Tá mé ag streachailt go mór leis an scríbhneoireacht le cúpla seachtain anuas, ó d’éirigh mé as an chomhairleoireacht agus tá sé ag cur as go mór dom.
Sílim go bhfuil cuid de ann mar gheall go bhfaighinn inspioráid ó na rudaí a phléigh muid sa seisiún comhairleoireachta agus bhínn ag smaoineamh faoi sin don tseachtain ar fad. Agus ar ndóigh, tá mé i bhfad níos imníche fosta ó stop mé ag dul chuig na seisiúin.
Ar an drochuair, bhí orm stopadh mar gheall ar chúrsaí airgid, rud a chuireann brón agus fearg orm, agus tá sé fíordheacair comhairleoir nua a aimsiú atá saor in aisce agus nach bhfuil ort fanacht sé mhí fá choinne coinne.
Mar gheall go mbíonn fanacht chomh fada sin ann, bheadh eagla orm nach dtaitneodh an duine liom agus go mbeadh orm fanacht sé mhí eile fá choinne coinne le duine nua agus cuireann sin strus orm. Agus tá sé deacair go leor dom déileáil leis an strus atá orm cheana féin!
Scríobh mé an tseachtain seo caite faoin nasc idir an drochshláinte mheabhrach agus a bheith cruthaitheach, agus cé go dtuigim anois cad chuige a tharlaíonn sé, bím go fóill i mo shuí achan uile lá ag amharc ar an leathanach glan ag streachailt le rud éigin a scríobh. Cuirim an-bhrú orm féin nuair nach dtagann sé chugam agus déanann sin achan rud níos measa.
Ní hamháin go bhfuil mé ag streachailt leis an scríbhneoireacht, ach tá sé deacair feidhmiú mar dhuine nuair atá mé buartha faoi achan rud agus bím buartha fúm féin nuair atá sé deacair feidhmiú. Fáinne fí atá ann atá deacair fáil amach as.
Pléim an t-ábhar seo minic, mar ar an drochuair tá mo shaol ar fad faoi smacht ag an imní faoi láthair ach tá mé ag teacht amach as giota ar giota agus tá a fhios agam go bhfuil daoine eile thíos leis chomh maith, go háirithe mic léinn eile atá ag streachailt le cúrsaí ollscoile.
Bíonn níos lú daoine ag freastal ar na ranganna thart ar an am seo den bhliain agus sílim go mbaineann sin leis an meabhairshláinte. Níl daoine in ann dul i ngleic leis an obair ar fad agus muid ag cailleadh ranganna dá bharr.
Ba bhreá liom dá mbeadh níos mó tacaíochta ann do mhic léinn ó thaobh cúrsaí meabhairshláinte agus go mbeadh an ollscoil níos tuisceanaí faoi. Bheadh daoine níos sásta ar an iomlán agus bheadh daoine in ann labhairt faoi go hoscailte agus go compordach gan a bheith ag smaoineamh go bhfuil siad aisteach nó go síleann daoine go bhfuil siad ag iarraidh aird a tharraingt orthu féin. Agus bheadh meon na mac léinn níos fearr dá sílfeadh siad go raibh an ollscoil ag iarraidh aire a thabhairt dúinn, mar is léir anois nach bhfuil ionainn ach uimhreacha agus airgead.