Níl san óige ach seal – seal a mhair róghearr do mhuintir McGinley

Bhí mé mall ag scríobh an ailt seo (mo leithscéal leis an eagarthóir a shaothraíonn an Déardaoin agus an Aoine ag fanacht liom) agus chuir mé an milleán ar scrúdú praiticiúil a bhí le déanamh ar maidin inniu, agus an mhoilleadóireacht a rinne mé inné ag ligean orm féin go raibh mé ag staidéar lena aghaidh. 

Rinne mé an scrúdú go moch ar maidin inniu, agus shuigh mé síos le cupán tae ag fáil faoi réir le mo chuid fuinnimh a chur isteach san obair seo. Ag dul ag scríobh ar chúrsaí spóirt san olltoghchán a bhí mé, agus bhí mo chuid tuairimí á gcruinniú agam, go dtí gur chuala mé na ceannlínte nuachta agus athair na bpáistí a bhásaigh i mBaile Átha Cliath ag caint ag a sochraid. Stop sé mé. 

Shamhlaigh mé an triúr páistí beaga, Conor, Darragh agus Carla nach raibh ach naoi, seacht agus trí bliana d’aois agus a nádúr agus a soineantacht a léirigh a n-athair bocht Andrew McGinley ag déanamh iarrachta guth a thabhairt do leanaí beaga a tógadh ón saol seo. 

Ní thugtar dóthain ama do shoineantacht páistí sa lá atá inniu ann. Déanann muid dearmad chomh simplí agus atá an saol do ghasúir. Níl uathu ach grá, comhluadar agus spraoi. 

Labhair Andrew Morley ar an gcraic a bhí acu, agus lena ghuth, d’fheadfá an saol a bhí acu le chéile a shamhlú. Chonaic mé iad ag spraoi le LEGO ar an urlár, agus chuimhnigh mé ar mo nia beag féin agus an time a bhí againn nuair a chaith muid cúpla lá in Legoland.  

D’inis sé dúinn faoin scoil agus an naíonra, agus níl duine ar bith againn a chuala é, nár chuimhnigh ar ghasúir suite ag boirdíní beaga ag dathú agus ag foghlaim. Labhair sé faoin gcaoi gur aimsigh sé na gasúir, básaithe sa mbaile, agus an tacaíocht a fuair sé ó na seirbhísí éigeandála a chaith chomh maith leis, in ainneoin an drochbhail gur dhóigh a chuir sé orthusan chomh maith.

Chuimhnigh mé ar thiománaithe otharchairr agus Gardaí agus seirbhísí dóiteáin a chuidíonn go laethúil le daoine agus a gcuid saoil ag titim óna chéile. 

Dúirt Andrew McGinley gur thuig sé anois céard é an ‘briseadh croí’, ag rá gur úsáid sé ró-mhinic é nuair a chaill foireann na hÉireann cluiche. Tuigeann sé anois an mothú a bhaineann leis an gcroí agus anam a bheith tarraingthe amach as do chliabhrach, agus ní chuirfear caoi go brách ar an mbriseadh croí sin.

Labhair sé chomh macánta faoin bpian, agus níl duine ar bith a chuala faoin scéal nach bhfuil ag iompar cuid den chros sin leis le seachtain. Tá rudaí sa saol atá tábhachtach, cosúil le maoiniú spóirt don chaitheamh aimsire agus don tsláinte, ach gan grá, tacaíocht, agus comhluadar, níl tada againn. 

Má tá aon daoine beaga i do shaol, ceannaigh uachtar reoite dóibh, déan teachín beag Lego, agus tug amach ag spraoi iad. Níl san óige ach seal, agus bhí sé i bhfad róghearr do Conor, Darragh agus Carla. 

SCÉALTA EILE