Nósanna Faire agus Torráimh

Tagann an bás chugainn uilig, achan rud chomh cinnte is a ghearrfar cáin orainn uilig. Ina dhiaidh sin is uile, mar atá le cúrsaí cánach, a dtig athrú orthu le mian rialtas, le hioncam, agus le go leor eile, ní bhíonn na mionsonraí féin seasmhach in ainneoin a bhuaine agus atá an feiniméan féin den bhás.

Tá athrú mór ar an dóigh a bpléann muid leis an bhás le blianta beaga anuas de dheasca na dianghlasála a bhain le haimsir na paindéime, mar shampla. Cailleadh agus cuireadh go leor, idir óg agus aosta, gan faire ar an ábhar nach raibh cead ag sluaite teacht le chéile. Cuid mhaith den am, ní raibh cead ach ag líon an-bheag a bheith ag an tórramh fiú.

Bheadh sé deacair do Ghael a cailleadh céad bliain ó shin, dá dtiocfadh sé ar ais ar an tsaol fá choinne lae, dá mbeadh faire chomh beag sin ann.

Comharthaí Báis

Roimh fhaire, dar ndóigh, bhí bás agus creideadh go raibh comharthaí a léiríodh go raibh bás ar na faobhair.

Bhí go leor rudaí, cuid acu aisteach, cuid acu nach mbeadh chomh haisteach sin, a chuir in iúl go mbeadh bás ann: cearc ag scairteadh mar a bheadh coileach ann, éanacha áirithe (spideog nó snag breac ach go háirithe) ag bualadh ar na fuinneoga, brobh a bheith i ruball circe, frog ag teacht isteach sa teach, coileach ag scairteadh dhá uair déag idir 00:00 agus 04:00, agus go leor eile in áiteanna éagsúla sa tír.

Is í an bhean sí an comhartha is clúití, b’fhéidir, agus is féidir linn scéalta uirthi siúd a aimsiú chomh fada siar leis an ochtú haois. Tá sé luaite in Táin Bó Fraích gur gortaíodh Froech (mac leis an bhanríon Mebh) agus gur tháinig 150 bean agus iad ag caoineadh.

Tá an-chuid scéalta faoin bhean seo a bhfuil a caoineadh le cluinstin nuair atá duine chun bás a fháil agus é mar chuid lárnach den scannán Darby O’Gill and the Little People (más gafa le hÉireannachas Hollywood atá tú).

An Fhaire

Agus an bás ann, bhí an corp le ní, le hullmhú, agus le ‘leagadh amach’. Fir a leagfadh amach fear agus mná a leagfadh amach bean. Dar le tuairisc amháin, atá luaite ag Anne Ridge sa leabhar Death Customs in Rural Ireland: Traditional Funerary Rites in the Irish Midlands, ba ghnách an t-uisce lena níodh an corp a chaitheamh amach trí bhalla cloiche sa dóigh nach siúlfadh duine ar an uisce. Dar le tuairisc eile, caitheadh faoi sceach gheal é. Ar aon chuma, ceann de na chéad rudaí le déanamh agus an duine marbh ná an corp a ní.

Cheanglaítí dhá ladhar le chéile le téad chun na cosa a choinneáilt díreach agus ghearrtaí an téad agus an corp á chur sa chónra. Bhí fir le bearradh agus, den chuid is mó, bhíodh fear amháin sa chomharsanacht a rinne an obair sin (seanathair an údair seo a rinneadh sin i gceantar an údair seo, mar a tharlaíonn). 

Rinneadh an corp a fhaire i scioból go minic sna blianta atá imithe thart. Cuireadh tábla ag an cheann is faide ón doras, braillín bhán thar an tábla. Chuirtí snaois agus píopaí (agus ábhar cráifeach) ar an tábla agus cuireadh an corp faoin tábla, ar sheilf a bhí ardaithe rud beag ón talamh. I dTír Chonaill, leagtaí an corp ar an tábla féin go minic dar le cuntas a luaigh Anne Ridge.

Chreidtí nach raibh an t-anam imithe ón chorp go fóill agus gur ghlac sin suas le trí lá. Mar sin de, bhí dualgas ar an bheo brón a léiriú agus an ‘bogadh ar aghaidh’ a dhéanamh níos fusa. Ba ghá doirse agus fuinneogaí a choinneáilt ar oscailt (chun bealach amach a thabhairt don anam) agus scátháin a thiontú chun balla nó a chlúdach (sa dóigh nach dtiocfadh mearbhall ar an anam trí é féin a fheiceáil).

Caoineadh

Dhéanadh mná caoineadh de shaghas thar an chorp ach ní caoineadh mar a thuigeann muid gol sa lá atá inniu ann; dhéanadh siad cantaireacht (mórán siollaí ar an nóta chéanna). Seancheol reacaireachta, mar a bheadh drandán ann, a bhíodh i gceist agus ní bhíodh ann ach fuaimeanna nó siollaí gaoithe agus ainm an duine mhairbh á athrá i gcuid acu. 

Dhéantaí véarsa de seo, an tseanbhean léi féin, agus dhéanadh sí gol de shaghas ag deireadh an véarsa agus thagadh an comhluadar isteach.

Is dócha go raibh dhá fheidhm leis an chaoineadh. Thosaigh seo amach mar rud págánach agus luaigh Breandán Ó Madagáin (a rinne an-obair ar cheol na hÉireann) gur cosúil gur chuid de chaoineadh bunaidh na págántachta é an gol seo ag deireadh an véarsa. 

Sa chreideamh phágánach, tá rud osnádúrtha leis an chaoineadh; seolann sé spiorad an duine mhairbh chuig an domhan eile nó cuidíonn sé leis an duine sin bogadh ar aghaidh. Níos déanaí, ámh, agus Críostaíocht i bhfeidhm ar an tír, is dócha gurb é an rud ba mhó ná gur cuidigh seo leis an bheo chun a mbrón a ligint amach.

Bhí an caoineadh le cluinstin go measartha forleathan go dtí thart fá 70 nó 80 bliain ó shin agus samplaí le cluinstin ar an idirlíon.

Níor phléigh mé ach an bás agus cuid den fhaire go fóill, tá an tórramh nó sochraid go fóill le plé ach tá sé ag éirí mall agus déanfaidh mé sin in alt eile. Tá meán oíche ann; rachaidh mé a luí agus deirfidh mé paidir nach gcluinfidh mé coileach ag scairteach amach.

SCÉALTA EILE