‘Níl aon duine i dTeach Laighean a bhreathnaíonn orainn mar phobal beo’ – Géarchéim na Gaeltachta

Má tá aithne ar bith agaibh orm, tá a fhios agaibh go bhfuil an ghráin agam air nuair a chuirtear iallach orm a dhul ag caint ar an nGaeilge. Ba é ceann de na jabannaí ba lú a thaitin liom nuair a bhíodh mé ag obair le Nuacht RTÉ/TG4 fadó an lá. Corruair, áfach, caithfear labhairt uirthi.

Bhain tuarascáil Thuismitheoirí na Gaeltachta stangadh asam. Níl ach 23% de theaghlaigh Ghaeltachta ag tógáil a gclann le Gaeilge. Táimid ag tráth anois nach bhfuil aon mhaith ann go mbeadh na Gaeil ag caint le chéile faoin ngéarchéim seo. Tá aird agus maoiniú ag teastáil ó Ghaeilgeoirí Gaeltachta le fanacht beo agus ní bhfaighidh muid é ag caint le chéile ar Nuacht TG4 nó ar RnaG. 

Mura bhfuil an saol mór ar an eolas faoi seo, níl seans na ngrást againn go bhfaighidh muid tacaíocht rialtais. Bhí sraith iontach ar TG4 anuraidh, Gaeltacht 2020. Bhreathnaigh mé air i gcomhluadar mo pháirtí nach bhfuil aige ach cead dul ag an leithreas i nGaeilge agus ag a dheireadh dúirt sé gur ghoill an clár air. Nár thuig sé an géarchéim. Mura bhfeicfidh daoine nach bhfuil Gaeilge acu an bhail atá á cur ar Ghaeilgeoirí, cén chaoi ar féidir linn a bheith ag súil lena gcuid tacaíochta? Caithfidh muid tosaí brú a chuir ar chraoltóirí labhairt faoin nGaeilge ar bhealach níos sofaisticiúla ná comharthaí bóthair agus costais aistriúcháin. Táimid ag fáil bháis. 

Mar dhuine Gaeltachta, atá i mo chónaí taobh amuigh den Ghaeltacht ach nach labhraíonn ach Gaeilge uair ar bith a théann mé abhaile, feicim an dá thaobh. Tá sé éasca ag an té atá timpeallaithe ag an nGaeilge, gan an ghéarchéim le feiceáil. Tá sé éasca ag an té nach bhfuil aon spéis acu sa nGaeilge ach nach bhfuil tada acu ina haghaidh ach oiread, gan an ghéarchéim a fheiceáil mar níl sé á cur faoina bhráid sna háiteanna ina mbíonn siad ag breathnú. 

Mar atá feicthe againn le COVID-19, taispeántar dímheas do lucht taighde nuair nach bhfeileann an fhírinne dúinn. Tá an rud céanna ag tarlú i measc Gaeilgeoirí nach bhfeiceann an pictiúr mór mar is ag Gaelgeoireacht le chéile atá muid. Ní fheiceann a ndóthain againn an cnoc oighir san uisce.

Níl an stát ná RTÉ ag comhlíonadh a gcuid dualgas. Is ar éigean go bhfuil an méid atá le déanamh mar gheall go bhfuil sé sa reachtaíocht á bhaint amach acu. Tá an tír ar fad ligthe síos dá bharr. Tá an dualgas á chur ar ghrúpaí pobail agus oibrithe deonacha obair saineolaithe a dhéanamh agus snámh in aghaidh easa nach bhfuil spéis an ghadhair aige ionainn. 

Níl aon duine i dTeach Laighean a bhreathnaíonn orainn mar phobal beo. Níl aon duine taobh amuigh de na meáin Ghaeilge ag insint do dhaoine céard atá ag tarlú ach oiread. Mar gheall ar an easpa maoinithe agus tacaíochta atá á fhulaingt ag na meáin Ghaeilge, níl na hacmhainní acu chun an scéal a insint i gceart do na Gaeilgeoirí fiú. Mothaím cosúil le The Scream, ealaín Edvard Munch. Ach cé a chloisfidh mé?

SCÉALTA EILE