Bhí mé féin, mo dheartháir, mo dheirfiúr, mo chol ceathrair agus a buachaill uilig suite taobh amuigh cois tine oíche Dé hAoine ag caint agus ag ól. Thosaigh muid ag caint ar a bheith ag dul amach le daoine agus, ar ndóigh, bhí mo chol ceathrair agus a buachaill ansin le chéile agus bhí mé féin luite sa gcróchar crochta (níor thaitin focal ar bith liom a bhí sa bhfoclóir nuair a chuartaigh mé “hammock”. Tuigim an bhaint atá ag cróchar le bás ach ní focal coitianta é níos mó ar aon chuma mar sin má oibríonn sé ní miste liomsa).
D’airigh mé an spás folamh i m’aice ina bhféadfadh mé féin a bheith breá cozy le cailín deas éicint agus an chompóirt a thagann le colainn eile a bheith sínte liom sa gcróchar crochta a aireachtáil agus an chraic a bheadh agam le duine a mbeadh nasc rómánsúil agam léi.
Ar aon chuma dúirt duine éicint, an fhad agus a bhí sé seo ag gabháil trí m’intinn, go mbíonn amanta ann ina mbíonn siad féin ag iarraidh duine agus amanta eile ina mbeadh sé ina phian sa tóin a bheith ag iarraidh cois a choinneáil le duine éicint eile nuair a bhíonn an oiread ag tarlú i do shaol féin.
Agus dá bhrí sin thosaigh mé ag cuimhneamh ar chailíní a ndeachaigh mé féin amach leo cheana agus an chraic a bhíodh againn amanta ach freisin ar na huaireanta a bhíodh sí crosta liom nuair nach mbínn á freagairt sna téacsanna nó a bheith ag iarraidh glaoch a choinneáil réasúnta gearr uaireanta a bhí mé féin gnóthach le rud éicint a theastaigh a dhéanamh.
Mar sin, bhí muid ag magadh go mbeadh sé iontach dá bhféadfá a bheith ag gabháil amach le duine nuair bhí sé handy ach gan a bheith ag gabháil amach leo nuair a bhí an saol róchraiceáilte.
Tamall ina dhiaidh sin bhí chuile dhuine eile bailithe a chodladh agus bhí mé féin luite sa gcróchar crochta asam féin sa dorchadas ag críochnú mo thodóg sula ngabhfainn féin a chodladh freisin. Bhí mé chomh suaimhneach. Bhí mé sínte ansin ag stánadh suas trí na crainnte ag smaoineamh ar rudaí le scríobh do NÓS i measc smaointe eile faoi mo shaol (ach cén smaoineamh acu sin is tábhachtaí, meastú?) agus bhí mé a cheapadh go bhféadfainn maireachtáil sa tráth sin go brách.
Bhí mogall san eangach ónar déanadh an cróchar crochta a bhí díreach sách leathan le mo bhuidéal beorach a ligeann isteach ach a bhí sách teann lena choinneáil agus gan ligeann dó titim. Bhí thart ar dheich nóiméad fágtha ar mo thodóg. Bhí mé i mo rí.
Ach ansin chuimhnigh mé ar an gcraic a bhí agam le mo mhuintir fiche nóiméad roimhe sin sula ndeachaigh siad a chodladh agus chuile uair eile a chuir siad sin agus mo mhuintir ar fad ar fud na cruinne ag gáire mé. Thosaigh mé ag cuimhneamh ar an gcraic a bhíonn agam le mo chara is fearr sa mbaile in Éirinn agus mo chuid cairde eile uilig in Éirinn agus i Meiriceá. D’fhéadfainn maireachtáil i gceann ar bith de na tráthanna sin go brách freisin agus ní aireoinn dólás riamh arís.
Ach is éard a thug mé faoi deara ná dá mbeinn ag maireachtáil i gceann ar bith de na tráthanna sin go deo ní fheicfinn ceann ar bith de na tráthanna eile go brách arís. (Tá ciall leis an abairt sin i m’intinn anois agus mé á scríobh seo. Níl a fhios agam an bhfuil mé á mhíniú sách maith duitse, a léitheoir).
Tá an oiread uaireanta sa saol ina mbeadh sé iontach dá dtitfeadh an bonn ar an dá thaobh in aon chaitheamh amháin, cailín a bheith agam ach gan í a bheith agam, suaimhneas óna bheith i m’aonar ach craic an chomhluadair agus níl a fhios cé mhéid gné eile den saol inar mhaith liom an dá thrá a fhreastal.
Tá só le baint as chuile cheann de na rudaí sin ach níl iomláine an tsaoil le fáil in aon cheann amháin acu.