‘Ní raibh mé chomh mí-aclaí seo riamh i mo shaol’

Ba chóir go mbeadh a fhios agaibh faoin am seo go bhfuil eagarthóir NÓS, Maitiú Ó Coimín, ag tabhairt faoin Camino faoi láthair. Bhí sé mar sprioc agamsa i gcónaí an Camino a dhéanamh, ní ar bhonn spioradálta ach mar gheall gur chuala mé go bhfuil sé dúshlánach ach taitneamhach. 

Shocraigh muid, mar sin, go rachfainn amach chuige agus go siúlfainn an giota deiridh leis. Bhí mé go hiomlán ar bís faoi dhul amach agus anois tá mé ag dúil go mór leis ach tá eagla ag teacht orm go bhfuil an t-am ag teannadh linn. 

Ní raibh mé chomh mí-aclaí seo riamh i mo shaol agus seachas a bheith ag rothaíocht ar obair agus téacsanna contúirteacha a chur chuig daoine a bhfuil fansaí agam dóibh, ní dhéanaim mórán le mo chroí a chur ag obair. 

Is fathach é Maitiú a bhfuil a chosa chomh fada agus atá mise ard agus is dócha go mbeidh mise ag rith le coinneáil suas leis agus, cé nach mbeidh mé ann ach ar feadh cúig lá, beidh mo chosa beaga gairide go hiomlán scriosta nuair a fhillfidh mé ar Dhoire — má éiríonn liom teacht ar ais in aon chor. 

Beidh orm an chéad oíche a chaitheamh in aerfort Santiago, rud atá ag cur níos mó imní orm ná mar atá an tsiúlóidh féin. Tá eagla orm go ngoidfear mé agus mé i mo chodladh, cé gur dócha nach mbeifí ag iarraidh mé a choinneáil, nó go ngoidfear mo ghuthán agus mo phas agus go mbeidh mé gafa ansin go deo gan agam ach focail dalba Spáinnise. 

Cé go bhfuil mé ag freakáil amach faoi anois, tá a fhios agam go mbeidh seachtain den scoth agam, agus nach mbeidh scéalta iontacha le roinnt agam dá bhfuadófaí mé?

Léigh mé i leabhar éigin tamall ó shin go bhfuil sé ríthábhachtach dul amach as do “chrios compoird” le go bhfásfaidh sé agus go mbeidh tú in ann níos mó rudaí a dhéanamh a chuireann eagla ort amach anseo. Tá mise mé féin iontach compordach anois ag dul ar obair agus ag caitheamh na hoíche i mo leaba, mar sin tá mé ag dúil go dtiocfaidh feabhas ar mo shláinte mheabhrach i ndiaidh dom seo a chríochnú chomh maith. 

Ach cá bhfios — seans go mbeidh nós nua agam dul ag siúl achan lá nuair a thiocfaidh mé ar ais. Bhuel, má éiríonn liom teacht ar ais. 

SCÉALTA EILE