Níl a fhios agam cén dóigh le feidhmiú gan a bheith ar scoil

Thosaigh muid ar an ollscoil arís an tseachtain seo agus tá mé an-sásta a bheith ar ais. Bhí sé galánta a bheith sa bhaile agus bhí an Fhrainc ar dóigh ach sílim go raibh mé saor ar feadh tamall rófhada agus níl ann ach go bhfuil mé sásta a bheith ag déanamh rud éigin arís. Is dócha go mbeidh mé ag gearán libh arís roimh i bhfad.

Is breá liom an chéad seachtain nó dhó ar ais ar an ollscoil. Bíonn níos mó ná dhá pheann agam, tosaím amach le leabhar nóta nua glan agus geallaim dom féin go mbeidh an seimeastar seo difriúil, go rachaidh mé chuig na ranganna, go gcuirfidh mé achan rud isteach in am agus go nglacfaidh mé lón liom chuig an ollscoil. 

Tá mé ag cur an dallamullóg orm féin, le scéal fada a dhéanamh gearr, mar tá a fhios agam nach dtarlóidh cuid ar bith díobh siúd — tá mé mall le measúnú amháin ón chéad seimeastar cheana féin.

Ach tá giota beag dóchais agam go fóill mar gheall gurb é seo an seimeastar deireanach dom ar an ollscoil agus muna fhreastalaím ar gach rang in ar laghad seimeastear amháin, ní bheidh mé in ann tabhairt amach do mo nianna as ucht ranganna a chailleadh nuair a bheidh siad níos sine. Níl mé ag iarraidh a bheith i m’fhimíneach. 

Tá daoine do mo cheistiú anois faoin bhliain seo chugainn: an bhfanfaidh mé ar an ollscoil nó an bhfuil mé ag iarraidh dul ar ais abhaile nó an bhfuil mé ag dul taistil timpeall an domhain “nuair atá mé in ann” — i.e nuair atá mé óg is gan páistí gan céile do mo choinneáil siar. 

Leis an fhírinne a rá, níl clú dá laghad agam. Tá mé cineál ag dúil go dtiocfaidh mé amach ón scrúdú deireanach agus go gcuirfí scairt orm ag tairiscint post foirfe dom. (Tá mé á scríobh seo ar mhaithe libhse, a dhaoine uaisle a fhostaíonn daoine le bheith ag scríobh nó ag caint xoxo.) [Friggeáil leat – Eag.]

Ag magadh atá mé (ach níl mé má tá tusa dáiríre faoi x) [Stop ag cur teachtaireachtaí glórphoist chugainn ag 4am – Eag.]

Ní bheidh a fhios agam cén dóigh le feidhmiú gan a bheith ag dul ar scoil. Tuigim go bhfuil sé déanta ag na mílte romham agus tá an chuid is mó acusan ag déanamh maith go leor dóibh féin ach tá eagla orm go mbeidh mé caillte gan a bheith ag dul ar scoil. Is iad cuid de na céad chuimhní atá agam cuimhní ón scoil agus is breá liom a bheith ag foghlaim. 

Ar an taobh eile b’fhearr liom gan rud ar bith a fhoghlaim riamh arís i mo shaol ná córas tagartha Harvard a úsáid oiread is uair amháin eile. 

SCÉALTA EILE