Nocht ar son an náisiúin!

Tá géarchéim eacnamaíochta ag dul ar aghaidh sa Bhealarúis faoi láthair agus, chun muintir a thíre a spreagadh dul i ngleic leis, d’fhógair an tUachtarán Alyaksandr Lukashenko an tseachtain seo caite gur chóir dóibh “bhur gcuid éadaí a bhaint díbh agus oibrígí go gcuire sibh allas.”

Glaoch paiseanta a bhí ann chun cabhrú le drochstaid an náisiúin ach tá roinnt daoine sa tír tar éis glacadh leis an chomhairle go han-litriúil ar fad.

Ó labhair Lukashenko – nó Batska (Daidí) mar is fearr aithne air – tá na meáin shóisialta lán le grianghraif de na scórtha Bealarúiseach agus iad nocht i mbun a gcuid oibre.

#раздеватьсяиработать (#bínochtagusobair) an haischlib atá in úsáid ag na cleasaithe cliste agus tá daoine anois i dtíortha eile in oirthear na hEorpa ag glacadh páirte sa spraoi chomh maith.

Seo cuid de na grianghrafanna ó Instagram agus Twitter, mar aon le hamhrán a cumadh faoin nós nua nocht seo!

nocht1nocht4nocht3

SCÉALTA EILE