‘Níor éirigh le Maigh Eo Sam a mhealladh anoir, tá mise meallta aneas acu!’

Tá a fhios ag gach mac máthar a fhreastalaíonn ar an ollscoil seo na laethanta seo gur as Maigh Eo beirt as gach cúigear mac léinn a mbuailfidh tú leo, ar a laghad. Tá iontas orm nach bhfuil club bunaithe san ollscoil acu fós. 

Bhí mé ag labhairt le cúpla cara idir léachtaí an lá cheana, beirt chailíní as Maigh Eo, agus thosaigh said ag caint ar chluiche éigin a bhí le tarlú ar an deireadh seachtaine. Mar a dhéanfadh gnáthdhuine múinte, d’fhiafraigh mé díobh cén sórt cluiche a bhí le n-imirt. Bhuel beagnach baineadh an cloigeann de mo ghuaillí. 

D’fhoghlaim mé sciobtha go maith ina dhiaidh sin go mbeadh an cluiche ceannais peile, Maigh Eo in aghaidh Thír Eoghan, ag tarlú. As sin amach, ní dheachaigh lá tharam an tseachtain seo caite nár chuala mé tagairt don chluiche ar champas na hollscoile. Chomh maith leis sin, thosaigh mé ag tabhairt faoi deara níos mó agus níos mó bratacha Mhaigh Eo thimpeall chathair na Gaillimhe. Is léir don dall nach duine mé a bhfuil an oiread sin suime i spóirt agam, os rud é nach raibh a fhios agam fiú faoin gcluiche go dtí lá nó dhó roimh ré, ach bhí an t-atmaisféar ar champas fiú spreagúil dom féin.

Leis na sceitimíní ar fad uaidh mhuintir Mhaigh Eo, bhí beagán náire orm nach raibh mórán ar eolas agam faoina gcontae féin. Nach raibh an t-ádh dearg liom go raibh cairde as Maigh Eo agam chun mé a chur ar an eolas faoi. Tá mé a cheapadh gur fhoghlaim mé níos mó i rith na seachtaine nár fhoghlaim mé in aon rang tíreolaíochta riamh! 

D’fhoghlaim mé faoi na radharcanna áille, gurbh é sin an áit ar rugadh an taoiseach Gráinne Mhaol, an áit is fear le rolla sicín filléid a fháil agus an fíric is suimiúla fós, d’fhoghlaim mé faoin mallacht a cuireadh ar fhoireann peile Mhaigh Eo. Níor chuala mise riamh faoi roimhe sin agus is é bun agus barr an scéil ná gur chuir sagart mallacht ar fhoireann Mhaigh Eo nuair a bhuaigh said cluiche ceannais in 1951, agus nach mbeadh sé crochta leo arís acu go dtí go bhfuair gach duine ón bhfoireann sin bás. Déanta na fírinne, ní chreidim mórán sna pisreoga, ach níor bhuaigh Mhaigh Eo ón am sin ar aghaidh, mar sin is féidir a thuiscint cén fáth ar údar conspóide an scéal.

Mar sin féin, bhí dóchas ag an mbeirt chailíní a raibh mé ag labhairt leo go mbeadh an bua ag Maigh Eo an t-am seo. Bhí said cheana féin ag pleanáil cén cineál ceiliúrtha a bheadh acu tar éis an chluiche. Go pearsanta, mhothaigh mé ar nós gur as Maigh Eo mé féín an tseachtain sin, agus an méid a bhí ar eolas agam. Tá mé a cheapadh go raibh mé fiú ag piocadh suas an chanúint tar éis tamaill! 

Faraor, tá a fhios againn ar fad céard a tharla Dé Sathairn, agus cé gur cuma liom faoi spórt agus nár fiú leag mé cos ar ithir Mhaigh Eo cheanna, bhí mé sách díomách faoin toradh. Ar an taobh eile den scéal, is seachtain shuimiúil domsa a bhí ann, agus tá mé ag pleanáil cuairt a thabhairt ar Maigh Eo go luath chun mo chanúint nua a thástáil agus radharc a fháil ar na háiteacha áille sa gcontae sin, mar sin is cosúil gur éirigh le muintir Mhaigh Eo ar bhealach amháin!

SCÉALTA EILE