Níl rud níos réabhlóidí do bhean ná grá a bheith aici di féin 

Tá seacht mí caite anois ó a scaoil mé mo bhuairt libh mar gheall ar an meáchan a bhí curtha suas agam le breis agus bliain anuas. Níor thit mé i ngrá le mo cholainn arís go dtí an tseachtain seo caite. Is de bharr meáchan a chailliúint a tharla sé seo, ar ndóigh.

Chaith mé deireadh seachtaine ag Féile na Gealaí ag caitheamh riteoga áiféiseacha ildaite, bandaí cinn ealaíonta agus spéaclaí gréine gleoite. Bhí an ghrian ag taitneamh, bhí an ceol faoi lánseoil agus bhí mo chíocha ag gobadh amach as mo léatar gan cíochbheart ar bith orm.

Bhíos ag damhsa le saoirse agus ag bogadh go muiníneach. Bhuaigh mé duais don duine “is faiseanta” ar láthair na féile agus ní raibh bac ar bith orm fiodrince a dhéanamh le mo lámh ar mo chromán le m’fheitis a thaispeáint don cheamara agus don domhan.

Cúpla lá ina dhiaidh sin, chuir mé orm na gladrags arís do bhainis mo charad. Bhain mé sárthaitneamh as mo ghruaig a chaitheamh ar bharr mo chinn, m’aghaidh a phéinteáil agus na sálaí airde a chur ar na chosa áille thíos faoin sciorta fada. 

Bhí meangadh mór gáire ó chroí orm don deireadh seachtaine ar fad, fiú amháin an lá dár gcionn nuair a bhaineas gach uile rud díom seachas bicíní beag bídeach ar thrá an Leachta le dul ag snámh agus ag spraoi san fharraige.

Chailleas an-chuid meáchain le déanaí agus tháinig ardú croí as cuimse orm. Agus, a chairde, tá mé níos mó anois ón uair dheireanach a labhair mé libh. 

Chailleas brú millteanach na gruaime ó mo ghualainne. Tá meáchan na gcaighdeán áilleachta sna meáin caite i mo dhiaidh agam agus ualach a slat tomhais bainte díom. Tá taibhse mo cholainne óige scaoilte uaim agus anois grá agam do na marcanna sínteacha corcra ar mo chromáin.

Chailleas an náire agus an déistin a bhain le haghaidh a thabhairt ar an scáthán nó ar ghrianghraf díom agus anois, feicim cailín álainn le corp agus anam a théann léi.

D’éistíos leis an bpodchraoladh nua, Bite Back le Roz Purcell le déanaí. Bhí sí ag caint leis an láithreoir raidió Lousie McSharry mar gheall ar an mbrú millteanach a chuirtear ar mhná (agus is dócha, orainn go léir) a bheith caol, le craiceann gan smál, cothaithigh atá ónár gcoirp a shéanadh agus saol míshláintiúil a chothú fad is atá an aeistéitic “mar is ceart” in ainneoin na hísle brí i ngach gné eile de.

Fanfaidh rud amháin a dúirt McSharry liom go deo; “Ní féidir aire a thabhairt do rud éigin a bhfuil fuath agat dó”. Nach fíor é. Más ag troid i gcoinne an ruda a thugann slán tríd an saol mé ó lá go lá, is i ngéibheann a bheidh mé i gcónaí. 

Chuir sí ag machnamh mé mar gheall ar an smaointeoireacht atá ann i leith moltaí a thabhairt ar cholainneacha na mban. Is annamh a dhéantar mionscrúdú ar an ‘meáchan’ a bhaineann le ráitis i leith coirp an duine, fiú más rud dearfach atá ráite. Is féidir creidiúint ó chaint mar seo gur ionann luach an duine agus an cuma atá ar a corp aici. 

Cuirfidh mé éadaí deasa orm i gcónaí, agus ní stopfaidh mé le gealra, fabhraí bréige agus smideadh de gach dath a chur orm nuair is mian liom. Is bealach é sin na mothúcháin atá taobh istigh ionam a chur i láthair orm go fisiciúil. Ach ní i gcoinne mo cholainne a bheidh sé ach in éineacht léi.

Thug feistis na ndaoine thart timpeall orm ag Féile na Gealaí, ag an mbainis agus ar an trá spreagadh dom an tseachtain seo. Nach álainn ár n-éagsúlacht! Bíodh sé sin éagsúlacht ó thaobh crutha de, dath gruaige de, faisean de, fiú stíl damhsa de, is é seo a thugann blas don saol. Bhainim anois díom clóca na buartha agus beirim greim seilbhe ar mo spás sa domhan.

Táim bródúil as mo ghluaiseacht damhsa a dhéanann níos éadroime mo chroí. Táim buíoch de mo chairde, a thugann an creideamh dom go bhfuil mé álainn sa bhealach ina fheiceann siadsan mé.

Táim cinnte go mbeidh sé fós ina streachailt ó am go chéile a bheith iomlán compordach leis an gcuma atá orm i gcónaí. Ach smaoiním air seo — níl aon rud níos réabhlóidí do bhean sa domhan seo sa lá atá inniu ann ná grá a bheith aici di féin. 

Tá gach gné den sochaí ag iarraidh cur isteach ar a misneach agus a rá nach leor an duine atá inti, fiú amháin cearta a bhaint di dá bharr. Seasaigí an fód agus ná bíodh náire ort de bharr an spáis a líonann tú.