Tá deighilt mhór i leibhéil oideachais na n-aicmí sóisialta in Éirinn. Iad siúd a fhreastalaíonn ar scoileanna príobháideacha, téann siad ar aghaidh chuig an tríú leibhéal; ní théann daltaí ó na ceantair is lú pribhléid. Níor cheart dúinn dia beag a dhéanamh den ollscoil agus ní mór a aithint nach n-oireann sí do chách, ach leathnaítear an intinn ann agus cruthaítear deiseanna fostaíochta. Is scannalach an rud é nach bhfuil an deis ach ag mionlach beag daltaí atá faoi mhíbhuntáiste freastal ar an ollscoil, mar sin.
Le cúpla bliain anuas, táthar ag iarraidh an neamhionannas i gcúrsaí oideachais a laghdú leis an gclár DEIS, a chuireann maoiniú agus tacaíocht sa bhreis ar fáil do scoileanna i gceantair bhochta.
Cé gur maith ann dó, níl ag éirí le DEIS an bhearna shocheacnamaíoch san oideachas a dhúnadh ná torthaí a ardú in aon bhealach suntasach. Is léir ó shampla tíortha eile freisin nach leor deontais chun cúrsaí a athrú: tá athrú radacach meoin agus cultúir ag teastáil freisin.
Tá scoileanna neamhspleácha sa Bhreatain agus i Meiriceá ag dul i ngleic leis an neamhionannas sóisialta trí fhilleadh ar sheanmhodhanna agus ar sheanluachanna teagaisc.
Ní rud tíoránta é cód dian iompair a chur i bhfeidhm, dar le bunaitheoirí na scoileanna nua-thraidisiúnta seo, ach a mhalairt: saorann sé déagóirí ón bpiarbhrú a bhíonn orthu drochmheas a léiriú i leith múinteoirí agus i leith cúrsaí acadúla.
Sna scoileanna nua seo cuirtear an-bhéim ar atmaisféar staidéarach dea-mhúinte a chothú, rud atá ina údar mór faoisimh do mhúinteoirí toisc go méadaíonn sé ar an méid ama ar féidir leo a chaitheamh i mbun teagaisc seachas bheith ag plé le drochiompar. Tá géarghá leis an gcineál cur chuige sin i gceantair áirithe, óir tá rátaí mí-iompair na ndaltaí tar éis ardú go mór le scór bliain anuas agus é ar cheann de na príomhchúiseanna go n-éiríonn múinteoirí as a bpost sa Bhreatain.
Díríonn na scoileanna seo ar an “litearthacht chultúrtha” a sheachadadh. Baineann sé seo leis an tuairim gur gá don scoil greim maith a thabhairt do dhaltaí ar bhuneolas an chultúir ionas gur féidir leo feidhmiú i gceart sa tsochaí. In Éirinn, mar shampla, is gnách do thráchtairí polaitiúla tagairt do Chogadh na gCarad nó don Tíogar Ceilteach gan na téarmaí sin a mhíniú toisc go nglacann siad leis go mbeidh a fhios ag an léitheoir céard is brí leo. Ach is iondúil nach bhfuil an réamheolas sin ag daltaí a bhfuil easpa leabhar agus acmhainní oideachasúla acu sa bhaile, rud a fhágann go bhfuil sé de dhualgas ar an scoil cúiteamh a dhéanamh ar an easnamh sin. Seasann an “litearthacht chultúrtha” le daltaí go fadtéarmach: cuireann sé ar a gcumas ní hamháin torthaí maithe a fháil agus freastal ar scoth na n-ollscoileanna, ach páirt a ghlacadh i saol cultúrtha agus polaitiúil na tíre freisin.
Tá ag éirí le roinnt mhaith de na scoileanna nua-thraidisiúnta caighdeáin acadúla den scoth a bhaint amach, in ainneoin go bhfuil siad lonnaithe i gceantair bhochta nach raibh traidisiún acadúil acu roimhe seo: tá rath faoi leith ar phobalscoil Michaela i Londain, cuir i gcás, áit a mbíonn daoine gan dídean ina gcodladh amuigh os comhair na scoile i gcaitheamh na hoíche agus snáthaidí drugaí caite os comhair an gheata. Is amhlaidh an cás é do Uncommon Schools i Meiriceá, eagraíocht neamhbhrabúis a reáchtálann scoileanna i gceantair bhochta agus a chuireann cód iompair dian agus ionchais arda acadúla chun cinn, cur chuige atá tar éis na mílte duine óg gorm a shaoradh ón mbochtanas trína gcur ar an ollscoil.
Tá leabhair scríofa ag an bhfear a bhunaigh Uncommon Schools, Doug Lemov, ar na teicnící teagaisc is mó a bhfuil rath orthu i scoileanna atá faoi mhí-bhuntáiste. Léiríonn sé go mbíonn torthaí sóisialta forásacha ag córas oideachais coimeádach. Is é sin le rá, scoileanna atá bunaithe ar luachanna traidisiúnta – obair chrua, féinsmacht, béim ar mháistreacht a fháil ar an eolas – éiríonn leo an bhearna acadúil shocheacnamaíoch a laghdú toisc go dtugann siad an deis do dhaltaí bochta torthaí den scoth a bhaint amach iontu.