’imeachtaí ar Eventbrite Bród na Gaeltachta Bród na Gaeltachta Events | Eventbrite

Tá Bród na Gaeltachta ar Instagram, Twitter agus Facebook.

SCÉALTA EILE