Thugas turas an mhí seo ar bhean darbh ainm Bríd, toisc gurb í mí Mhuire na nGael í. Ní fheadfainn cuimhneamh ar Bhríd níosa shuimiúla agus níos fáiltiúla ná Bríd Bean Uí Mhaoileoin ón nGráig i bParóiste an Fheirtéaraigh, Súilleabhánach sara bpós sí.
Táimse á rá libh ach gur bean feasa agus eolais í seo, go bhfuil nach mór 95 bliain caite aici ar an saol seo. Is cuimhin liom, bhíomar ag taifeadadh cláir le Aniar TV faoi chúrsaí aimsire agus na comharthaí aimsire a bhí i nDúthaigh Duibhneach, agus is mó ceann san a bhí ag Bríd dúinn, a bhain le Tráigh Chloichir agus áiteanna eile. Tá meabhair ina ceann. Bhí sí ag tathant cupa tae orm nuair a ghabhas chuici ach shuíomar cois an range lá ceobhránach fliuch agus bhí comhrá ana-dheas againn. (Bhíos déanach ag teacht, agus arsa í, “bhís déanach ag teacht ar an saol, ní foláir! Ag magadh fúm a bhí sí!) Is mar seo a bhí againn.
Cad í an chuimhne is sia siar id’ cheann?
“An chuimhne is sia siar im’ cheann ná dul ‘n Daingean le Tommy Manning go raibh tacsaí aige i dteannta Mháire Uí Shúilleabháin, a bhí ina cónaí in aice liom, i gcoinne Aloys Fleischmann, (cumadóir agus ceoltóir) a bhí os cionn an cheoil san ollscoil i gCorcaigh.”
Sé bliana a bhí sí an uair sin, in 1935 nó 1936. Deir sí gur bóthar lán de chlocha ar fad a bhí ann: “ní raibh aon taithí ar an mbóthar againn chun é bheith níosa fhearr.”
Ag dul i gcoinne Fleischmann a bhí Bríd, go traein an Daingin.
“An t-aon ní amháin a chuimhním ar thraein an Daingin ná an puff-puff ag teacht isteach agus an solas dearg. Cuimhnigh air. Thuas ag an stáisiún a stadadh an traein, an áit a bhfuil an bóthar ag dul síos go dtí an Skellig anois.”
Cad é an lá is fearr a bhí riamh agat?

“Is dócha gurbh é an lá a phósas. Dar liom ach go háirithe, go rabhas sásta, mar bhí aithne agam ar an té a phósas ó bhíos ag dul ar scoil.”
Ní raibh aon chleamhnas ann an uair sin puinn, cé go raibh cleamhnais déanta do chairde léi, ach “bhí sé ag imeacht as an saol agus níorbh aon díobháil é!” Ó Imileá ab ea fear Bhríd, Jeaic. Ar an mBuailtín a phósadar. Ba é an tAthair Ó Ciosáin a phós iad, “go méadaí Dia a ghlór sna Flaithis.”
“Suit,” a chaith sí, “dath glas-gorm. Sciorta agus jacket agus hata agus mitíní.” “Is dóigh liom go raibh bláthanna agam a fuaireas ó dhuine éigin. 27 a bhí sí agus bhí sí geallta bliain roimh ré. 50 duine nó mar sin, a cheapann sí a bhí ar an bpósadh. “I dTrá Lí a bhí an pósadh. An áit atá Paddy Mahony anois , Meadowlands. Bhí hotel ann leis an uair sin.”
Cén saghas duine tú?
“N’fheadar cén saghas duine mé ach is dócha go bhfuil curtha suas agam le scata im’ shaol. Ní rabhas ach dhá bhliain is fiche nuair a cailleadh mo mháthair. Bhíos thall i Sasana agus bheinn críochnaithe i mí Dheireadh Fómhair ach i mí Mheán Fhómhair a cailleadh í agus thánga abhaile agus d’fhanas aige baile go dtí tar éis na Nollag agus chuas thar n-ais agus chríochnaíos i mí an Mheithimh agus thánga abhaile ansan agus d’fhanas aige baile ó shin.”
Cúrsa banaltrachta a dhein Bríd thall agus is minic a chabhraigh sí le banaltraí ar an mBuailtín chun instealltaí is a leithéid a thabhairt amach. “Tá ana-chuid feiscithe agam idir mhaith is olc agus tá ana-dhrochbhliain curtha isteach agam, chun an fhírinne a rá leat ach sin é an saol, a chroí, agus caithfidh tú cur suas leis. Níl aon tsásamh agat le baint don mbás. Níl.”
Cad í an chomhairle atá aici don aos óg?
“An chomhairle a thabharfainn dóibh, is dócha, ná, rud éigin a bhaint amach sa tsaol dá mbeadh spéis acu ann agus dá bhféadfadh siad fanacht leis, agus gan a bheith ag imeacht ó phost amháin go post eile, mar tá sé sin ana-mhór sa tsaol sa lá atá inniu ann. Bhínn ag imirt na gcártaí i gcónaí, an dtuigeann tú agus d’imrínn ‘briste’ (bridge) sa Daingean, ana-ghairid do dhaichead bliain.” “Cuibheasach, maith go leor!” a dúirt sí a bhí sí.
Cén t-amhrán is fearr leat?
‘Rachadsa is mo Chití ag válcaeireacht’, le Seán de hÓra. (Is é seo an tarna uair an rogha seo pioctha ag aíonna Charachtair na Leithinse!)
“Bhí aithne mhaith agam air, a chroí, fear deas.” 80 a bhí Seán de hÓra ach a gcailleadh é.
Cén seanfhocal is fearr leat?
“Níl aon tinteán mar do thinteán féin, mar tá sé fíor.”
Cén clár teilifíse/raidió is fearr leat?
“An Saol Ó Dheas. Faighim ana-shásamh ann. Is breá liom é. Is cuma cé bhíonn ag caint ann mar bheadh spéis agam ann. Bheadh an nuacht áitiúil leis agam, is leanfá ort ansan ag éisteacht leis agus bíonn an clár a bhíonn ag Dáithí Ó Sé leis go maith ar an dteilifís.”
Sa tig ina bhfuil Bríd fós a saolaíodh í, cé go gcaith sí seal i Sasana. Dódh an seana-thig a bhí acu go talamh in 1979.
“Dódh go talamh é. Ní raibh sé fuirist. Ach cad tá fuirist sa tsaol seo? Níl aon ní fuirist ann ach an lá a chur isteach.”
Tá an t-adh linn an pictiúir seo den lá a phós Bríd a fear céile, a bheith againn agus é crochta go mórálach aici os cionn an dorais. Is ea ‘ná thug duine éigin di é, mar dúirt sí go ndódh na pictiúirí eile ar fad a bhí aici.
Aisteoir leis an gcumann áitiúil taobh thiar de Dhaingean, Aisteoirí Bhréanainn, ba ea Bríd le linn a hóige agus is cuimhin léi dul ar “bhicycle ar na handlebars in éineacht le Tomás Ó Cinnéide, é siúd a scrígh Ar Seachrán, ó thuaidh ar an bhFeothanaigh. Ní rabhas ach cheithre mbliana déag.”
Sin aistear ana-fhada ar rothar, ar son na drámaíochta! Guím síocháin agus suaimhneas saoil ar Bhríd Uí Mhaoileoin, a bhí chomh fáiltiúil liom.