Tá an chuma ar an scéal go mbíonn daoine trasghnéasacha ar fud na háite anois, chan amháin ar an teilifís, ach sa ghnáthshaol – san oifig, ar an tsráid, agus sna scoileanna.
An raibh iontas orm nuair a chuala mé go raibh duine trans i mo theaghlach féin, mar sin? Duine de mo chuid páistí, fiú?
Bhí m’iníon ina cailín maith óg nuair a rugadh mo mhac. D’iarr sí orainn an bhliain sin a cuid gruaige a ghearradh go han-ghairid. Níor shíl muid gur rud iontach é; pixie cut an t-ainm a bhí ar an stíl, agus bhí sí galánta agus gruaig ghairid uirthi, fíorchosúil le Audrey Hepburn.
Thosaigh cúpla gasúr sa scoil ag magadh fúithi, ag rá go raibh cuma buachalla uirthi anois, agus chuir sí fáinní ina cluasa le bheith níos banda. Ach anois agus mé ar bhóithrín na smaointe, ní raibh sí iontach ‘banda’ riamh. Bhí sí gléasta, lá, mar Superman fá choinne Oíche Shamhna, agus thug duine i ndiaidh duine ‘Supergirl’ uirthi, agus bhí sí le ceangal. “Níl mé i mo Shupergirl, is Superman mé!” a dúirt sí. Níor smaoinigh muid lá eile fá dtaobh de, ní raibh sé tábhachtach.
Samhradh na bliana sin, dúirt sí go ciúin liom oíche amháin gur mhothaigh sí in amanna níos cosúla le gasúr ná girseach. Gender fluid an lipéad a chuir sí uirthi féin ag an am. Ní raibh barúil ar bith agam an oíche sin cá háit a bhfuair sí an téarma, ach tá a fhios agam anois gur féidir le duine ar bith cuid mhór a fhoghlaim ó YouTube na laethanta seo.
D’aistrigh sí go scoil nua fá choinne A-levels, agus ceannaíodh éide scoile úr di – léine bhán, carbhat, agus sciorta, ar ndóigh. Anois, bhí cead ag na girseacha bríste a chaitheamh sa scoil nua, ach bhí sí féin sásta le sciorta. Thug muid £25 air. Trí lá sular thosaigh sí sa scoil, dúirt sí gur mhaith léithe bríste a chaitheamh, agus fuair muid é in Asda ar chostas £5. Chaith sí bríste gach lá ó shin agus thug muid an sciorta do chara dár gcuid.
Thart fán am sin, fuair sí cárta Nollag, nó cárta breithlae, ó chara dá cuid agus ainm eile scríofa air. Bhí saghas náire uirthi faoi seo, agus dúirt sí gur le teann grinn a scríobhadh é. Ach cúpla seachtain ina dhiaidh sin dúirt sí linn gurbh fhearr léi go dtabharfaí an t-ainm nua uirthi, agus go mbainfimis uilig úsáid as an t-am ar fad.
Ainm ‘neodrach’ a bhí ann, cosúil le Kris, nó Sam, nach dtabharfadh le fios láithreach inscne an té a bhfuil sé air. Agus sin é go díreach an chúis a bhí aici an t-ainm a athrú, ar ndóigh. Diaidh ar dhiaidh d’éirigh sí níos sásta inti féin agus féiniúlacht an bhuachalla á tarraingt chuici féin, agus chuaigh muidne i gcleachtadh leis an rud fosta.
Maith go leor, bhí a cuid cairde ag tabhairt an ainm nua uirthi cheana féin, agus thosaigh muidne ag déanamh amhlaidh. Labhair muid ansin leis na seantuismitheoirí, agus bhí sin rud beag níos deacra. Agus ansin leis an scoil, bhí siad sásta go leor leis an ainm nua sa scoil ach mar sin féin, bhí deacracht ann leis na ríomhairí – nach mbíonn i gcónaí? – ach i ndiaidh tamaill socraíodh sin fosta.
Anois, mar is eol duit, forbraíonn an cholainn a bhíonn ar mhná óga, agus ní raibh m’iníon sásta leis an fhorbairt fhisiciúil sin in aon chor. Chuaigh muid go grúpa tacaíochta i mBéal Feirste darb ainm ‘Gender Jam’ agus an chomhairle a fuair muid ná binder a cheannach. Cuireann an binder cuma an bhuachalla ar an ghirseach a chaitheann é. Fuair muid ceann ó Mheiriceá ar £30. Bhuel, bhí m’iníon ag fás fós, agus bliain ina dhiaidh sin, bhí ceann eile de dhíth. Thug muid an chéad cheann do ‘Gender Jam’ – bíonn siad á mbailiú agus tugann na seanchinn do dhaoine óga nach bhfuil go leor airgid acu chun iad a cheannach.
Sa Tuaisceart, tá cúpla eagras eile ann a thugann tacaíocht do dhaoine trans: SAIL, eagraíocht neamhspléach do thuismitheoirí, KOI (Knowing Our Identity), agus oibríonn cuid de na seirbhísí oifigiúla slándála le daoine trans.
Deich mbliana ó shin ní raibh ach 30 duine ag úsáid na seirbhísí sin, ach méadaíodh ar an líon sin go tobann le cúpla bliain anuas agus anois tá níos mó ná 200 duine, idir óg agus aosta, ag baint leasa as an chuidiú atá ar fáil. Agus cá bhfios cá mhéad duine atá ann nach bhfuil i dteagmháil leis na grúpaí seo go fóill.
Tá m’iníon féin, mo leithscéal, mo mhac féin sásta go leor fá láthair. Níl rud ar bith go hiomlán furasta – glacann sé an piollaire, cuir i gcás, chun a chuid cúrsaí a stopadh, ach níor oibrigh sé agus caithfidh sé piollairí eile a fháil. Tháinig tuairisc scoile ‘na bhaile agus an t-ainm mícheart uirthi – bhí an scoil iontach buartha fá dtaobh de, meancóg a bhí ann, agus níor tharla sé arís!
Mionrudaí atá iontu, ach bíonn an tréimhse mar dhéagóir doiligh go leor, agus cuireann gach fadhb bheag eile níos mó struis ar an teaghlach. Ach de réir a chéile, tá muid ag dul i dtaithí ar an ainm nua, mamó fiú, agus úsáideann muid na forainmneacha cuí b’fhéidir 90% faoin chéad den am. Agus amach anseo? Níl a fhios againn. “Bhuel, beidh sé ag dul faoi scian,” arsa mo mháthair, buartha ach sásta faoi dheireadh gur thuig sí an cás. “B’fhéidir é,” a dúirt mise, “nó b’fhéidir go mbeidh sé ina bhuachaill gan bhod.” Thit miongháire mo mhamaí agus tháinig mearbhall uirthi arís. Saol úr atá againn uilig, agus beidh am de dhíth go dtí go mbeidh taithí mhaith againn air. Agus tá sé sin ceart go leor.