Tá mé ag iarraidh rud éicint a oibriú amach. Céard é nádúr na soiniciúlachta agus cén caidreamh atá ag an gcine daonna léi ó ghlúin go glúin.
Feictear dom féin nuair a chloisim duine éicint ag iarraidh a bheith ag oibriú amach zeitgeist ár linne go dtagann mé féin ar ais chuig an tsoiniciúlacht i gcónaí.
Bhí deis agam féin cúpla bliain ó shin páirt a ghlacadh in iarracht ceol a chur le dánta Joe Steve Uí Neachtain, go ndéana Dia grásta air, agus bhí dán amháin, a scríobhadh mar fhreagra ar dhán eile, darbh ainm ’Siniciúil’ a rinne cineál magadh faoin meon dearfach a bhíonn ag daoine i dtreo na Gaeilge I gcomparáid leis an gcuma atá ar chúrsaí teanga faoi láthair.
“Ní theastaíonn plean ná gníomh níos mó,
Cur i gcéill ná cur i gcás,
Tá’n teanga Ghaeilge in iothlainn Dé
Más fíor don Tweet ón spás.”
Chuile uair a chuimhním ar an ngiota beag sin cuireann sé drithlíní orm agus baineann sé cineál gáire shoiniciúil asam freisin.
Tá Gaeil ag aireachtáil mar seo le blianta. Scríobh mise alt ar an suíomh seo ag tús na bliana ag tabhairt amach faoi Sheachtain na Gaeilge. Tuigeann muid nach bhfuil ann ach coicís sa mbliain le gur féidir le chuile dhuine a rá gur spéis leo an teanga agus ansin an caoga seachtain eile sa mbliain a chaitheamh gan smaoineamh uirthi. Tuigeann muid gur ar an easpa suime sa teanga, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht atá an milleán. Is cuma le daoine ann nó as an teanga mar sin ní bhíonn i bplean ar bith ach plámás.
Ach ní hamháin i leith na Gaeilge a airím an tsoiniciúlacht seo. Rud a rith liom inniu nuair a bhí mé ag breathnú ar fhíseán YouTube de chuid Wendover Productions faoin todhchaí atá ag turasóireacht sa spás, ná nach bhfuil údar sceitimíní ag daoine óga atá ag breathnú chun cinn.
San am a tháinig romhainn bhí teicneolaíochtaí nó tionscadail nua ag teacht agus ag teacht ceann i ndiaidh a chéile. I dtús an fhichiú haois bhí carranna ag teacht amach, ansin théis na gCogaí Domhanda bhí tionscadal na n-eitleán agus teicneolaíocht ríomhairí an-nua, ansin bhí fónanna póca agus an t-idirlíon.
Céard atá againne? Bhuel tá daoine in ann ticéid a cheannach le ghabháil suas sa spás. Tá sé daor, cinnte, ach fós féin tá an gnáthshaoránach in ann roghnú a ghabháil suas sa spás.
Ba cheart go mbeadh sceitimíní ar chuile dhuine nár cheart? Bhuel níl i ndáiríre. Chuile uair a théann duine suas sa spás anois cén freagra a bhíonn air? : “Fanadh sé thuas ann. Níl muid á iarraidh anseo. A leithéid de chur amú ama, airgid agus maoine”
Agus cén fáth a bhfuil muid mar seo? Mar aon dul chun cinn a dhéantar is i ngné éicint den saol é nach mbeidh thart faoi cheann 50 bliain má choinníonn rudaí ag gabháil mar atá. Chuile phingin a fheiceann muid á caitheamh is ar rud ar bith faoin spéir é seachas rud éicint a dhéanfadh maitheas don phláinéad ná do na daoine atá ina gcónaí air atá ag streachailt.
Cén fáth nach raibh duine ar bith ar bís ag breathnú ar Jeff ag gabháil suas sa spás ina bhod mór bán? Mar sin é an fear céanna a shaothraigh a chuid ag siúl ar agus ag caitheamh go dona leis an ngnáthdhuine cosúil linn féin. Is mar gheall ar dhaoine mar é atá mic léinn ag fanacht i mbrúnna agus in óstáin seachas lóistín ceart. Nó daoine ina gcuid tríochaidí ag cónaí sa mbaile nó dhá mbrú isteach i seomraí le ceathrar eile ar an aois céanna leo mar a dhéanfá le gasúr ag campa samhraidh.
Is mar gheall ar an gcineál sin duine a bhfuil tinte ag dó ar fud fad an domhain agus an talamh féin ag gabháil go tóin poill.
Mar sin aon uair a chloiseann muid dea-scéala cén chaoi eile a bhféadfadh muid a bheith ach soiniciúil?