Ní raibh uaidh Ana Kriégel ach cairdeas

“Is fearr an troid ná an t-uaigneas.” 

Sin a dúirt an t-abhcóide Sean Guerin agus é ag déanamh achoimre ar an bhfianaise ar fad a bhí ag an Stát in aghaidh Graham Dwyer, a ciontaíodh cúpla bliain ó shin i ndúnmharú Elaine O’Hara, bean uaigneach a d’fhulaing bás uafásach.

Is uirthi a chuimhnigh mé le seachtain, agus ar an tráthnóna sin sa gcúirt, áit a raibh mé ag obair mar iriseoir. Bhí an seomra chomh ciúin, chloisfeá na héin taobh amuigh agus Sean Guerin ag caint. Bhí pinn agus ríomhairí iriseoirí ag obair go crua. Seachas sin, bhí muid ar fad dírithe ar an abhcóide agus ag samhlú Elaine O’Hara ag siúil chun a báis. 

Tá siúlóid dheireanach Ana Kriégel ar eolas againn ar fad faoin tráth seo. Cailín óg a bhásaigh, ceal cairde. Mar gheall ar an uaigneas. In ainneoin gur dóigh gur cheap sí go raibh sé aisteach gur tháinig an buachaill sin ag an doras aici, roghnaigh sí dul sa tseans. 

B’fhéidir gur roghnaigh sí an troid in áit an uaignis. Bhí Ana Kriégel gann ar chairdeas. Chaith sí go leor ama ar líne, ach fiú ansin, tharla an bhulaíocht.

 D’fhulaing sí ag bulaíocht mar gheall go raibh sí difriúil. Tugadh ainmneacha uirthi mar gheall go raibh sí ard agus gur bhreathnaigh sí níos sine ná na déagóirí eile. Ach de réir a máthar, agus daoine eile, bhí Ana fós soineanta, agus fós ina gasúr. Fágadh amach as rudaí í, nó bhíothas ag magadh fúithi. Seoladh ábhar garbh aici ar an idirlíon agus rinneadh ionsaí gnéis uirthi. Rinne sí dochar di féin. 

Dúirt a máthair nach raibh uaithi ach cairde, agus gur thriail sí sin a dhéanamh. Meascán soineantachta, uaigneas, nádúr oscailte agus cineálta a chinn gur roghnaigh an cailín óg 14 bliain d’aois dul amach le duine a raibh súil aici a bheadh ina chara nua aici. 

Chaoin a máthair agus í ag tabhairt fianaise ag rá gur bhuail imní í chomh luath agus gur chuala sí go raibh a hiníon gaibhte amach, mar níor tháinig aon duine riamh ag doras di. Bhrisfeadh sí sin croí tuismitheora ar bith, ní áirím leis an deireadh thragóideach agus brúidiúil a bhí leis an tsiúlóid sin. 

Dúirt Buachaill B agus é ag caint leis na Gardaí gur weirdo a bhí inti, go raibh sí difriúil agus gur chuala sí go raibh sí in ísle brí. Dúirt sé go raibh sí ag tarraingt aird uirthi féin leis an éadach a bhíodh á chaitheamh aici. Ba léir go bhfacthas í mar chailín a d’fhéadfaí mí-úsáid a bhaint aisti don chraic. 

Ní raibh uaidh Ana Kriégel ach cairdeas. Ní bhfuair sí riamh é. Níl duine ar bith againn nár dearnadh bulaíocht de chineál orainn, nó nach raibh inár mbulaí, nó gur sheas muid siar ag ceadú slí don bhulaí. 

B’fhéidir go bhfuil cuid againn fós mar seo. Bíodh bás Ana linn i gcónaí. Smaoinigh uirthi má fheiceann tú bulaíocht ag tarlú. Mura raibh muid in ann cairdeas a thabhairt don chailín agus í beo, ba cheart comhluadar a choinneáil lena hanam anois. 

SCÉALTA EILE