Níl córas teasa anseo ach tá neart uisce beatha againn!

Dúirt mé libh an tseachtain seo caite go mbeinn ag scríobh chugaibh ó shléibhte na Fraince agus creid é nó ná creid, tá mé anois i mo shuí sna sléibhte ag scríobh chugaibh! 

Ní dóigh liom gur thuig mé cé chomh iargúlta agus atá an ceantar thuas sna sléibhte ina bhfuil muid go dtí go raibh muid sa charr inné agus fear an tí dár nglacadh chuig a theach. 

Bhí sé cosúil le finscéal, muid ag dul suas bóthar casta, ag lúbadh fríd an bhforaois atá faoi bhrat sneachta. Anois agus arís, bhí teach nó bothán beag ann go raibh muid timpeallaithe ag na crainn arís.

Bhí baile beag nó dhó i measc na gcrann agus arís, mhothaigh mé go raibh muid i scannán nuair a chasann bean bhocht atá ar turas scoile ó Mheiriceá le prionsa Francach. Agus cé nach bhfuil Fraincis aici agus nach bhfuil Béarla aige, titeann siad i ngrá le chéile agus ar deireadh tá uirthi a saol ar fad a fhágáil ina diaidh le bogadh chun na Fraince le bheith ina bhanríon leis. 

Ach ar an drochuair, ní dóigh liom go bhfuil prionsa ar bith thart anseo agus tá barraíocht rudaí pleanáilte againne le bheith ag rith ar shiúl le grá Ghoogle Translate. 

Tá muid ag fanacht sna ‘Vosges’ i reigiún Moussey na Fraince a bhfuil clú agus cáil air as na fíniúnacha, Quiche Lorraine agus Jeanne d’Arc. Mothaíonn muid giota beag as áit, mar sin, agus muid ag rith thart sioctha fuar ag glacadh grianghraf de gach uile rud atá os ár gcomhair. Tá mé ag smaoineamh anois go raibh sé de cheart agam níos mó aird a dhíriú ar na ranganna Fraincise sa tríú bhliain ar scoil. 

Thiomáin muid fríd Alsace ar ár mbealach ón aerfort, réigiún ina bhfuil cúpla ceantar atá ar nós Gaeltacht bheag sa dóigh agus go bhfuil a dteanga is a gcultúr féin acu ach chuala muid gur brónach an scéal é do na ceantracha siúd mar gheall nach bhfuil mórán dóchais ann dá dteangacha agus an Fhraincis ag formhór na ndaoine ann. 

Chuaigh muid ar thuras sléibhe le radhairc den scoth a fheiceáil agus ar ndóigh, bhí orainn snaps a fháil d’Instagram chomh maith. 

Tá muid ag dul anois chuig síbín de chineál éigin, nach bhfuil córas teasa ná leithreas ná uisce reatha ann agus tá cineál eagla orm. Tá taithí agam ar a bheith ag campáil agus tá muid ar fad i ndiaidh ár mún a scaoileadh taobh amuigh nuair is gá (léigh: i ndiaidh cúpla pionta) ach ní thaitníonn sé liom a bheith fuar in aon choir. 

Bhí mé sioctha fuar inniu agus muid amuigh ag siúl, agus sin nuair a bhí muid ag bogadh i lár an lae. Tá neart uisce beatha linn cibé ar bith agus déarfainn go mbeidh muid té go leor i ndiaidh dúinn cúpla gloine de sin a ól. Nó tá súil agam cibé! 

SCÉALTA EILE